CÚRSAÍ SPÓIRT
Obair an bhainisteora – obair gan bhuíochas!
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta, in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.

Íomhá
Iarbhainisteoir fhoireann sacair na hÉireann, Brian Kerr
Íomhá
Ger Loughnane: duine eisceachtúil

dea-bhainistíocht agus bainisteoirí maithe i ngach gné den saol an-tábhachtach, cúrsaí spóirt san áireamh. Ach, in ainm Dé, cé bheadh ag iarraidh bheith ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann? Agus an t-alt seo á scríobh agam, níl Brian Kerr ina bhainisteoir níos mó ar an bhfoireann sin. Rinne sé a sheacht míle dícheall ar feadh dhá bhliain go leith chun foireann na hÉireann a ullmhú agus a threorú chomh fada le cluichí ceannais Chorn an Domhain sa Ghearmáin in 2006. Ach ar chúis amháin nó cúis eile, níor éirigh leis. Dá bhrí sin, níl aon mhaith ann agus níl téarma eile mar bhainisteoir á thairiscint dó ag cumann sacair na hÉireann, an FAI.

Sna laethanta roimh chinneadh an FAI agus roimh agus tar éis an chluiche cháilithe dheireannaigh i gcoinne na hEilvéise, rinneadh an t-uafás plé agus cur agus cúiteamh faoi Brian Kerr agus faoi fhoireann na hÉireann. Ba ghearr le tubaiste náisiúnta ar aon dul le cath Chionn tSáile an toradh i gcoinne na hEilvéise i bhfianaise a raibh á thuairisciú i nuachtáin, agus ar stáisiúin raidió agus teilifíse na tíre. Chuile lá bhí gné eile den scéal á cíoradh agus á hiniúchadh agus anailís á déanamh ar na bealaí éagsúla ina ndeachaigh Brian Kerr ar strae agus ag míniú dúinn cén fáth nárbh é an duine ceart don phost. Sílim féin go raibh cuid mhaith den mhí-ádh air sa mhéid is go raibh imreoirí tábhachtacha in easnamh de bharr iad bheith gortaithe nuair a bhí géarghá leo agus ní raibh mórán imreoirí den mhianach ceart ar fáil ar aon nós.

Fiú amháin in aimsir Jack Charlton, an tréimhse ab fhearr riamh ag foireann sacair na tíre seo, nuair a bhí imreoirí cumasacha láidre a raibh carachtar agus cinnireacht ag baint leo (Bonner, Moran, Whelan, Townsend, Houghton, etc) ar fáil, bhí an t-ádh ar Jack Mór ó am go ham maidir le cáiliú do chomórtais Eorpacha nó Dhomhanda. Cuimhnigh ar chúl Gary McKay (Albain) a chinntigh go rachadh foireann Jack go dtí an Ghearmáin i 1988 nó cúl Alan McLoughlin i gcoinne Thuaisceart Éireann i 1993. D’fhéadfá a rá go raibh an t-ádh le Jack Charlton agus nach raibh ádh ar bith ar Bhrian Kerr. Teastaíonn beagán den ádh ó bhainisteoir ar bith, cuma cé chomh maith is atá sé.

Léiríonn scéal Brian Kerr agus bhainistíocht fhoireann sacair na hÉireann díchiall áirithe a bheith ar chuid mhaith de lucht na meán cumarsáide sa tír seo agus ar chuid mhaith den phobal i gcoitinne maidir le foireann na hÉireann. Tar éis an tsaoil, ní tragóid náisiúnta ná aon ní dá leithéid a bhí ann nár cháiligh foireann na hÉireann do Chorn an Domhain. Is é fírinne an scéil ná nach raibh an fhoireann sách maith agus caifear glacadh leis sin. Cinnte bhí fir mhóra ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí tar éis na “tubaiste”, ach is é an fáth a bhí leis sin ná gur thuigeadar nach mbeidís ag caitheamh cúpla seachtain ar an drabhlás sa Ghearmáin an samhradh seo chugainn. Ar an taobh eile den scéal, déarfainn gur lig cuid mhór de mhná na hÉireann osna mór áthais uathu agus iad ag smaoineamh ar an méid airgid as ioncam an teaghlaigh nach mbeadh caite i mbeirgarten na Gearmáine in 2006!

Drochthorthaí

Rud amháin a léiríonn an scéal seo ná an brú mór a bhíonn ar bhainisteoirí i gcúrsaí spóirt go minic. Tarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil ag éirí go maith leis an bhfoireann atá faoina gcúram. Fuaireas tuiscint ar an mbrú sin agus mé i mo roghnóir ar fhoireann iomána sinsear Átha Cliath. Bhí fíor-dhrochthorthaí ag an bhfoireann in 2004 agus 2005 agus chuir sin an-bhrú agus strus ar an mbainisteoir Humphrey Kelleher, a bhí ag obair go dian ar son na foirne. Ach bhí imreoirí éagsúla nach raibh ar fáil ar chúis amháin nó ar chúis eile agus, ar deireadh thiar, chinn coiste an chontae ar Humphrey a bhriseadh as a phost. Bhí cosúlacht idir cás Humphrey Kelleher agus cás Brian Kerr sa mhéid is nach aon ádh leo agus go ndeachaigh na torthaí ina gcoinne. Thosaigh daoine ag éirí mífhoighdeach agus cáinteach ansin. Ar deireadh, baineadh an fhreagracht uathu, ainneoin a gcuid iarrachtaí.

