TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Oileán Cléire: Inis Dáimh Léith ar an Naoú Toinn
Górdan Ó Ceadagáin Górdan Ó Ceadagáin

Tugann Beo! cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach . In alt na míosa seo, cur síos ag Górdan Ó Ceadagáin ar Oileán Cléire, amach ó chósta Chorcaí.

Íomhá
Cumar, príomhbhaile an oileáin
Grianghraf: Górdan Ó Ceadagáin
Íomhá
An Charraig Aonair
Grianghraf: Górdan Ó Ceadagáin
Íomhá
Ag féachaint ó thuaidh ar Chnoc Fhosta
Grianghraf: Górdan Ó Ceadagáin
Íomhá
Íomhá

Oileán Cléire suite naoi míle amach ó chósta Chairbre in iarthar Chorcaí, agus is é an t-oileán is de Chéad Oileán Chairbre é. Is é an talamh is sia thiar ó dheas in Éirinn go bhfuil cónaí ann, agus trí mhíle ar faid agus dhá mhíle ar leithead de mhéid ann. Is oileán sléibhtiúil é Cléire a shíneann go réidh isteach sa bhfarraige ar cheann thoir is ó thuaidh, ach faillteacha arda dubha mar fhalla mór i gcoinnibh na farraige ar an gceann thiar is ó dheas.

Triallann na céadta saineolaí ann gach bliain chun staidéar a dhéanamh ar an bhfásra agus ar an éanlaith faoi leith atá le fáil san oileán. Tagann Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh aniar aneas timpeall ar an oileán, rud a fhágann an aimsir gan bheith róthe rófhuar, agus rud a fhágann caipín ceo ar chnocaibh Chléire go minic.

Deirtear gur tugadhInis Dáimh Léithar Chléire sa tseanreacht. fhéachtar fós aduaidh ar an oileán, dealramh dáimh air, a cheann is a dhroim in airde, ag snámh siar i dtreo Charraig Aonair, agus na trí Laotha ina theannta sa Bhá Thuaidh. ráite sa tseanchas go bhfuil Cléire ar an Naoú Toinn. Inseann san gur áit speisialta é, toisc bhíonn thar an naoú toinn amach, Éire fágtha i do dhiaidh agat agus An Saol Eile sroichte agat.

Cléire Chiaráin

=======

d’éileamh ar Chiarán naofa gur thug an Chríostaíocht go Cléire sarar tháinig Pádraig go hÉirinn. Saolaíodh Ciarán i gCléire, ach is sásta a bhí draoithe an oileáin nuair a tháinig abhaile tráth ag scaipeadh creidimh nua. Do cheanglaíodar cloch bhró timpeall ar mhuineál Chiaráin agus do caitheadh isteach sa bhfarraige é. Níor bádh é, ach deineadh bád cloiche as an mbró, agus do sheol Ciarán go Corn na Breataine. Is é an duine céanna é Ciarán Chléire agus Naomh Piran Chorn na Breataine, agus tagann muintir na tíre úd fós ar oilithreacht go Cléire pátrúin an naoimh, an 5ú Márta. cabhlach de sheanséipéal an oileáin, Cill Chiaráin, fós le feiscint. tógtha sa láthair a ndúrthas an chéad aifreann riamh in Éirinn. Raghaidh éinne a chuirtear i reilig na cille sin go díreach go neamh, gan aon bhaol súil a leagadh ar Ifreann ar Phurgadóir.

An Ghaeltacht

Is é an ceantar Gaeltachta is sia ó dheas é Cléire: “from Cape Clear to Cape Wratha deirtear i mBéarla, is é sin gur labhraíodh an teanga Gaolainne ó dheisceart na hÉireann go tuaisceart na hAlban. Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an .

Gaolainn ag formhór mhuintir an oileáin, go háirithe ag na daoinibh a rugadh agus a tógadh ann. Is féidir gach gnó a dhéanamh san oileán trí mheán na Gaolainne, ach caitear casadh ar an mBéarla chun aon ghnó a dhéanamh lasmuigh den oileán leis an rialtas. Múintear an scoil náisiúnta trí Ghaolainn, ach níl aon scoil dara leibhéal san oileán.

deacrachtaí móra ann an teanga a chaomhnú agus a sheachadadh síos trísna glúintibh. laghdú i líon na ndaoine ar an bhfadhb is . De réir dhaonáireamh na bliana 1831 bhí 1,057 duine ag maireachtaint san oileán, ach faoi cheann na bliana 1991, bhí sin laghdaithe go 135. seanchas agus oidhreacht an oileáin caomhnaithe sa teanga agus cúnamh is ea é sin go mór chun an teanga a choinneáil. I dteannta leis sin, dhá choláiste Gaolainne san oileán a reáchtálann cúrsaí i gcaitheamh an tsamhraidh.

litríocht mhór sa teanga ann ó dhúchas Chléire chomh maith, ó bhéal agus scríte, na trí leabhar thábhachtacha Seanchas Chléire, Aistí ó Chléire agus Céad Fáilte go Cléire san áireamh.

Oidhreacht agus tionscal

=======

hamháin go bhfuil áilleacht an cheantair tarraingteach do chuairteoirí, agus fásra agus éanlaith mar ábhar spéise do shaineolaithe, ach bíonn cuid mhór imeachtaí eile ar siúl chomh maith. saibhreas mór oidhreachta agus iarsmaí seandálaíochta ar fud an oileáin, Cill Chiaráin, Dún an Óir agus Cloch Chléire i measc mórán eile. siopa, oifig an phoist, leabharlann, iarsmalann, tithe tábhairne, brú óige, bialanna agus roinnt mhaith lóistín ar fáil. Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.

Bíodh is go bhfuil tionscal na turasóireachta tábhachtach don oileán na laethanta atá anois ann, dob iad an t-iascach agus an fheirmeoireacht príomhthionscail an háite go traidisiúnta. Faoi mar a deirtear san amhrán:

Oileán is ea Cléire i gceann thiar theas na hÉireann, Iascaire is ea gach éinne mhaireann ann beo.

I dteannta leo sin, Potaireacht Chléire, Gabhair Chléire (uachtar reoite agus cáis déanta as bainne na ngabhar), agus tionscail bheaga eile a thuilleann teacht isteach airgid don oileán.

Leis an trí shórt bídh dob ansa le Fionn Mac Cumhaill luaitear:

Iascach mara muirí ó chríochaibh Bhaoi is Bhéarra, Méarán Faoide fíorghlaine, duileasc ó chuantaibh Chléire.

Cuairteoirí a tháinig go minic go Cléire dob iad Fionn agus na Fianna, agus cuirfearfáilthe fhaíoch fhlaithiúil Chléireach ón gcroí amachroimh éinne eile a dheineann an turas thar na tonnta ó Éirinn, ó aon áit eile ar domhan, go Cléire. Ach iad a bheith faichilleach gan sleamhnú thar an naoú toinn amach.

cónaí ar Ghórdan Ó Ceadagáin in aice le Cathair Chorcaí, áit a bhfuil ag múineadh daoine bodhra. Is de shliocht Oileán Cléire é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.