AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Príomh-Aire Mná Ceaptha san Astráil
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Míshásamh, corraíl, uisce faoi thalamh, - tá scéal Phríomh-Aire úr na hAstráile ag Bearnaí Ó Doibhlin dúinn te bruite as taobh theas an domhain.

Íomhá
Agóid in éadan Gillard anuraidh
le Alex Bainbridge, Picasaweb
Íomhá
An Príomh-Aire Julia Gillard
le Adam Carr, Vicipéid
Íomhá
An Príomh-Aire Julia Gillard le Kevin Rudd 2006
le Adam Carr, Vicipéid

Tháinig athrú suntasach ar chúrsaí polaitíochta na hAstráile ar 24 Meitheamh nuair a thug Páirtí an Lucht Oibre bata agus bóthar dá gceannaire, an Príomh-Aire Kevin Rudd, agus toghadh Julia Gillard i gcomharbacht air d’aon ghuth. Ciallaíonn sé sin go bhfuil príomhaire mná ag an Astráil don chéad uair riamh. Eachtra gan choinne ab ea ceapadh Gillard agus tháinig sé aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile.

Ceapadh Kevin Rudd ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ag deireadh na bliana 2006 agus bhí an comhrialtas coimeádach de chuid John Howard i gcumhacht le breis is deich mbliana anuas faoin am sin. Bhí an chuma ar an scéal go bhfanfadh Páirtí an Lucht Oibre ar bhinsí fuara an fhreasúra go ceann tamaill eile mar go raibh an geilleagar láidir agus bhí meas ag na daoine ar Howard, cé nach raibh a lán ceana acu air. Nuair a d’éirigh le Rudd agus a pháirtí an t-olltoghchán a bhuachan i mí na Samhna an bhliain dár gcionn, bhreathnaigh sé do bhaill go leor dá pháirtí go raibh Rudd ina chineál Ungthaigh, nó Meisias, acu. Ba dhia beag acu an t-am sin é.

dronganna éagsúla i bPáirtí an Lucht Oibre le fada an lá, leithéidí na droinge clé agus drong na deise, agus bhí cumhacht láidir acu i stiúradh an pháirtí. Bhíodh sé de nós, mar shampla, go n-ainmnítí gach ball den chomhaireacht ag na dronganna éagsúla, agus ní raibh le déanamh ag an gceannaire ach a bpunann a roghnú. Cháin Rudd an córas ainmniúcháin seo sular ceapadh ina cheannaire é agus thug a pháirtí cead a chinn dó a chomhaireacht féin a roghnú. Ní raibh ceannairí na ndronganna sásta leis an athrú, ach ghlac siad leis go drogallach.

Ag Imeacht le Cóir

Níl aon agó ach go raibh Rudd ar an bpríomhaire a ba mhó meas riamh san Astráil ar feadh dhá bhliain tar éis an olltoghcháin, de réir na bpobalbhreitheanna go léir a foilsíodh le linn na tréimhse sin. Bhí an freasúra ina chíor thuathail ag an am agus measadh go forleathan go mbeadh bua ollmhór ag Rudd sa chéad olltoghchán eile. Maíodh go raibh cuid dá chomhghleacaithe ag éagnach go ciúin ar an tslí a rinneadh cinntí an rialtais gan chomhairle, ach chuir siad suas léi a fhad is a bhí gnaoi an phobail ar a gceannaire.

D’fhógair Rudd anuraidh go raibh athrú aeráide mar “the greatest moral challenge of our generation”. Rinne sé iarracht scéim trádála astaíochta a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an bhfadhb, mar a míníodh ar an iris seo (Eagrán 105, Eanáir 2010). Theip ar an iarracht nuair a tharla scoilt i measc an fhreasúra agus ceapadh ceannaire nua, Tony Abbott, fear a bhí agus atá an-amhrasach faoi chúiseanna an athrú aeráide.

