AR NA SAOLTA SEO
Cáineadh á dhéanamh ar an Ord Oráisteach ón taobh istigh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

anailís déanta i leabhar a foilsíodh le gairid ar na cúiseanna go bhfuil an tOrd Oráisteach á thréigean ag go leor Protastúnach. Chaith Robert McMillen súil ar an fhoilseachán nua seo.

Íomhá
Peter Robinson ón DUP
Íomhá
Iarcheannaire an UDA, Sammy Duddy
Íomhá

Sa leabhar Northern Ireland: The Origins of the Troubles, ina gcosnaíonn Thomas Hennessey stát na chontae ó bunaíodh é 85 bliain ó shin, deir an t-údar: “Is é an dearcadh aontachtach é go bhfuil dhá chine in Éirinn agus n-aontódh gach duine gur mar sin atá - agus na haontachtaigh a fhágáil lena saol a chaitheamh - bheadh gach rud ina cheart.”

ag caint arsinn féin”.

In óráid a thug i Washington le gairid, bhí a mhacasamhail de phort á sheinm ag Peter Robinson.

Ó thaobh na staire de, déanann daoine anailís ar cheist Thuaisceart Éireann mar choimhlint talaimh, chreidimh, chultúir agus féiniúlachta. croí na faidhbe i bhfad níos simplí - baineann le riail an dlí.

Is é sin, go mbeadh gach rud mar a d’iarrfadh do bhéal é ach go na náisiúnaithe mírialta sin. an séanadh fréamhaithe go domhain i sícé na n-aontachtach. seo i bhfad níos soiléire nuair a bhreathnaíonn ar an Ord Oráisteach.

I Mheán Fómhair 2005, chonacthas na racáin ba mheasa le deich mbliana i mBéal Feirste. Scaoil paraimíleataigh dhílseacha leis na póilíní agus le hArm na Breataine. Is ann don nasc sin idir an tOrd agus an foréigean le 111 bhliain, ó bunaíodh an tOrd i ndiaidhThe Battle of the Diamondi 1795.

B’éigean don Grand Orange Lodge of Ireland é féin a scor mar gheall ar an Unlawful Societies Act (Ireland) in 1825 ach ba beag an difear a rinne don eagraíocht.

Sa atá inniu ann, tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.

glór amháin á ardú a aithníonn an thréith sin den Ord agus, an rud is annamh is iontach, baineann an glór sin le ball de chuid an Oird féin.

an tOirmhinneach Brian Kennaway ina bhall den Ord Oráisteach le 40 éigin bliain. Bhí ina chathaoirleach ar Choiste Oideachais an Oird go dtí gur éirigh as an phost (le seachtar eile) in 2000 mar gur shíl go raibh daoine macánta ag fágáil na heagraíochta as siocair é bheith ag éirí rópholaitiúil, dar leo.

Ach an pholaitíocht is a chuireann isteach ar dhaoine - idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh - ach an foréigean agus an seicteachas.

Ina leabhar úr The Orange Order: A Tradition Betrayed, luann an tUasal Kennaway ráiteas a rinne iarcheannaire de chuid an UDA, Sammy Duddy, leis an Sunday Times.

It’s time to admit that the Orange Order has always used the paramilitaries as the big stick,” arsa Duddy. “They use them to police their parades through contentious areas. They use them as their army when it suits and then wash their hands if things turn out badly. It is time someone made the point of that.”

Nár mharaigh na Red Hand Commandos ball den RUC, an Constábla Frank O’Reilly, i bpléascán buama le linn scliúchas Dhroim Cria i 1998?

Is rud é seo a chuireann isteach go mór ar bhaill an Oird a chreideann gur eagraíocht chreidimh atá san ord Oráisteach agus nár cheart baint páirt bheith aige le polaitíocht le seicteachas. Deir Kennaway é féin go gcuireann an ceangal seo le paraimíleataigh brón agus déistin i gcroí daoine macánta cráifeacha an Oird.

Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh, shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.

An tseachtain seo caite, bhuail toscaireacht ón Ord le státseirbhísigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.

Seo an chéad uair riamh i stair an Oird, is dócha, gur bhuail muid le baill den phobal náisiúnach,” arsa Drew Nelson, rún an Oird.

chreideann gurb ionann státseirbhísigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha - fheabhas iad - agusan pobal náisiúnach”, dul amú air.

Go dtí go gcuirfear deireadh leis an séanadh, go gcaithfear ar leataobh an dearcadh go mbeadh gach rud ina cheart ach go na náisiúnaigh damanta sin, agus go dtuigfidh siad go gcaithfidh siad labhairt lena gcomharsanaigh náisiúnacha, bheidh deireadh leis anhemorrhagingatá ag dul ar aghaidh san Ord, daoine ag imeacht agus gan rún acu pilleadh.

Mar a deir an tOirmhinneach Kennaway, caithfidh an tOrd é féin a athrú ó bhun go barr agus pilleadh ar na prionsabail ar a bunaíodh é 111 ó shin más mian leis dul chun cinn a dhéanamh - i measc a mhuintire féin.

Ansin, nuair a bheas an méid sin socraithe, thig leo dul i dteagmháil lethose pesky nationalists”.

Bíodh deireadh leis anmuidinneagusiadsan”.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.