AR NA SAOLTA SEO
Nuair a bhíonn aerfoirt agus aerlínte ag suirí lena chéile
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn
Íomhá
Íomhá

Míníonn Pádraig Mac Éamoinn, ar comhairleoir é in earnáil na heitlíochta, cad é go díreach a thiteann amach ag comhdháil bhliantúil a bhíonn ar siúl chun naisc a chothú idir na haerlínte agus na haerfoirt.

Is aerfort deas ciúin mé. Ba mhaith liom bualadh le haerlíne mheasúil mhuiníneach le haghaidh caidrimh fhadtéarmaigh. Freagraí chuig Bosca EI 123 ...

Má tá tú i do chónaí in áit iargúlta, bíonn sé deacair go leor bualadh le daoine nua. Is amhlaidh an scéal don lucht gnó, ar a laghad lucht ghnó na heitlíochta. An raibh a fhios agat go mbíonn na haerlínte agus na haerfoirt i mbun speed dating? Seo cur síos ar Fhéile Bhaitsiléara bhliantúil an lucht eitlíochta.

Ní gnó éasca é aerlíne a chur ar bun. Cinnte, tá cúpla ceann ann a bhfuil clú agus cáil orthu, leithéidí Ryanair, easyJet nó fiú Aer Lingus, ach tá neart aerlínte eile a mbíonn deacrachtaí acu aon bhrabús a dhéanamh, agus bíonn go leor comhlachtaí nach maireann fiú go dtí a gcéad bhreithlá. Ach tá buntáiste amháin ag na haerlínte: is féidir leo a gcinn scríbe a roghnú, agus seirbhísí nua a thosú. Má tá aerfort agat, tá tú sáinnithe san áit a bhfuil tú; caithfidh tú a mhór a dhéanamh den áit sin agus cur ina luí ar dhaoine teacht chugat.

Samhlaigh gur tusa príomhfheidmeannach nua-cheaptha Aerfort an Bhaile Bhig, agus go bhfuil tú ag iarraidh seirbhís aerlíne a mhealladh. Tabharfaidh na heitleáin turasóirí go dtí do cheantar, chomh maith le lucht gnó, agus beidh postanna nua ar fáil dá bharr seo. (De réir an taighde, ar an meán, má théann milliún paisinéir sa bhreis trí aerfort éigin gach bliain cruthaítear míle post nua sa cheantar sin). De ghnáth, faigheann an t-aerfort táille tuirlingthe ón aerlíne gach uair a thuirlingíonn eitleán nó gach uair a imíonn paisinéir, ach déanann tú beagán brabúis freisin ó na carrchlóis, agus ó na siopaí a dhíolann deochanna agus cumhráin leis na paisinéirí. Cé go n-éiríonn leis na haerfoirt mhóra brabús maith a dhéanamh, bíonn saol níos deacra ag na cinn bheaga.

Ionad comhdhála ollmhór i Maidrid na Spáinne, agus an foirgneamh plódaithe le hionadaithe aerlínte agus aerfort ó gach cearn den domhan, gach éinne agus suaitheantas beag daite á chaitheamh aige - dath dearg i gcás lucht na n-aerlínte (agus tá 250 ann), dath bán i gcás gach duine eile. Tá na haerlínte i ról na mná dáthúla i singles bar agus na haerfoirt ag iarraidh iad a mhealladh - go gairmiúil amháin, ar ndóigh. Cé go bhfuil cead isteach saor in aisce ag na haerlínte, tá gach aerfort tar éis cúpla míle euro a íoc le bheith ansin.

Seo an chomhdháil bhliantúil Routes. I Maidrid a bhí an ceann deireanach. Níos moille i mbliana tarlóidh an chéad cheann eile i gCopenhagen. Pé áit ina mbíonn sé, caitear dhá lá ansin ag iarraidh caidrimh ghnó nua a chruthú, faoi bhrú an chloig.

