CÚRSAÍ SPÓIRT
Na cluichí ‘gallda’ i bPáirc an Chrócaigh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Féachann Colm Mac Séalaigh ar imeachtaí stairiúla Pháirc an Chrócaigh an mhí seo caite.

Íomhá
Íomhá
Ticéad do chluiche Dhomhnach na Fola, 1921
Íomhá
Fuair Tír Eoghain an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath faoi na tuilsoilse an mhí seo caite
Íomhá
Denis Hickie ag imirt i gcoinne na Fraince i bPáirc an Chrócaigh
Íomhá
Shane Horgan ag scóráil úid i gcoinne Shasana

Ní fhéadfaí mí Feabhra 2007 a ligean tharainn gan tagairt a dhéanamh d’imeachtaí spóirt na míosa sin. “Stairiúil”, “iontach”, “dochreidte”, “tábhachtach”, “cinniúnach”, “náireach”. Sin cuid de na haidiachtaí ar baineadh úsáid astu agus cúrsaí spóirt na tíre bige seo, agus go speisialta na trí ócáid ar leith a tharla i bPáirc an Chrócaigh, á bplé ag “saineolaithe” spóirt, staire agus polaitiúla, gan trácht ar “Thadhg an Mhargaidh”. Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.

Is dóigh gurb é an rud is mó a tharraing caint agus argóint ná “God save the Queen” a bheith á chasadh roimh an gcluiche i gcoinne Shasana. Bhí daoine ag rá go mba mhasla é do chuimhne Mhíchíl Uí Ógáin, duine d’fhoireann pheile Thiobraid Árann ar an lá úd fadó, agus na ndaoine eile a dhúnmharaigh arm na Breataine i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola i 1921. I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche. Ach bhí daoine eile a labhair faoi thuismitheoirí agus faoi ghaolta a bhí i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola agus a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse ar son na Poblachta, agus a dúirt, cuid acu ar aon nós, go raibh an t-am tagtha an cosc ar chasadh an amhráin úd a ardú. Bhí sé tábhachtach dóibh mar sin féin go dtabharfaí ómós cuí d’íobairtí agus do phrionsabail na nglúnta a chuaigh rompu.

Rud amháin a tháinig as cuairt na Sasanach ar Pháirc an Chrócaigh ná an t-ómós agus an urraim, an míniú agus an insint a tugadh sna meáin chumarsáide ar an méid a tharla ar Dhomhnach na Fola. Bhí caint nach dtarlaíonn go minic ar eachtraí staire a raibh baint acu le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus b’fhéidir gur fhoghlaim cuid d’aos óg na tíre beagán faoina stair agus faoi ról CLG i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh le céad fiche éigin bliain anuas. Go fiú i gcás mheáin agus fhoireann Shasana, léiríodh suim i stair Pháirc an Chrócaigh agus CLG. Thug iarimreoir rugbaí de chuid na hÉireann, Conor O’Shea, caint d’fhoireann Shasana i rith na seachtaine roimh an gcluiche faoi thábhacht CLG agus Pháirc an Chrócaigh i saol agus i stair na tíre seo. Iarimreoir de chuid Chiarraí athair Chonor, dar ndóigh!

Trí chluiche mhóraAr thrí ócáid i rith mhí Feabhra bhí breis is 80,000 duine i láthair ag cluichí i bPáirc an Chrócaigh. Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, déarfainn, ach i gcás na hÉireann de is údar iontais é, ag cur san áireamh gur tír bheag le daonra beag í Éire. I gcás na gcluichí idirnáisiúnta rugbaí, bheifeá ag súil le slua an-mhór a bheith i láthair. Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?). Ní hiontas ar bith é dá bhrí sin go raibh an staid lán do na cluichí rugbaí sin.

Is é an t-iontas, ar bhealach, ná gur thosaigh an tsraith seo de chluichí agus Páirc an Chrócaigh lán go doras le cluiche peile idirchontae sa tSraith Náisiúnta Peile idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain. De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na Dubs agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin. Oíche Shathairn “stairiúil” a bhí ann gan dabht ar bith! Sílim féin go ndeachaigh lucht CLG ina sluaite i ngeall ar an ghné “stairiúil” a bhain leis an ócáid agus i ngeall ar dhá chluiche mhóra rugbaí a bheith le tarlú, chun a thaispeáint don saol mór gur le CLG Páirc an Chrócaigh agus go bhfuil stádas ar leith ag na cluichí Gaelacha i saol mhuintir na hÉireann. Maidir leis an gcluiche féin, bhí sé sách maith don ócáid, ag cur san áireamh gurbh é an chéad chluiche “ceart” den bhliain úr ag na foirne a bhí i lár a gcuid traenála le haghaidh cluichí móra an tsamhraidh. Ach údar imní do mhuintir Átha Cliath luath go maith sa séasúr gur chaill foireann na hardchathrach a bealach, mar a déarfá, ar nós mar a tharla i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann an samhradh seo caite tar éis tús maith spleodrach. Neosfaidh an aimsir an féidir le foireann Átha Cliath an fabht áirithe seo a ruaigeadh as a n-imirt in am don chraobhchomórtas.

