AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Pictiúr meilte, tíogar ceilte
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Mhaígh turasóir Gearmánach i mí Feabhra go bhfaca sé an tíogar Tasmánach, ainmhí a d’imigh in éag beagnach seachtó bliain ó shin. Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá
Mharaigh go leor daoine an tíogar Tasmánach ar mhaithe le fordheontas a fháil

Ní raibh ann ach dhá phictiúr a tógadh go sciobtha. Pictiúir d’ainmhí (nó cuid de) a tógadh sa Tasmáin i dtús mhí Feabhra. Bhí stríoca suntasacha le feiceáil ar dhroim an ainmhí. Ní raibh aimhreas ar bith cén sort ainmhí a bhí ann – an tíogar Tasmánach.

Tá cúpla deacracht ag baint leis an scéal. Tá sé éasca go maith le bogearraí an lae inniu athrú a dhéanamh ar phictiúir de chuile chineál. Agus dá bhfeadfadh muinín bheith ag duine as na pictiúir, tá deacracht beag eile ann: glactar leis go forleathan gur cailleadh an tíogar Tasmánach deireanach sa zú i Hobart i 1936. Cén chaoi mar sin an mbeadh ceann acu le feiceáil in 2005?

Turasóir as an nGearmáin a thóg na pictiúir. Chuaigh sé féin agus a dhriotháir (a bhfuil cónaí air i Victoria) i muinín beirt saineolaithe a bhfuil seantaithí acu ar an tíogar. Tar éis dianscrúdú a dhéanamh, dúirt siadsan má bhí na pictiúir iontaofa go raibh siad sásta gurb é an tíogar ceilte a bhí le feiceáil iontu. Ó shin i leith tá sé ina achrann faoi na pictiúir – an bhfuil siad muiníneach, nó ar déanadh láimhdeachas orthu?

Tá stair truamhéalach ag baint leis an tíogar Tasmánach. In ainneoin a ainm, ní tíogar é agus níl aon ghaol aige leis an tíogar. Bhíodh sé le fáil ar fud na hAstráile i bhfad ó shin ach le 2,000 bliain ní raibh sé le fáil ach sa Tasmáin. Nuair a cuireadh tús le feilméaracht sa stát sin ag tús an naoú céad déag, rinneadh clamhsán go raibh siad ag marú caorach agus ainmhithe eile. Tairgeadh fordheontas do gach tíogar a mharófaí. Glacadh leis an dúshlán seo le fonn agus nuair a cuireadh deireadh leis an sléacht i 1930, ní raibh ach glaic bheag fanta. Bhí an dochar déanta agus ní fhéadfaí iad a shábháil.

na céadta tuairisc faighte ó shin ó dhaoine a dúirt go bhfaca siad an tíogar in áiteacha éagsúla ach is é an t-ól nó diabhlaíocht is cúis leis an gcuid is mó acu sin. Dúirt saineolaí amháin a bhfuil na scéalta sin ar fad cloiste aige nach raibh ach dhá thuairisc ó 1936 i leith gurbh fhiú fiosrú dáiríre a dhéanamh orthu agus, sa dá chás sin, nach raibh fianaise ar bith aimsithe go raibh an t-ainmhí fós beo.

Tháinig an cor is deireanaí sa scéal an tseachtain seo caite. Bhí sé geallta ag The Age *(Melbourne) agus ag a pháipéar gaolta an *Sydney Morning Herald go gcuirfidís na pictiúir i gcló ach, ag an nóiméad deireanach, dúirt siad nach gceannódh siad na pictiúir mar nach raibh siad sásta go bhféadfaí muinín bheith acu astu. Is cosúil go mbeidh an tíogar ceilte go ceann píosa eile.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.