TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Pléaráca Chonamara
Meta Uí Mháille Meta Uí Mháille

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Meta Uí Mháille, Pléaráca Chonamara Teoranta, Ros Muc, Conamara.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin i bPléaráca Chonamara Teoranta (PCT) agus cén fhad atá tú sa phost?

Is Oibrí Pobail mé leis an eagraíocht ó bhí 1994 ann.

  1. Cathain a bunaíodh PCT agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Pléaráca Teoranta, an Scéim Ealaíon Phobail, i 1993 mar scéim phíolótach trí bliana faoi chlár de chuid na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta le maoiniú ón gClár Europach Horizon. Ó 1997 tá Pléaráca dhá mhaoiniú ag Clár Forbartha Pobail (CFP) na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Is iad an coiste a bhí i mbun eagrú Fhéile Phléaráca Chonamara a bhunagh Pléaráca Teoranta. Dream as ceantair éagsúla i nGaeltacht Chonamara a bhí i gceist.

  1. Cén fáth ar bunaíodh PCT?

Bunaíodh Pléaráca Teoranta:

(a) Chun sprid agus meanma na ndaoine sa bpobal a ardú agus a gcomhfhiosacht mar phobal Gaeltachta a neartú.

(b) Chun díriú ar ghrúpaí áirithe sa bpobal atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar imeallú agus bochtanas:

Mná nach bhfuil fostaithe taobh amuigh den teaghlach Tuismitheoirí aonair Daoine óga dífhostaithe a d’fhág an scoil go luath Daoine aosta, go mór mór iadsan atá ina gcónaí leo féin Daoine dífhostaithe/feirmeoirí beaga

(c) Chun cabhrú le grúpaí pobail a bhfuil ganntannas áiseanna agus deiseanna orthu, imeachtaí oideachasúla, sóisialta agus cultúrtha a eagrú.

(d) Chun tuiscint a fhorbairt, go mór mór i measc daoine óga, ar chomh tábhachtach is atá a n-oidhreacht teanga agus chultúrtha do thodhchaí an phobail.

(e) Chun cultúr agus modhanna ealaíon dúchais an cheantair a chothú agus a fhorbairt, mar fhórsa aontais sa phobal agus mar bhunús le féiniúlacht an cheantair.

(f) Chun seans a thabhairt do dhaoine a dtallann agus a gcruthaitheacht féin a aimsiú agus a fhorbairt agus seans a thabhairt dóibh cur lena gcuid scileanna trí cheardlanna oiliúna a eagrú dóibh, sa gcaoi is go mbeidh seans níos fearr acu obair fhiúntach a fháil sa gceantar.

(g) Chun tuiscint a fhorbairt agus a scaipeadh ar céard is cúis le míbhuntáiste agus le bochtanas sa phobal agus iarracht a dhéanamh dearcadh daoine agus polasaithe eagraíochtaí a athrú le go mbeidh seans níos mó ann go ndéileálfar leis na cúiseanna amach anseo.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an gcomhlacht anois?

Tá triúr fostaithe ag PCT: beirt oibrithe pobail faoin CFP, oifigeach ealaíon le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, agus tiománaí faoin scéim Tús Nua.

  1. Cén obair a dhéanann PCT ó bhliain go bliain?

Reachtáiltear clár leathan imeachtaí i rith na bliana agus tá sé i gceist againn cur leis sin, de réir mar a thiocfaidh éileamh ón bpobal. Seo iad na príomhimeachtaí agus na príomhsheirbhísí a chuirimid ar fáil:

Clár ealaíon don óige Campaí samhraidh Féile bhliantúil Iris bhliantúil, Pléaráca Geamaireachtaí Clár imeachtaí do dhaoine fásta Turais eolais Cruinnithe eolais Imeachtaí sóisialta Seirbhís taistíl do dhaoine aosta chuig Ionad Lae Ros Muc agus Chamuis Seirbhís taistíl chuig síopaí an cheantair Dé hAoine i gCeantar Ros Muc Seirbhísí oifige – rúnaíocht, cur le chéile CVanna, fótócoipeáil agus facsáil Trealamh fuaime ar cíos Seirbhís leabharlainne agus cibearchaife Tacaíocht do choistí áitiúla atá ag plé le féilte agus imeachtaí áitiúla Páirteach sa Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile Tacaíocht do dhaoine homaighnéasacha agus a muintir

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Clár forbartha pobail na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; Ealaín na Gaeltachta; an Chomhairle Ealaíon; Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe; Comhairle Contae na Gaillimhe; Cumas Teo.; Iomairt Cholm Cille; Bealach.

Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht ar fad a fhaighimid. Taobh amuigh de mhaoiniú an Chláir Forbartha Pobail, tá gá le maoiniú fadthéarmach, go mór mór ó thaobh an chláir ealaíon de.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá cuid mhaith de na spriocanna a bhí leagtha amach ag an tús bainte amach.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PCT?

Na laigeachtaí:

Easpa foirne. Éiginnteacht maidir le maoiniú chuile bhliain ó thaobh an chláir ealaíon de. Easpa áiseanna.

Láidreachtaí:

Coiste láidir deonach. Lonnaithe i gceantar láidir Gaeltachta. Tá féinmhuinín agus féiniúlacht cothaithe ag Pléaráca sa bpobal, ag úsáid na n-ealaíon pobail mar uirlís fhorbartha pobail. Tá gaol maith forbartha leis na heagrais Stáit, na meáin chumarsáide, scoileanna, coistí agus eagrais phobail agus le pobal na Gaeltachta go ginearálta.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an PCT faoi cheann cúig bliana.

Aitheantas do na healaíona pobail mar uirlís fhorbartha pobail. Toradh bheith ar an gClár Óige: ealaíontóirí, scríbhneoirí agus aisteoirí óga bheith ag baint úsáide as a gcuid scileanna mar theagascóirí/áisitheoirí agus ag baint amach fostaíochta sna réimsí seo sa nGaeltacht. Muinín an phobail, idir óg agus aosta, a spreagadh sa teanga agus sa gcultúr aitiúil sa sprioc-cheantar atá ag Pléaráca faoi Chlár Forbartha Pobail

Chamus/Ros Muc agus Chill Chiaráin. Is ceantar láidir é ó thaobh na Gaeilge ach is é an ceantar is measa ó thaobh fostaíochta agus infrastructúir de. Go mbeadh siad in ann a gcearta a fháil dá gceantar, agus slí mhaireachtála a bhaint amach ag úsáid a n-acmhainní nádúrtha agus cultúrtha.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Go ndéanfaí an Ghaeilge a neartú i measc phobal Ghaeltacht Chonamara, agus go ndéanfaí na healaíona dúchasacha agus nuálacha a chothú.

Go dtabharfaí aitheantas speisialta do na ceantair láidre Ghaeltachta, arb iad na ceantair is lú forbartha iad.

Go ndéanfaí infrastructúr agus fostaíocht a fhorbairt, dírithe ar acmhainní nádúrtha an cheantair.

Go mbeadh deis ag daoine maireachtáil ina gceantar dúchais féin.

Pléaráca Chonamara Teo., Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe Guthán: (091) 574346 / 574021 Faics: (091) 574346 plearaca@eircom.net; www.plearaca.ie

Tá níos mó eolais le fáil faoi gComhdháil Cheilteach ag: www.evertype.com/celtcong/cc-home-en.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.