tabhair freagratabhair freagra #1 Eoin Mac an t-saoir 7 Iúil 2010, 19:53 GMT
Sílim go dtuigim. Tá scéal ar an nós céanna ar siúil anseo i Meiriceá freisin. Deireann an pobal gur mhaith leo “Athrú”, ach cuireann siad in a éadan achan uair atá an dúshlán glactha i ndáiríre.

I mo thuairim, is fadhb chointianta é sa Domhain Thiar—fadhb a bhaineas leis an tsaobhfhealsúnacht “commercialism”. Ó, tuigeann siad go bhfuil fadhbanna doimhne uafásacha ann, fadhbanna gur gá dúinn dul i ngleic leo láithreach bonn. Ach níl siad sásta an strus a fhulaingt. Titeann a misneach astu ar an chéad dul chuige. Mura mbfhuiltear abálta freagra furasta a fhail gan phian, níl an pobal sásta leis.

Ar ndóigh, i Meiriceá ar a laghad, ní bhíonn daoine ar an eolas i gceart. Fiú má tá taithí inteacht acu le gnó, níl a fhios acu faoi a lán dena staidrimh is lárnaí don cheist—go bhfuil na rátaí cánach ar chorapráidi chomh híseal agus a bhí siad am ar bith tar éis an Dara Cogaidh Domhanda, agus go bhfuil dlúthú uafásach sna hearnálacha tionsclaíochta agus airgeadais.

Ní dhéanfaidh polaitíocht an fhreasúra níos fearr, ach ní chaithfidh siad. Fad is a chuirtear stop go hiomlán leis an dul chun cinn, tá a gcuid oibre déanta acu.
tabhair freagratabhair freagra #2 Peadar Mac Muiris 9 Iúil 2010, 15:37 GMT
Maith thú, a Bhearnaí, coinnigh ort! Thaitin an 2 leabhar bheaga liom! Tá mé ag an aois sin - ag dul ar ais i mo leanbaíocht!

Peadar
tabhair freagratabhair freagra #3 Novparl 15 Iúil 2010, 18:14 GMT
Poor old Kev Rudd. That's what happens if you take on big business. Especiall Broken Hill Billabong. What the solution is, I don't know.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!