CÚRSAÍ SPÓIRT
“Ní Maith an Rud Barraíocht” arsa an cat nuair a bádh í sa bhainne
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina chuid cainte agus é ag trácht ar chluiche na gCat in éadan Áth Cliath. Ní fíor dó a deir Colm Mac Séalaigh. Ní ligeann aon fhoireann, Cill Chainnigh san áireamh, a maidí le sruth san am nach mbraitear an dúshlán rompu rómhór.

Íomhá
Babs Céitinn i lár baill ag imirt daichead bliain ó shin
Íomhá
Áth Cliath agus Aontroim dhá bhliain ó shin

“Níl Cill Chainnigh ag déanamh a ndíchill”, arsa Babs ar RTÉ ag leath ama sa chluiche iomána idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath i bPáirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh 19 Aibreán. Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne, Cill Chainnigh chun tosaigh ar éigean. “Nach dóigh leat gur masla sin do na ‘Dubs’?” arsa Des Cahill a bhí ag tuairisciú ón ionad. “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór. Tá Cill Chainnigh i bhfad níos fearr, dhá chúilín déag ar a laghad, ná aon chontae eile, Tiobraid Árann, Corcaigh agus eile san áireamh”. Agus mar sin atá, an soiscéal de réir an fháidh, Babs.

Idir mhagadh is dáiríre, is ceart aird a thabhairt ar thuairim Bhabs Céitinn, sáriománaí lena linn féin mar imreoir agus mar bhainisteoir a threoraigh Tiobraid Árann as an bhfásach i 1987, ach ceart nó mícheart, faoi dheireadh an chluiche ní raibh idir na foirne fós ach dhá chúilín, Cill Chainnigh chun tosaigh mar a bhí ag leath ama. Ba gheall le bua é an toradh ó thaobh foireann Átha Cliath de sa mhéad is gur éirigh leo rud a dhéanamh nár éirigh le Tiobraid Árann ná le Corcaigh a dhéanamh agus ba é sin Cill Chainnigh a chur faoi bhrú agus an lámh in uachtar a fháil orthu ar feadh tréimhsí suntasacha den chluiche.

Maidir le tuairim Bhabs, ní thagaim leis ar fad toisc nach bhfaca mé féin riamh foireann as Cill Chainnigh, foireann scoile ná faoi aois, sinsear na sóisear, nach raibh ar a míle dícheall chun cluiche a bhuachan, bíodh sé ina chluiche sraithe, craoibhe nó eile. Is é sin a nádúr agus a gcultúr – ní thuigeann siad aon bhealach eile. Léirigh siad an aigne chéanna sin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh i gcoinne Phort Láirge nuair b’éasca dóibh maolú ar a gcuid iarrachtaí sa dara leath i ngeall ar a bheith chomh fada chun tosaigh is a bhí siad, ach ní raibh sé iontu é sin a dhéanamh.

An féidir madhmadh ar na Cait?

An féidir iad a chloí mar sin? Is é sin an cheist atá á cur arís i mbliana. Tá léasadh tugtha acu do Thiobraid Árann agus do Chorcaigh, agus seachas i gcoinne Phort Láirge sa dara cluiche, níl aon chluiche caillte acu sa sraithchomórtas, cé go ndeachaigh Luimneach agus Áth Cliath gar dó sin a dhéanamh. Ní mór a rá, áfach, nach bhfuil foireann ar bith dá fheabhas í dochloíte go deo. Tagann deireadh le ré gach foirne am éigin. Tá seans i gcónaí ann lena chois sin, go dtarlóidh sé, gan súil ag duine ar bith leis, go n-imreoidh foireann éigin eile thar barr ar fad ar lá áirithe - cuimhnigh ar Ghaillimh in 05 – agus go mbeifí á rá ansin go bhfuil Cill Chainnigh róshean, nó seafóid éigin mar sin. ‘B’fhéidir’ agus ‘seans’ agus ‘meas tú?’ a mheallann an lucht féachana i ndeireadh báire arís is arís eile i gcúrsaí spóirt.

Gné eile den scéal ná go bhfuil gach bainisteoir agus traenálaí eile ag pleanáil agus ag machnamh ar an mbealach a dtabharfaidh siad faoi Chill Chainnigh a chloí má fhaigheann siad an deis. Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin. Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.

Maidir le foireann Átha Cliath, tá údar ag Antaine Ó Dálaigh an bainisteoir, a fhoireann agus na himreoirí, a bheith sásta go leor lena gcuid iarrachtaí le linn na sraithe. Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh. Faoi mar atá, tá a n-ionad i Roinn A slán don chéad bhliain eile. An t-aon drochscéal a tháinig as an gcluiche deiridh ná gur bhain gortú meiteatarsach dá leathchúlaí láir Rónán Ó Fallúin, imreoir an-mhaith agus an-tábhachtach don fhoireann, agus ní fios go fóill an mbeidh sé in ann a áit a ghlacadh i gcoinne Aontroma sa chéad bhabhta den chraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh ar 7 Meitheamh. Ach, tá painéal láidir go maith ag Áth Cliath don chéad uair le blianta fada, a bhuíochas sin de dhúnghaoiseanna Choiste an Chontae le deich mbliain anuas agus don obair éachtach atá déanta ag pobal na hiomána sa chontae.

Tionchar Uí Dhálaigh

Maidir le hAntaine Ó Dálaigh, iarlaoch agus iarchaptaen an Chláir, níl aon amhras faoin tionchar atá aige ar fhoireann Átha Cliath go nuige seo. Tá na himreoirí ag imirt le féinmhuinín agus le scil agus tá imreoirí áirithe ag taispeáint, ag an leibhéal sinsir, an mianach a bhí le feiceáil iontu agus iad níos óige - Liam Ó Rois, Alan Mac Raib (1-50 scóráilte aige sa tsraith), Dáithí Ó Ceallacháin (4-17 scóráilte aige sa tsraith), Dáithí Ó Treasaigh, Seán Mac Gafraidh agus eile. Is imreoirí lár páirce agus tosaithe iad sin áfach, agus cé gur maith ann iad, aithnítear laige a bheith i measc na gcúlaithe, na lánchúlaithe go háirithe, agus is é sin an fáth go bhfuil gortú Rónáin Uí Fhallúin chomh tromchúiseach sin. Is é an dúshlán is mó atá roimh Antaine Ó Dálaigh anois ná na cúlaithe a choigeartú agus a ullmhú don dúshlán a chuirfidh foireann Aontroma orthu. Thar aon chluiche eile, is é sin an ceann is gá do fhoireann seo Átha Cliath a bhuachan nó beidh dearmad déanta ar na cluichí eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.