AR NA SAOLTA SEO
… Ní Ghlacfaidh Dubh Aon Dath
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tchítear do Robert McMillen gur ag comhaireamh cúinne beag toghthóirí atá ceannaire an DUP in ionad ceannaireacht stuama fhadbhreathnaitheach a thabhairt.

Íomhá
Peter agus Sammy ag Sráid Downing
Íomhá
Willie O Dea mar Rambo sa ghrianghraf úd
Íomhá
George Osborne, Seansailéir Státchiste na Breataine
le HM Treasury ar Vicipéid

"Any customer can have a car painted any colour that he wants so long as it is black."

Rith abairt Henry Ford fríd m’intinn agus mé ag éisteacht le Peter Robinson agus é ag caint ag ardfheis a ocsamóróin, an Democratic Unionist Party. Bhí sé ar cheann de na haithisc sin a thugann Robbo anois is arís lena thaobh bhaineann a léiriú - cineáltas, boige, comhbhá ach ní éiríonn leis an dóigh chéanna nach n-éireodh le Willie O Dea a bheith mar Rambo. Ní oibríonn sé. Ach rinne sé iarracht cosúil le gasúr ar thiomáin a mháthair a fhad le teach an duine ar bhris sé a fhuinneog le leithscéal a dhéanamh. Bhí a fhios aige cad é bhí le rá aige ach ba léir nach raibh a chroí ann.

Ní ann do “iadsan agus muidinne” níos mó ach sinne mór amháin, a thafann Mac Róibín. Bhí na focail deisbhéalach, milis, binn ach bhí an cur i láthair cantalach, ceanndána, colgach. agus sin an rúndiamhaire a bhaineann le Peter David Robinson. An liobrálach in éide bunchreidmheach é nó bunchreidmheach in éide liobrálach é? An cadhan aonair é i bpáirtí ina bhfuil Sammy Wilson, Gregory Campbell, Nigel Dodds? Thug an triúr sin aithisc bhinbeacha, ag lascadh poblachtánach agus rialtas na hÉireann as a bhfaillí, ach ní raibh gíog astu faoin ról a bhí acu i dteip fhuilteach an Stáit ó thuaidh.

Dá n-abródh Robinson go soiléir leis an lucht éisteachta nár cheart dá pháirtí a bheith in éadan Acht Gaeilge, go gcuirfí tithíocht ar fáil do Chaitlicigh, ar mó a n-éileamh ar a leithéid, i gceantracha “Protastúnacha”, nár cheart go siúlfadh an tOrd Oráiste áit ar bith nach raibh fáilte rompu, bhuel, sin teachtaireacht ar fiú éisteacht leis, ach ní bhfuair muid ach baothchaint gan stuaim, cnámharlach gan feoil.

Sciar Beag Toghthóirí seach na Sluaite Oibrithe

Dálta Henry Ford, an raibh sé ag rá gur féidir sochaí aontaithe a chruthú anseo a fhad is atá sé Breataineach? Is beag an seans go meallfadh an DUP iar-Phaisleyach vótairí Caitliceacha ach ní sin an aidhm atá ag Robinson. Tá a aird ar vótairí an Alliance sa chéad dul síos, an bhagairt is mó (dá laghad é) do mhórcheannas a pháirtí.

Ach seo muid ag caint ar an scoilt sheicteach nuair atá deis ag Robinson, an DUP agus Sinn Féin seasamh le baill an phobail beag beann ar chreideamh nó ar dhearcadh polaitíochta. Ar an 30ú Samhain, chonacthas an stailc is mó le glúín anuas nuair a tháinig oibrithe na hearnála poiblí amach mar agóid in éadan na gciorruithe i seirbhísí poiblí agus i laghdú a bpinsean. Le tarrtháil a dhéanamh ar uachaisí fabhtacha airgeadais, tá cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine go nglanfadh an pobal ar fad, ní hamháin an earnáil phoiblí - múinteoirí, altraí, oibrithe eile otharlainne - go nglanfadh siad seo fiacha na mbancanna i gcur chuige atá bunaithe ar gheilleagair neamartach, dar liom. Agus aontaíonn an nuachtán bándearg (dath, ní dearcadh polaitíochta), The Financial Times, liom.

Tá ‘deichniúr caillte’  roimh an Ríocht Aontaithe, dar le scríbhneoir amháin agus measann scríbhneoirí éagsúla go bhfuil Seansailéir Státchiste na Breataine George Osborne i sáinn agus gimicí á dtairiscint aige; go bhfuil polasaí “hoping for the best” aige; go bhfuil sé i mbun feachtais mhaolú dochair; gur theip air borradh a chur faoi jabanna a chruthú nó fás a spreagadh agus go bhfuil cruth piorra ar an gheilleagar.

Nach é seo an t-am le Peter Robinson seasamh taobh thiar de na daoine sin a bheas thíos le cur chuige geilleagair atá chomh lochtach sin, dar le saineolaithe airgeadais an FT féin. Dá mba mhian leis - agus lena chomhghleacaí sa DUP, an tAire Airgeadais Sammy Wilson - beartais a chur i bhfeidhm a chosnódh cearta oibrithe, a chosnódh seirbhísí oideachais agus sláinte, cúram do sheandaoine agus do pháistí agus an t-airgead a fháil ó na daoine, ó na comhlachtaí agus ó na forais is mó a bhfuil sé acu, ansin gheobhadh sé tacaíocht ó gach aicme sa tuaisceart.

Agus na mílte duine ar na sráideanna ó thuaidh, tá cur agus cúiteamh faoin difir idir pinsin agus coinníollacha na hearnála poiblí agus na hearnála príobháideach ach tá tacaíocht a léiriú ag daoine san earnáil phríobháideach do na stailceoirí mar, nuair atá siadsan tinn, nó ag iarraidh oideachais dá bpáistí, nó ag réiteach faidhbe leis an chomhairle áitiúil, go mbeidh siad ag brath ar an earnáil phoiblí.

Sin an áit gur féidir le Robinson a bheith ag caint ar “sinne” agus téagar ag baint leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.