Thug Abbott “an cháin ollmhór nua” ar an scéim trádála astaíochta agus chuaigh a fhrithbheart i gcion ar mhuintir na hAstráile, de réir na bpobalbhreitheanna. Thit an lug ar an lag ar Rudd nuair a mheas sé go gcuirfeadh Abbott bearta scanraithe corraithe in éadan na scéime i bhfeidhm le linn an fheachtais olltoghchánaíochta i mbliana. D’fhógair sé i mí Aibreáin go gcuirfeadh sé siar aon scéim trádála astaíochta go dtí 2013 dá n-éireodh leis san olltoghchán, agus thit a thacaíocht sna pobalbhreitheanna go tubaisteach dá bharr.

Ní raibh sé i bhfad tar éis an athrú intinne seo nuair a d’fhógair Rudd go gcuirfí i bhfeidhm cáin nua, an Resources Super Profits Tax (RSPT), le híoc as tionscadail éagsúla nua. Chuir na comhlachtaí móra mianadóireachta feachtas díogháir in éadan na cánach nua ar siúl, ag maíomh go gcaillfí na mílte post sa tionscal dá bharr, agus caitheadh na milliúin dollar ar fhógraíocht ar an dá thaobh. Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad. Dhiúltaigh Rudd scun scan smaoineamh ar aon athrú mór.

An Rud(d) a Théann i bhFad, Téann sé i bhFuaire

Fad is a bhí tacaíocht do Rudd ag dul in olcas, léirigh na pobalbhreitheanna go raibh an-mheas ag muintir na hAstráile ar a leasphríomhaire, Gillard. Bíodh is go raibh corrthagairt sa tuairimíocht ar mhíshástacht i measc na gcúlbhinseoirí, ní raibh éinne ag súil le haon uisce faoi thalamh agus baineadh siar as beagnach gach duine nuair a d’fhógair Gillard go raibh sí chun dúshlán Rudd a thabhairt.

Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh ceannairí na ndronganna chun tosaigh sa cheannairc. Rinne Rudd comhairle lena chomhghleacaithe agus ba ríshoiléir dó go gcaillfeadh sé an toghchán. Chinn sé go n-éireodh sé as a phost gan troid.

Chuir Gillard deireadh leis an bhfógraíocht i dtaca leis an RSPT a luaithe is a ceapadh í agus tá sí ag iarraidh comhghéilleadh a dhéanamh leis na comhlachtaí mianadóireachta. Dhearbhaigh sí freisin go mbeadh scéim trádála astaíochta ar chlár oibre a rialtais dá n-éireodh léi san olltoghchán. Agus gheall sí go mbeadh sí níos comhairlí ná a bhí a réamhtheachtaí, ní hamháin lena comhghleacaithe sa pháirtí, ach le muintir na tíre i gcoitinne.

Julia Gillard

Is tír í an Astráil atá fothaithe ar inimirce agus léiríonn scéal Julia Gillard an dóigh ar thug inimircigh go leor d’fhorbairt na tíre thar na blianta. Rugadh Gillard in Y Barri, sa Bhreatain Bheag, sa bhliain 1962 agus ba bhreoiteachán í i ngeall ar ghalar scamhóige. Chinn a tuismitheoirí go mbeadh saol ní ba shláintiúla ag an gcailín óg dá mbeadh siad ina gcónaí in áit níos teo. Chinn siad ar Adelaide, san Astráil Theas, an chathair is tirime ar an ilchríoch is tirime, agus d’éirigh go han-mhaith leo ann.

Bhain Gillard céim amach sa dlí agus chaith sí tréimhse ag obair mar dhlíodóir san earnáil chaidreamh tionscail sular thug sí aghaidh ar chúrsaí polaitíochta. Níl sí pósta, an chéad phríomhaire ‘díomhaoinabhus riamh, cé go bhfuil páirtí aici, agus níl clann aici.

Tá áit chónaithe oifigiúil ag Príomh-Aire na hAstráile abhus in Canberra, ar a dtugtar an Lodge. Dúirt Gillard ina chéad phreasagallamh mar phríomhaire nach mbeadh sí ag cur fúithi sa Lodge mura n-éiríonn léi an post a bhuachan ina ceart féin san olltoghchán sna míonna beaga amach romhainn. Tá dúshlán mór roimpi leoga, ach is dóigh liom go mbeidh comharsa nua againn in Canberra roimh dheireadh na bliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.