Cruinniú 15 nóiméad

Maidin Dé Luain, a naoi a chlog. Píosa beag ceoil ón gcallaire agus ansin guth a deir: “Tá an chéad seisiún ar siúl anois”. Tá cruinniú agat le haerlíne, ag iarraidh iad a mhealladh chun seirbhís nua a thosú chuig an mBaile Beag. Níl ach 15 nóiméad agat, áfach, agus ina dhiaidh sin beidh aerfort eile ag caint leo, agus tusa ag plé le haerlíne eile. Cúpla mí ó shin, sheol tú liosta isteach de “na haerlínte is tabhachtaí dom” agus eagraíodh cruinniú duit le roinnt acu.

Tá do chéad chruinniú le comhlacht beag réigiúnach (cosúil le hAer Arann). Tá tú ag iarraidh iad a mhealladh chun bealach nua a thosú ón mBaile Beag go Londain nó Manchain, chun cabhrú leis an lucht gnó áitiúil, chun turasóirí a thabhairt chun na háite, agus chun freastal ar an diaspóra Éireannach a thagann ar ais go dtí a gceantar dúchais ar a laethanta saoire. Tá suim ag an aerlíne sa smaoineamh, ach níl a fhios acu fós an mbeidh eitleáin ar fáil acu. Níl aon am fágtha agat. “Tá an chéad séisiún thart anois,” a deir an guth ón gcallaire.

Tá do chéad chruinniú eile le haerlíne mhór ráthúil ionsaitheach, a bhfuil clú agus cáil orthu agus a dhéanann neart bolscaireachta mar gheall ar a bpraghsanna ísle. Níl ach 15 nóiméad agat. Míníonn tú dóibh go bhfuil An Baile Beag i gceantar álainn agus go bhfuil níos mó cuairteoirí ag teacht gach bliain. Tá grianghraif den cheantar agat, agus eolas faoin méid turasóirí a bhíonn ansin a fuair tú ó Bhord Fáilte. Ach níl mórán suime acu iontu. “Cé mhéad a thabharfaidh sibh dúinn chun bealach nua a oscailt?” a fhiafraíonn siad. “Is cuma linn conas a gheobhaidh d’aerfort brabús as - carrchlóis, siopaí, is cuma linn. Tá caoga aerfort ar fud na hEorpa ag iarraidh orainn seirbhísí nua a thosú, agus airgead ar an mbord acu - cé mhéad a thabharfaidh sibhse dúinn?” Mínítear an méid seo duit: Cé gur leigh tú na focail *"Airport charges: €15” *nó a leithéid ar an ticéad eitleáin a fuair tú uathu le déanaí, is uimhir bhréige í sin, cosúil le *"Recommended Retail Price”, *nach bhfuil ann i ndáiríre. Ní fhaigheann an t-aerfort €15 uathu - a mhalairt ar fad. Idir na lascainí agus na fóirdheontais a gheobhaidh siad uaibh, beidh sibhse - an t-aerfort - ag íoc airgid leosan. Ach tá do 15 nóiméad cáile thart anois agus tá an t-allas ag rith leat.

Anois tá comhrá agat le dream Géarmanach. Tá suim ag an ionadaí sna grianghraif agus sna staitisticí, ach beidh sé ag déanamh comparáide idir aerfoirt an Bhaile Bhig, Chiarraí, na Sionainne agus Chnoc Mhuire agus ní roghnóidh sé ach ceann amháin acu. Cupán caife agat agus comhrá siúil eile le haerlíne mhór Mheiriceánach. Ar mhaith leo seirbhís dhíreach a thosú ón mBaile Beag go Nua-Eabhrac i 2006 nó i 2007? Níor mhaith, ach b’fhiú duit an cheist a chur orthu.

Agus timpeall ort, tá go leor cruinnithe eile ar siúl, idir aerlínte eile agus aerfoirt eile, agus faoi dheireadh an lae, má bhíonn an t-ádh ort, beidh cúpla caidreamh gairmiúil úsáideach déanta agat agus, má bhíonn an t-ádh dearg ort, b’fhéidir go mbeidh seirbhís éigin nua ag Aerfort an Bhaile Bhig an bhliain seo chugainn. Ach níl sé éasca bheith i d’aerfort beag.

Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.