AR NA SAOLTA SEO
Níl fáilte Uí Cheallaigh á cur roimh shiúlóirí in Éirinn
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

cosc curtha ag feirmeoirí i go leor áiteanna in Éirinn ar shiúlóirí agus tá sé an déanamh an-dochair don turasóireacht sna ceantair sin, mar a mhíníonn Breandán Delap.

Íomhá
Loch Eidhneach sna Beanna Beola
Íomhá
Conor Lenihan, TD - chuir sé an lasóg sa bharrach
Íomhá

Is é Binn Bhán an sliabh is airde i gConamara agus i gContae na Gaillimhe. Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar. Is ó thaobh Loch Eidhneach a thugtar faoi go hiondúil. Bealach fliuch, dúshlánach é seo ar thalamh seasc, lom. Ach más ea, is fiú an tairbhe an trioblóid mar gur beag radharc in Éirinn atá inchurtha leis an cheann atá le fáil ó mhullach an tsléibhe seo. Ach is fánach an turasóir a fheicfidh an radharc seo i mbliana mar go bhfuil fógraí crochta in airde ag tabhairt le fios go bhfuil cosc iomlán ar shiúl sa cheantar.

Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre. Is iomaí cúis atá leis seo is cosúil. Ach is é fírinne an scéil ná nach bhfuil Éire chomh tarraingteach don turasóir is a bhíodh sé. Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.

Tháinig an tuarascáil seo sna sála ar fhigiúirí a d’eisigh Fáilte Ireland a léiríonn go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, de cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana. Tháinig 168,000 duine chun na tíre seo le haghaidh saoire siúlóide sa bhliain 2003. Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999. Más eiseamláir é an siúl sléibhe don turasóireacht i gcoitinne níl Éire ach in áit na leathphingine i gcomparáid lenar gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.

Tá go leor airgid margaíochta caite ag Fáilte Ireland ar an chineál seo saoire. Tá borradh nach beag fán earnáil thar sáile de bharr an baol sláinte a bhaineann le saoirí gréine. Le fada an lá, bhíodh turasóirí as tíortha tionsclaíocha na hEorpa ag tarraingt ar Éirinn ar thóir ceantar scoite, ardáilleachta. Tá an rabharta seo tráite, áfach. Táimid in iomaíocht anois le tíortha in oirthear na hEorpa agus tuairiscítear go bhfuil bealaí eagraithe siúlóide den chéad scoth i dtíortha mar an tSlóivéin, an Rómáin, an Pholainn, an Bhulgáir agus an tSlóvaic. Níl aon fhadhb cearta slí sna tíortha sin is cosúil agus bíonn aimsir i bhfad níos fearr iontu i rith an tsamhraidh. Agus cad atá le tairiscint againne in Éirinn ach sconsaí, sreang deilgneach agus fógraí bagartha?

Ní fiú cac an diabhail cosáin siúlóide na hÉireann. Tá níos mó fear buí greanta ar chomharthaí in iarthar na tíre ná mar a bhíonn i nDroim Chrí i mí Iúil. Ach níl aon struchtúr ceart ag baint leo. Is annamh a bhíonn treoirleabhair ar fáil dóibh agus is fíorbheagán turasóir a bhaineann úsáid astu dá bharr. Tharla go raibh mé féin ag spaisteoireacht ar Shlí an Iarthair ar na mallaibh agus is náireach an bhail atá air. Is ar éigean a thig leat an cosán a dhéanamh amach tríd an abar agus an fásra. Tá cuid de na comharthaí leagtha ar an talamh nó caite sa phortach. Gan fiacail a chur ann, níl cuma ná caoi ar Shlí an Iarthair. Is ionann an an scéal i gcás go leor de na cosáin eile ó cheann ceann na tíre. Níl leithreas poiblí fiú ag bun Chorrán Tuathail.

