CÚRSAÍ SPÓIRT
Nasc idir sláinte an phobail agus áiseanna spóirt sna scoileanna
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá páistí na tíre ag titim chun feola agus cuireann Colm Mac Séalaigh an locht ar na polaiteoirí nach bhfuil sásta airgead stáit a chaitheamh ar áiseanna spóirt.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Sa scoil ina bhfuil mé ag múineadh, tá sé de nós ag na múinteoirí a bhíonn ag plé le cúrsaí spóirt triail bheag shimplí a chur ar dhaltaí na chéad bhliana go luath sa scoilthéarma nua. Níl i gceist ach go rithfidís mórthimpeall pháirc na scoile ar chúrsa thart ar 500 méadar ar fhad, agus é sin a dhéanamh faoi thrí. Ní rás go baileach atá i gceist agus deirtear leo nach ea agus go bhfuil cead acu an cúrsa a rith ar luas atá compordach dóibh féin, fiú amháin más gá dóibh é a shiúl.

Bíonn sé suimiúil iarrachtaí na mbuachaillí a fheiceáil. I gcás an tríú cuid nó mar sin, glacann siad leis gur rás atá ann agus déanann siad an-iarracht dul go tapa. Is iondúil go mbíonn triúr nó ceathrar imithe chun cinn ar an gcuid eile tar éis cúpla céad méadar, ach leanann an chuid eile ar a míle dícheall go díograiseach go deireadh an chúrsa.

Bíonn grúpa eile ann, thart ar an tríú cuid , a n-éiríonn leo an cúrsa a chríochnú ina n-am féin agus tuigeann siad nach bhfuil an luas nó an aclaíocht acu rás a dhéanamh de. Grúpa eile fós, thart ar an tríú cuid eile, bíonn siad ar saothar i ndiaidh 100 méadar agus is gearr go dtosaíonn siad ag siúl. Anois is arís, déanann siad iarracht beagán reatha a dhéanamh, ach gearrann siad cúinní agus ar éigean a chríochnaíonn siad an cúrsa, go fiú agus iad ag siúl. I bhfocail eile, seo grúpa buachaillí atá thart ar dhá bhliain déag d’aois, nach bhfuil aclaí ar chor ar bith, nach bhfuil in ann rith ná sport ar bith a imirt, agus a bhfuil gach cosúlacht orthu nach bhfuil agus nach mbeidh suaitheadh coirp ar aon bhealach tábhachtach ina saol.

Ar eagla na míthuisceana, is dóigh liom gur chóir a rá nach bhfuilim den tuairim go bhfuil easnamh ar aon duine nach bhfuil spéis aige i gcúrsaí spóirt. Beatha duine a thoil, mar a deir an seanfhocal. Tuigim go bhfuil neart daoine ann nach bhfeiceann aon chiall le peil, iomáint, galf, leadóg, lúthchleasaíocht, etc. agus seans go bhfuil an ceart ag an té a déarfadh go bhfuil an iomarca seafóide sna meáin faoi chúrsaí spóirt nuair atá rudaí i bhfad níos tromchúisí ag tarlú sa saol. Ach é sin ráite, is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé go maith do shláinte an duine go mbeadh aclaíocht nó suaitheadh coirp de shaghas éigin mar chuid dá shlí mhaireachtála, is é sin gur rud sláintiúil é an spórt, bíodh sé i bhfoirm reatha nó siúil nó snámha nó dreapadóireachta nó cluichí foirne (níl snúcar ná dairteanna inghlactha mar spórt sa chomhthéacs seo!)

Maidir le buachaillí scoile nach bhfuil in ann rith ach ar éigean, is dóigh liom gur údar imní é sin do phobal na tíre i gcoitinne go bhfuil a leithéid ann agus ba chóir go mbeadh sé ina údar imní dá dtuismitheoirí. Cén fáth gur chóir? Mar, amach anseo, tá baol ann go mbeidh na gasúir sin ina ndaoine fásta faoi strus oibre, etc. agus gan fuascailtfaoiseamh acu ón strus sin ach a bheith ag ól nó ag ithe an iomarca agus gurb é an cliseadh néarógach a bheas i ndán dóibh. Nílim á rá gurb é spórt an leigheas, nó an íocshláinte ar gach galar agus tinneas, ar strus agus ar theannas, ach sílim gur féidir a rá go bhfuil suaitheadh coirp go maith don duine óg agus don seanduine araon agus go dtugann spéis agus rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt bealach éalaithe agus faoiseamh don duine ó strus an tsaoil.

