CÚRSAÍ SPÓIRT
Nósanna aclaíochta na nÉireannach athraithe go mór
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Foilsíodh tuarascáil ar nósanna aclaíochta na nÉireannach le gairid ina léirítear gur chóir do lucht déanta polasaithe spóirt athruithe a chur i bhfeidhm. Pléann Colm Mac Sealaigh an tuarascáil agus na hathruithe atá molta inti.

Íomhá
Íomhá
méadú tagtha ar líon na ndaoine a dhéanann aclaíocht aonarach
Íomhá
heaspa aclaíochta is cúis le fadhb an mhurtaill in Éirinn
Íomhá
Is díriú ar ghasúir agus iad an-óg maidir le roghanna spórt a chur ar fáil dóibh

Níl ach dhá mhí imithe tharainn ó foilsíodh an tuarascáil is déanaí faoi chúrsaí spóirt in Éirinn. Sporting Lives: An Analysis of A Lifetime of Irish Sport is teideal don tuarascáil le Pete Lunn agus Richard Layte agus ba í an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a d’fhoilsigh í i gcomhar leis an gComhairle Spóirt.

Na haidhmeanna a bhí leis an taighde seo eolas a fháil ar an gcaoi a bhfuil athrú tagtha ar rannpháirtíocht na nÉireannach i spórt agus aclaíocht le roinnt blianta anuas agus fáisnéis a bhailiú ar an gcaoi a n-athraíonn an rannpháirtíocht sin i rith shaol an duineó aois an pháiste go haois an duine fhásta. Aidhm eile a bhain léi scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí is cóir a bheith ag na torthaí ar pholasaí spóirt in Éirinn.

Ba é foinse na sonraí don tuarascáil taighde ar spórt agus ar aclaíocht a rinneadh ó 2003 amach. Is é an sainmhíniú arspórtar glacadh leis i gcomhthéacs an taighde gach cineál aclaíochta pearsantasnámh, bogshodar, aclaíocht sa spórtlann agus cluichí foirne agus páirce, cuir i gcás.

Imríonn níos Éireannach spórt agus déanann níos acu aclaíocht inniu riamh. Imríonn daoine fásta faoi bhun tríocha bliain d’aois níos spóirt mar a rinne glúin a dtuismitheoirí. Tháinig an méadú ba mhó faoi rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt idir lár na seascaidí agus tús na n-ochtóidí, agus ba é an réimse ar tháinig an borradh is faoi aclaíocht aonarach ar nós aeraclaíochta, snámha, bogshodair agus úsáid na spórtlainne.

Ó thaobh na spórt foirne de, méadú tagtha ar imirt an tsacair, na cispheile agus an rugbaí. Ach is an fás atá tagtha ar imirt na spórt foirne mar atá tagtha ar chleachtadh na haclaíochta aonaraí. Tugann seo le fios go bhfuil aistriú leathan cultúrtha le sonrú ó thaobh cúrsaí spóirt i measc mhuintir na

hÉireann.

Meath

Maidir leis na cluichí Gaelacha, meath i gceist -níos ó thaobh na peile ó thaobh na hiománaíochta na camógaíochta de. Is meath coibhneasta é, áfach. Is é sin le nach bhfuil líon na ndaoine a imríonn cluichí Gaelacha laghdaithe go mór, ach is amhlaidh go bhfuil líon na ndaoine a imríonn spóirt eile méadaithe go mór.

Maidir le haois, bhí formhór na bhfreagróirí a ghlac páirt sa taighde páirteach i spórt de shaghas éigin ar bhonn rialta faoin am a bhí siad dhá bhliain déag d’aois. Is í an bhuaic-aois maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt cúig bliana déag. Ina dhiaidh sin meathlú i gceist, ach is i gcomhthéacs na spórt foirne den chuid is a tharlaíonn sin. Leanann daoine de chleachtadh na haclaíochta aonaraí i bhfad níos faide; ar feadh a saoil go minic. Ar bhonn inscne, is í an difríocht is atá i gceist go dtosaíonn buachaillí ag glacadh páirte i gcúrsaí spóirt agus iad in aois níos óige mar a dhéanann cailíní, ach seachas sin, níl aon difríocht eatarthu. Ar bhonn sóisialta, is ar fad an méid spóirt a imríonn daoine i rith a saoil oideachas orthu agus ioncam maith acu. Léirítear sa taighde go dtéann spórt i bhfeidhm ar chúrsaí sláinte; is cosúil go mbíonn sláinte fhisiceach agus intinne níos fearr acu siúd a imríonn spórt agus go bhfadaíonn aclaíocht a mbeatha.

Is í seo an cúigiú tuarascáil oifigiúil faoi chúrsaí spóirt ar tugadh fúithi in Éirinn agus pléitear impleachtaí na dtorthaí maidir le polasaithe spóirt na tíre inti.

Impleachtaí1. a lán eolais anois ar fáil de bharr taighde ar chúrsaí spóirt a rinneadh sa tréimhse 2003-2006. Léiríonn na figiúirí gur athruithe a dhéanamh ar pholasaithe spóirt an stáit agus béim níos a chur ar na spóirt aonaracha seachas na spóirt foirne.

  1. bhaineann fadhb an mhurtaill in Éirinn le heaspa aclaíochta mar níos daoine ag imirt spóirt mar a bhí riamh. cúiseanna eile leis an bhfadhb seoan bia mícheart, cuir i gcás.

  2. Is don Chlár Caipitil Spóirt a bheith ag féachaint le dáileadh níos cothroime a dhéanamh ar na hacmhainní spóirt. Mar shampla, faigheann na cluichí Gaelacha an tríú cuid de na deontais faoin scéim. (Moltar sa tuarascáil díograis CLG agus an obair dheonach a bhíonn ar siúl ag cuid mhór acu siúd atá páirteach ann ar mhaithe leis an phobal i gcoitinne.)

  3. Níl fás cothrom i gceist i gcúrsaí spóirt sa phobal. mór do pholasaithe stáit freastal a dhéanamh ar an bpobal ina iomláine agus mór a chinntiú go mbíonn na deiseanna agus na háiseanna céanna ar fáil do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil d’acmhainn acu íoc astu.

  4. mór do lucht déanta polasaithe spóirt deimhin a dhéanamh de go bhfaigheann buachaillí *agus *cailíní an spreagadh agus na seansanna céanna le spórt a imirt agus iad in aois óg agus mór rogha leathan spórt éagsúil a chur ar fáil dóibh.

  5. Is léir tionchar an mhíbhuntáiste ag aois an-óg. Is don pholasaí díriú ar ghasúir agus iad chomh hóg le cúig bliana d’aois maidir le roghanna spórt a chur ar fáil dóibh, go mór mór

sna haicmí íseal-ioncaim.

spórt an-tábhachtach ar a lán bealaí. Tríd a bheith páirteach i spórt éigin, bíonn daoine níos sláintiúla go fisiceach agus go hintleachtach. Ar bhonn eacnamaíoch, ba cheart go dtuigfí gur infheistíocht chiallmhar don todhchaí a bheidh in aon airgead a chaithfear ar áiseanna agus ar sheirbhísí spóirt, go mór mór sna ceantair faoi mhíbhuntáiste ina bhfuil cuid mhór de na daoine thíos le coiriúlacht, coireacht agus éadóchas.Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.