Buille an bháis

Rinne pobal na tíre seo gnaithe maith aimsir an ghalair crúibe is béile nuair a tharraing muid le chéile lena chinntiú go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim. Is trua mar sin go bhfuil na feirmeoirí anois ag iarraidh buille an bháis a thabhairt don dara tionscal is mó sa tír. Tá seasamh na n-eagraíochtaí feirmeoireachta ar an cheist seo le cáineadh go mór. Anuraidh ghlac Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an IFA) agus Eagraíocht na bhFeirmeoirí Beithíoch agus Caora (an ICSA) páirt i léirsiú taobh amuigh de phríosún Theach an Locháin lena dtacaíocht a thabhairt d’Andy “The Bull” McSharry, feirmeoir as Contae Shligigh ar gearradh coicís príosúnachta air i gcás a bhain leis an aighneas leanúnach idir lucht siúil na sléibhte agus úinéirí talún.

Ba chineál *cause célèbre *i measc na bhfeirmeoirí é cás McSharry. Moladh é as an mhisneach a léirigh sé thar na blianta; é ag cur i gcoinne *yuppies *ón bhaile isteach a bhí ag déanamh treaspáis ar a chuid talún ar a mbealach go Beann Gulbain. Bhí sé toilteanach tréimhse a chaitheamh i gcarcair seachas géilleadh ar a chuid prionsabal.

Beart místuama a bhí ann do na heagrais fheirmeoireachta tacú le McSharry i mo thuairimse. Níor mhór a mheabhrú gurb é McSharry féin a chinn ar dhul go príosún cionn is nach raibh sé sásta fíneáil cúirte de €300 a dhíol. Níor mhór a mheabhrú leis gur fritheadh ciontach é as imeaglú a dhéanamh ar lanúin as Contae na Mí agus gur cháin an Breitheamh go géar é as a bheith ag glacadh grianghrafanna de bhean fad is a bhí sí ag athrú a cuid éadaí. Smaoinigh fosta ar an leasainm a thugann sé air féin in onóir a laoich – The Bull McCabe - ceann de na bligeaird is mó i litríocht na hÉireann!

Mar is dual dó, chuir Conor Lenihan an lasóg sa bharrach i rith an ama shuaite seo, nuair a thug sé le fios ar “Questions and Answers” ar RTÉ go raibh sé i gceist ag an rialtas cúiteamh airgid a thabhairt d’fheirmeoirí a bheadh toilteanach ligean do dhaoine siúl ar a gcuid talún. Nuair a d’fhiosraigh mé an scéal an mhaidin dár gcionn thug an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le fios go neamhbhalbh nach raibh bunús dá laghad leis an mhéid a dúirt Lenihan. Ní dhíolfaí pingin rua ón státchiste leis an fhadhb seo a réiteach, a dúradh. Ach tá an síol curtha anois agus ní ghéillfidh na feirmeoirí go dtí go mbeidh an craiceann is a luach acu.

Thug Gabriel Gilmartin, Cathaoirleach Chraobh Shligigh den ICSA agus duine de lucht tacaíochta McSharry, le fios ag an am gur cheart go mbeadh lucht siúl sléibhe sásta “táille bheag” a íoc le cead isteach a fháil ar thalamh fheirmeora. Dúirt sé go raibh óstáin, tithe lóistín agus tithe leanna ag baint an-sochair as an tionscal seo ach nach raibh na húinéirí talún ag fáil faic na ngrást. Ní raibh uathu, a dúirt sé, ach a sciar féin den chiste óir. Ní raibh sé toilteanach aon phraghas a lua leis an “táille bheag” seo, áfach. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh ar dhaoine táille a íoc le teacht ar cheart slí chuig an chimín. Ach ní hionann sin le rá nár cheart dóibh siúd atá ag cur áis thábhachtach ar fáil cúiteamh éigin a fháil ón Stát. I dtús na nóchaidí, tugadh deontais faoin scéim REPS do chorradh le 1,200 feirmeoir a cheadaigh do bhealaí siúlóide eagraithe dul tríd a gcuid talún. Ar an drochuair, ní raibh an deontas seo ar fáil sa dara scéim REPS. Thuigfeá, mar sin, doicheall na bhfeirmeoirí.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil údar clamhsáin áirithe acu. Maíonn siad gur orthusan a thitfeadh an fhreagracht dá ngortófaí duine a bheadh ag spaisteoireacht ar a gcuid talún. Cuireadh lena mbuairt dhá bhliain ó shin nuair a bhronn an Ard-Chúirt €84,000 ar Geraldine Weir-Rodgers as Anagaire, Contae Dhún na nGall. Is amhlaidh go ndeachaigh Weir-Rodgers agus roinnt cairde léi isteach ar thalamh an chosantóra gar do Ros Neamhlach tar éis dóibh “tráthnóna sóisialta” a chaitheamh i mBaile Dhún na nGall. Chuaigh siad isteach thar sconsa briste, gan cead a iarraidh ar an chosantóir. Thit Geraldine le faill agus gortaíodh go dona í. Rialaigh an Breitheamh ag an am gur ar an chosantóir a bhí an locht mar nach raibh fógraí rabhaidh crochta in airde aige.