Gasúir ag éirí níos raimhre

Tá mórán cainte le tamall anuas ar mhinicíocht an mhurtaill i measc daoine óga. Is cosúil go bhfuil fianaise ann go bhfuil gasúir i gcoitinne ag éirí níos raimhre, a bhuíochas sin don smailcbhia a bhíonn á ithe acu, mar aon le heaspa suaitheadh coirp. Tá an tAire Sláinte i ndiaidh labhairt amach faoi agus a rá gur gá gníomhú leis an ráta raimhre a smachtú agus a laghdú. Níl a fhios agam cén saghas plean atá ag an aire, ach mar thús, d’fhéadfadh sí iarraidh ar an Aire Oideachais féachaint ar staid an chorpoideachais sna bunscoileanna agus ar an mbealach nach ndéanann an státchóras freastal ar ghasúir na tíre, dar le suirbhéanna éagsúla. D’fhéadfadh na staitisticí seo a leanas a foilsíodh le déanaí bheith ina gcúnamh agus seo á dhéanamh:

Níl halla spóirt ag 75% de bhunscoileanna na tíre. Níl páirc imeartha ag breis is 45% de bhunscoileanna na tíre. Níl teacht ar linn snámha i gcás 400 bunscoileanna. Faigheann daltaí faoi bhun uair a chloig de chorpoideachas in aghaidh na seachtaine i 25% de na scoileanna. I gcás breis is leath de na scoileanna, níl áiseanna spóirt faoi dhíon de saghas ar bith acu.

(Suirbhé Fhine Gael i 1,400 bunscoil, 2005)

Tá raimhre ag baint le 3.8% de na buachaillí agus 4.3% de na cailíní sna bunscoileanna. Tá 15.7% de na buachaillí agus 15.8% de na cailíní róthrom. Breathnaíonn níos mó ná 60% de ghasúir rang 5 agus rang 6 ar bhreis is dhá uair an chloig teilifíse in aghaidh an lae.

(Tuarascáil de chuid an ESRI, 2005)

Níl halla corpoideachais ag 80% de scoileanna Dhún na nGall, 70% de scoileanna Chiarraí agus 63% de scoileanna Chontae an Chláir. Tá halla corpoideachais ag 86% de scoileanna Átha Cliath ach deir 60% dá múinteoirí nach bhfuil siad sách maith.

(Suirbhé de chuid an INTO, 2004) Léiríonn na staitisticí thuasluaite, má tá cruinneas ar bith iontu, go bhfuil an scéal go dona sna bunscoileanna i gcoitinne maidir le háiseanna spóirt agus corpoiliúna agus go bhfuil an milleán go huile is go hiomlán ar an stát, is é sin an rialtas, faoi sin. Is é dualgas an rialtais aire cheart a thabhairt do gach páiste maidir le hoideachas agus sláinte, agus cuid de sin ná corpoideachas agus cleachtadh coirp. Tá géarghá le háiseanna breise, agus le cothromaíocht, timpeall na tíre.

Dar ndóigh, ar nós mórán eile sa tír seo, má tá go leor airgid ag tuismitheoirí is acmhainn dóibh a gclann a chur chuig scoil phríobháideach agus bheith cinnte go mbeidh togha na n-áiseanna oideachais agus spóirt ar fail dóibh. Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart. Tá bunscoileanna i lár Bhaile Átha Cliath nach bhfuil clós scoile ná plásóg fhéir ná halla iontu ina bhféadfadh na gasúir dul ag spraoi ag am lóin. Caithfidh siad fanacht istigh sa seomra ranga nó dul abhaile. Ní cóir go mbeadh ionadh ar aon duine faoi sin mar tá faillí déanta leis na blianta fada ag rialtas i ndiaidh rialtais sa bpobal lárchathrach agus toradh an neamairt sin le feiceáil le breis agus scór bliain i bhfoirm dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha, coireachta agus fadhbanna eile sóisialta.

I gcás mo scoilse, scoil dara leibhéal, meánaicmeach, níl a fhios agam an bhfuil an scéal ag dul in olcas nó nach bhfuil. Bhí sé fíor i gcónaí go raibh céatadán áirithe de ghasúir nach raibh cumas spóirt iontu, rud a luíonn le réasún, ach measaim go bhfuil níos mó daltaí anois ag teacht isteach atá go hiomlán mí-aclaí. Tagann formhór na ndaltaí sin ó theaghlaigh ina bhfuil oideachas maith ar na tuismitheoirí agus ó bhunscoileanna ina gcuirtear béim éigin ar shuaitheadh coirp agus, dá bhrí sin, táim ag ceapadh go bhfuil gach seans ann go bhfuil an cás níos measa i meánscoileanna agus i gceantair eile timpeall na tíre.

Tá cúiseanna eile, seachas gurb é an rud ceart é, le béim a chur ar áiseanna spóirt agus ar chaitheamh aimsire sna scoileanna agus i measc an phobail i gcoitinne. An chúis phraiticiúil is mó ná go sábhálfaí airgead sa bhfadtéarma toisc go mbeadh daoine níos aclaí agus níos sláintiúla i gcoitinne de bharr an spóirt agus nach mbeadh oiread éilimh ar sheirbhísí sláinte, go mórmhór i dtaca le galar croí agus leithéid.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.