Ach cén chaoi a mbraitheann bainisteoirí fúthu féin agus faoin obair atá ar siúl acu? Tá chuile dhuine difriúil gan dabht agus a scéal féin aige. Aon uair a bhíos féin i gceannas ar fhoireann, cuma cén grád nó aois, bhínn an-dian orm féin aon uair a bhí cluiche caillte. I gcónaí dhéanainn anailís ar gach rud a rinne mé agus ar gach cinneadh a thóg mé. Is minic a chuir mé an milleán orm féin má chaill an fhoireann cluiche – toisc nár athraigh mé imreoir nach raibh ag imirt go maith nó nár chuir mé ionadaí ar an bpáirc in am agus mar sin de. Ní déarfainn riamh nach bhféadfainn níos mó a dhéanamh nó go ndearna mé gach rud i gceart, go mór mór i gcás cluiche a chailltí le cúilín nó dhó.

Ní dóigh liom gur chóir an milleán a chur ar na himreoirí fad is a dhéanann siad a ndícheall ó thaobh traenála de. B’fhéidir go bhféadfadh imreoir é féin a ullmhú níos fearr roimh chluiche uaireanta, ach mura bhfuil an fhoireann ullamh nó réitithe i gceart, nó traenáilte nó aclaí go leor, tá cuid mhór den locht ar an mbainisteoir. Braitheann sé ar an mbainisteoir an fhoireann a ullmhú agus a roghnú agus a chinntiú go bhfuil sí réidh don chluiche. B’fhéidir go mbeadh mí-ádh ar bhainisteoir imreoir a chailleadh tré ghortú nó tinneas agus gan imreoir chomh cumasach aige lena áit a thógáil, ach taobh amuigh de na gnéithe sin atá taobh amuigh de smacht an bhainisteora, is ar an mbainisteoir atá an fhreagracht.

Creidim go bhfuil an bainisteoir fíorthábhachtach. Ní bhuann foireann gan bainisteoir maith nó foireann mhaith bhainistíochta. Ní bhuafadh an Clár i l995 agus l997, mar shampla, gan Ger Loughnane. Duine eisceachtúil atá ann agus bhí sé i gceannas ag an am ceart san áit cheart chun foireann a bhí meánach go leor a ullmhú chun Craobh na hÉireann a bhaint amach. Gan dabht bhí agus bíonn imreoirí maithe ag teastáil chun an bua a fháil. Ach tá an bhainisteoir chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí. D’fhéadfá a rá gur dóigh go mbuafadh Cill Chainnigh nó Corcaigh Craobh na hÉireann bliain ar bith toisc go bhfuil rogha chomh mór sin d’imreoirí maithe ag an dá chontae.

Is cinnte go bhfuil tasc Brian Coady níos éasca ná tasc cibé duine atá i bhfeighil ar fhoireann Uíbh Fháilí, cuir i gcás, toisc go bhfuil i bhfad níos mó imreoirí den scoth i gContae Chill Chainnigh. Ach, mar sin féin, mura bhfuil an t-ádh ort agus mura bhfuil rith an ráis leat, dheamhan mórán gur féidir leat a dhéanamh faoi. Chaill Brian Cody a lántaca i rith an tsamhraidh agus bhain Gaillimh leas iomlán as an laige a fágadh ar fhoireann Chill Chainnigh dá bharr. Ní fhéadfadh Brian Cody mórán a dhéanamh faoi sin. É sin ráite, caithfidh duine éigin a bheith i gceannas agus an fhreagracht a ghlacadh. Sin mar atá saol an bhainisteora.

Cáineadh agus drochíde

Mar sin, cé bheadh ag iarraidh bheith ina bhainisteoir i gcúrsaí spóirt? Cén saghas duine atá in ann post mar sin a ghlacadh agus an fhreagracht agus an cáineadh agus an drochíde a fhulaingt muna mbíonn na torthaí go maith? Agus bíonn drochíde agus masla go minic i gceist. Ní gá ach cuimhneamh ar chás Tommy Lyons i ndeireadh a ré mar bhainisteoir ar fhoireann pheile Átha Cliath. Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne agus lucht tacaíochta Átha Cliath a bhí i gceist!

Is daoine ar leith iad na bainisteoirí i gcúrsaí spóirt. I gcomhthéacs Chumann Lúthchleas Gael, bíonn brú mór i gceist de bharr tnúthán daoine i leith fhoireann an chontae. Bíonn lucht “tacaíochta” thar a bheith gearánach, cáinteach go minic agus lochtann siad bainisteoir gan an dara smaoineamh. Is iontach an duine é nuair atá ag éirí go maith leis an bhfoireann, ach chomh luath is a thosaíonn foireann ag cailleadh, is é an duine is measa ar domhan é.

Seasann an bainisteoir ina aonar i ndeireadh thiar. Má bhuann an fhoireann, moltar na himreoirí. Má chailleann an fhoireann, cáintear an bainisteoir agus cuirtear an milleán air. Aisteach go leor, is annamh a chuirtear na bainisteoirí san áireamh roimh chluiche. Ní deirtear, cuir i gcás, go mbuafaidh foireann amháin toisc go bhfuil bainisteoir níos fearr acu. De ghnáth, cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile, tacaithe v tosaithe ar an dá thaobh, etc. I ndiaidh an chluiche, áfach, athraíonn an port. Dírítear níos mó agus níos mó ar an mbainisteoir agus ar gach a ndearna nó nach ndearna sé. Ar deireadh, is é an bainisteoir a chaill an cluiche agus ní na himreoirí ar an bpáirc!

In ainneoin sin ar fad, fós glacfaidh daoine leis an bpost agus tabharfaidh siad a gcuid ama agus dúthrachta go fial agus fios maith acu gur dóigh go mbeidh fonn ar dhaoine iad a chrochadh ó chrann ard lá níos faide anonn. Níl ciall ar bith acu. Molaim iad!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.