Ghoill an bhreith seo go mór ar fheirmeoirí agus ar dhreapadóirí araon. Rinne an fhondúireacht a bhí i bhfeighil na talún achomharc chuig an Chúirt Uachtarach agus chaith siadsan breith na hArd-Chúirte i dtraipisí i mí Feabhra na bliana seo. Ina bhreithiúnas siúd dúirt an Breitheamh Geoghegan*: “There are certain risks against which the law, in accordance with the dictates of common sense, does not give protection – such risks are just one of the results of the world as we find it.” *

Chuir eagraíochtaí na bhfeirmeoirí is na siúlóirí an-fháilte roimh an bhreith seo mar go ndéanann sé soiléiriú ar an Acht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995, dlí a bhí doiléir go maith roimhe sin. Lena chois sin, tá feasach tábhachtach leagtha síos anois a chiallaíonn nach dtiteann aon fhreagracht ar úinéir talún as gortú a tharlaíonn do dhuine a bhíonn ag siúl ar a chuid talún. Ní beag sin.

Fadhbanna níos leithne

Ó tharla go bhfuil constaic amháin sáraithe ag breith na Cúirte Uachtaraí, níor mhiste díriú anois ar fhadhbanna níos leithne a bhaineann le ceart slí. Tá neart roghanna ag an Aire Ó Cuív más mian leis tabhairt faoin cheist chigilteach seo. Ar dtús báire, ba cheart don Stát dul in urrús ar na húinéirí talún in aghaidh aon chúiseamh dlí a d’eascródh as timpiste ar a gcuid talún. Chuirfeadh sé sin na feirmeoirí ar a suaimhneas faoi bhagairtí dlí. D’fhéadfaí fosta cur le líon na bpáirceanna náisiúnta atá sa tír (níl i gceist ach thart fá 1% de thalamh na tíre faoi láthair) mar aon le brú a chur ar Coillte tuilleadh áiseanna siúlóide a chur ar fáil ar a gcuid talún siúd.

Lena chois sin, ba cheart go mbeadh sé ar chumas na n-údarás áitiúil cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí as cead a thabhairt do shiúlóirí dul trí stráicí áirithe dá gcuid talún le teacht ar chosáin eagraithe (tá a leithéid déanta sa Tuaisceart i gceann de na siúlóidí is deise ansin – Bealach Chlochán an Aifir.)

Ach i ndeireadh thiar thall má tá an rialtas dáiríre faoi chúrsaí sláinte is turasóireachta níor mhór “cead fánaíochtaa achtú, a chiallódh nach mbeadh aon srian ar chearta an tsiúlóra. Tá a leithéid i bhfeidhm cheana féin san Eilvéis, sa Ghearmáin, sna Críocha Lochlannacha agus, go bhfios dom, níor thit an spéir anuas orthu.

I dtús mhí an Mheithimh, tháinig leagan teoranta den chead fánaíochta seo i bhfeidhm i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Faoin Acht um Thuath is Cearta Slí beidh ceart slí gan choinníoll ag an phobal ar stráicí móra den talamh is áille sa Bhreatain (22% de dhromchla na Breataine Bige, mar shampla). Ní gan dua a cuireadh a leithéid de Acht i bhfeidhm agus tá 458 achomharc déanta cheana féin ag úinéirí atá ag lorg díolúine uaidh.

Ní dóigh liom go mbeadh an toil pholaitiúil ann a mhacasamhail a chur ar bun sa tír seo. Is dócha ná a mhalairt go gcuirfear an cheist achrannach seo ar an mhéar fada, agus is baolach gur fáilte Mhic Shearraigh seachas fáilte Uí Cheallaigh a chuirfear roimh shiúlóirí in Éirinn.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.