AR NA SAOLTA SEO
Poblachtánaigh áirithe den bharúil anois gur naimhde iad an IRA
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.

Íomhá
Robert McCartney, a dúnmharaíodh i mBéal Feirste ag deireadh mhí Eanáir
Íomhá
Triúr de chuid deirfiúracha Robert McCartney
Íomhá
'Líne na Síochána', An Trá Ghearr

Nach iontach iad na deirfiúracha McCartney. Bí ag caint ar “luachanna teaghlaigh”. Mar atá a fhios ag an tsaol mhór anois, maraíodh Bert McCartney (33) (agus gortaíodh cara leis go dona) ar an 30 Eanáir i ndiaidh scliúchais a tharla idir é féin agus baill de chuid an IRA i dteach tábhairne i lár Bhéal Feirste.

De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d’imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.

Is iomaí duine a d’fhágfadh mar sin é, ach tháinig deirfiúracha Robert chun tosaigh agus pobal iomlán na Trá Giorra ar a gcúl ag iarraidh cúitimh, ag maíomh go raibh Sinn Féin agus an IRA ag cosaint na ndaoine a mharaigh Robert.

Is ceantar ar leith é an Trá Ghearr. Is bailiúchán de shráideanna beaga Caitliceacha é atá timpeallaithe ag ceantracha móra Protastúnacha. I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine. Ar scáth a chéile a mhair siad agus chothaigh meon seo an léigir cruas agus ceanndánacht iontu in aghaidh a naimhde.

Is é an difear mór inniu ná go n-áirítear an IRA agus Sinn Féin i measc naimhde na ndaoine, dar leis na deirfiúracha agus, is cosúil, tromlach mór de bhunadh an cheantair. Seo rud nach bhfuil [poblachtánaigh] cleachtaithe leis.

Ionsaí

miotaseolaíocht ann (bunaithe ar an fhírinne) gur shábháil an IRA an Trá Ghearr i mí an Mheithimh 1970 nuair a d’ionsaigh ollscaifte Protastúnach í. Ach go bé snípéirí de chuid an IRA (mharaigh siad triúr agus maraíodh ball amháin dá gcuid) thabharfaí an drochbhail chéanna ar an cheantar is a tugadh ar Bombay Street agus ar shráideanna eile a dódh go talamh le linn laetha luatha na dTrioblóidí.

De réir cheannaire an IRA, Billy McKee, a gortaíodh le linn na tréimhse seo, chuir an dóigh ar chosain na hÓglaigh an ceantar deireadh leis an mana "IRA = I Ran Away" a bhí le cluinstin ag tús na dTrioblóidí agus dhaingnigh an dearcadh gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail.

Tháinig an IRA chun cinn arís i 2002 le linn na gcoimhlintí idir pobal an cheantair agus a gcomharsanaigh i Cluan Place - arís, scaoileadh urchair, gortaíodh daoine ach níor maraíodh aon duine. Arís, ba iad na Sealadaigh a chosain an Trá Ghearr, i súile na ndaoine.

Trí bliana níos moille agus tá gach rud athraithe, athraithe chan amháin sa Trá Ghearr ach ar fud an oileáin.

Tá sé athraithe go háirithe i measc na náisiúnaithe, athraithe ag robáil Bhanc an Tuaiscirt (táthar ag cur ceiste cad chuige ar robáil an IRA é, cén úsáid a bhainfí as an airgead?); tá sé athraithe ag dúnmharú Robert McCartney agus, b’fhéidir, Stephen Montgomery, i dtuaisceart na cathrach.

Tá sé athraithe in iompar an rialtais agus na páirtithe polaitíochta ó dheas maidir le Sinn Féin.

Den chéad uair, tá an pobal náisiúnach ag glacadh leis, de cheal “na streachailte armtha”, gur beag *raison d’etre *atá ag an IRA.

Is cuimhin liom féin laetha deireanacha chogadh Vítneam nuair a bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh teacht ar “aistarraingt onórach” on tír.

Tá bunús na ndaoine ag súil go bhfuil an IRA ag iarraidh teacht ar an rud céanna. Is é sin amháin, scor an IRA, a bhogfas gluaiseacht na poblachta ar ais i dtreo an talaimh ard mhorálta.

Ag scríobh dó in Daily Ireland, páipéar a mhaíonn go dtugann sé guth ar bhonn laethúil do náisiúnaithe na Sé Chontae, scríobh Tom McGurk, fear a bhfuil cáilíochtaí maithe poblachtánacha aige: "… all the bitching and complaining about enemies and securocrats and historical reference points is just so much hot air.” Ouch.

Agus le linn di bheith i mBéal Feirste, dúirt an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa, arb as ceantar láidir náisiúnach, Ard Eoin, í féin: “It is time to close the door on the tradition of armed struggle and to bring a dignified and principled end to the debate started by Daniel O’Connell ... It is time to make a hope-filled, humanly decent start to the shared future that is the unarguable entitlement of the next generation.

Coiriúlacht

Tá na deirfiúracha McCartney, ar vótóirí iad a thacaíonn le Sinn Féin (nó a thacaigh, ba chirte a rá faoi láthair), ag díriú spotsolais ar “choiriúlacht phoblachtánach”, coincheap nárbh ann dó dar le cuid mhór daoine, dhá fhocal nár chualathas le chéile riamh in iarthar Bhéal Feirste nó i ndeisceart Ard Mhacha.

Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.

Is mithid don IRA scor mura bhfuil sé le dul chun drabhláis. (Táthar ag caint cheana féin ar an sean-IRA, is é sin an IRA roimh 1994!)

Ach i gceantracha beaga scoite náisiúnacha mar an Trá Ghearr, beidh cúis imní an-mhór i gcónaí ann: cad é tharlóidh má thagann ollscaifte dílseoirí chun na háite? Cé a chosnóidh an ceantar?

Ní mór aghaidh a thabhairt ar an cheist sin fosta.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.