Ar nóta íseal, ní fhéadfá an milleán a chur ar dhuine a bheith beagán searbhasach faoin lucht tacaíochta a bhíonn ag Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh. Seachtain i ndiaidh na hócáide “stairiúla”, d’imir Áth Cliath i gcoinne Luimnigh i bPáirc na nGael ós comhair 1,800 duine nó mar sin. Ardaíonn sin ceist faoin 80,000 eile, a bhformhór as Baile Átha Cliath, a bhí ag féachaint orthu seachtain roimhe sin. B’fhéidir go bhfuil tarraingt níos mó ag na hócáidí “stairiúla” ná mar atá ag na cluichí iad féin.

An chéad chluiche rugbaíÉire in aghaidh na Fraince an chéad chluiche rugbaí a imríodh i bPáirc an Chrócaigh. Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin. Ní hamháin sin, bhí Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 ann (casadh “God Save the Queen”, de réir mar a thuigim), agus babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, Muhammad Ali i gcoinne All Lewis, i 1974. Ach, dar ndóigh, tá tábhacht ar leith le rugbaí agus sacar i bPáirc an Chrócaigh ar an ábhar gurb iad seo na cluichí “fíor-Ghallda” ar raibh cosc ar a n-imirt i measc bhaill CLG ar feadh i bhfad. Do bhaill agus do lucht leanúna CLG, b’aisteach agus ba choimhthíoch an radharc iad na cuaillí difriúla a bhaineann le rugbaí agus an limistéar imeartha laghdaithe a fheiceáil. Murab ionann agus amhrán náisiúnta Shasana, ní raibh aon drogall roimh chasadh an Marseillaise, amhrán náisiúnta na Fraince. Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é!

An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche. Cé go raibh díomá agus briseadh croí ar na himreoirí seans gur chuidigh an toradh agus an deireadh diomúch le foireann na hÉireann a ghríosú agus tabhairt faoi na Sasanaigh le cur chuige agus le paisean. Bheadh náire ar na himreoirí dá gcaillfidís dhá chluiche “stairiúla” i ndiaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh agus bhí sé as an gceist ligean dó sin tarlú.

I gcoinne Shasana, foireann dhifriúil a chuaigh chun páirce. Bhí an Drisceolach agus Stringer ar ais. Bhíodar in easnamh i gcoinne na Fraince agus bhí sin le brath ar fhoireann na hÉireann. Lá an chluiche, chan an slua “Amhrán na bhFiann” le gustal i airde a gcinn is a ngutha agus bhí an stáitse réitithe, mar a déarfá, le haghaidh taispeántais “stairiúil”. Agus sin go díreach a tharla. D’imir Éire le díocas agus le croí agus thug léasadh ceart do na Sasanaigh. An bua is mó riamh i gcoinne an tsean-namhad a bhí ann. Lá foirfe, dar le cách.

Mar fhocal scoir, ar an ábhar gurb í an iománaíocht thar na cluichí páirce go léir is ansa liom féin, bhí cúpla toradh ann a bhí “stairiúil” nó leathstairiúil i rith mhí Feabhra. Sa chéad áit, bhí comhscór ag foireann Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh sa tsraith náisiúnta iomána. Tabharfaidh sé sin uchtach agus misneach d’iománaithe óga na cathrach agus dóchas dá lucht leanúna. Ar an dara dul síos, cháiligh foireann iomána Bhaile Locha Riach den chéad uair ina stair féin do chluiche ceannais chlub na nÉireann a bheas á imirt ar Lá Fhéile Phádraig i bPáirc an Chrócaigh. An mbeidh 80,000 duine i láthair? Ar éigean é ach is cinnte go mbeidh beagnach chuile dhuine as Baile Locha Riach ann agus seans maith go n-ardóidh siad cúpla véarsa de “The Fields of Athenry”, a gcéilí comhraic i gcraochchluiche an chontae, roimh dheireadh an chluiche!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.