CÚINNE NA nEALAÍON
Na Cloigne
Eilís Ní Dhuill Eilís Ní Dhuill Eilís Ní Dhuill

Choinnigh Eilís Ní Dhúill an cloigeann nuair a mheas sí an scannán ‘samhlaíochscéiniúil a taispeánadh ina scannán lánfhada ag Film Fleadh na Gaillimhe i mí Iúil.

Íomhá
Darach Ó Dubháin, faoi scéin
Íomhá
Siobhán O Kelly, mar Nuala

Scannán Lánfhada Éireannach
Stiúrthóir: Robert Quinn
Léiritheoir: ROSG

Is scannán samhlaíoch, corraitheach é Na Cloigne, scannán atá bunaithe ar bhunscript Dharach Uí Scolaí. Tá an scannán beo agus ar barr creatha, go deimhin, le hachrainn teaghlaigh, le héad agus le cumhachtaí dorcha an tsaoil. Tá a dhóthain foscéalta ann chun luas a choinneáil faoin scannán, ach gan an iomarca ann le radharc=scene">="gloss" title="confusion">mearbhall a chur ort. Is é Robert Quinn a stiúir an scéinscéal comhaimseartha osnádúrtha seo a taispeánadh níos túisce sa bhliain mar shraith theilifíse ar TG4 agus mar scannán lánfhada ag Film Fleadh na Gaillimhe le déanaí.

neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Darach Ó Dubháin, Siobhán O Kelly, Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin. Leis an líon beag d’aisteoirí gairmeacha le Gaeilge atá ann, agus cuid mhór acu feicthe go minic cheana ar an scáileán, bhí an baol ann gur cosúil le radharc samhlaíoch as Ros na Rún a bheadh sa scannán seo. Ach le script láidir corraitheach ó Dharach Ó Scolaí agus Lauren McKenzie agus faoi stiúir chruthaitheach chleachtach Robert Quinn, éiríonn leis an aisteoireacht a bheith inchreidte agus le dealramh don chuid is mó.

Ó Dubháin

Tá an gradam d’Aisteoir na Bliana tuillte go maith ag Darach Ó Dubháin as a pháirt mar Sheán Ó Dónaill. Fear óg drúisiúil a bhfuil tóir ag na mná air, agus aigsean orthu, is ea Seán. Éiríonn le Ó Dubháin inchreidteacht agus doimhne an charachtair a thabhairt slán go háirithe agus é i lár argóna faoi chúrsaí grá lena pháirtí, Nuala. Fiafraíonn sé di, ar mhaith léi go ngearrfadh sé a chroí óna ucht (leis an scian a chaith sí leis!) Gan aisteoireacht chumasach, d’imeodh líne mar seo amú agus theipeadh ar an radharc ar fad.

O Kelly

Tá cúis eile nach dteipeann ar an radharc seo, áfach, agus is é sin a chomhaisteoir, Siobhán O Kelly (Nuala Ní Dhireáin). Bhain O Kelly a cáilíochtaí amach ón Guildhall School of Music and Drama in 2007 agus cruthaíonn sí í féin go sonrach nuair a théann sí as a cranna cumhachta ar fad le Seán, í ag cur ina luí air go bhfuil sé ‘ag dul suas ar chuile striapach sa bhaile’ agus anois á dtabhairt abhaile leis. Tá na radharcanna ina dtagann Ó Dubháin agus O Kelly le chéile ar chuid de na radharcanna is corraithaithí atá feicthe agam i scannán ar bith, i dteanga ar bith le déanaí, iad beo le paisean, grá, fuath, fearg agus éad.

Is scannán ar ardchaighdeán cineamatagrafaíochta é Na Cloigne a dhéanann scagadh ar théamaí uilíocha; éad, achrann teaghlaigh, slánú anama, agus tugann sé dá réir spléachadh dúinn ar an taobh dorcha den chine daonna. Tagann fás agus forbairt faoin scéal agus faoi na carachtair le linn an dráma. Tá ar a laghad trí bhuaicphointe sa scannán, rud a chuireann i gcuimhne dúinn gur mar dhráma i dtrí pháirt a chéadscríobhadh an script. Ní bhaineann sé seo a bheag nó a mhór den scannán, ach é ag coinneáil an lucht féachana spreagtha, fiosrach.

Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, an le teann éada a maraíodh iad nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafáis seo? Craolfar Na Cloigne arís mar scannán lán fhada ar TG4 amach san fhómhar. Bí ag faire amach dó, is ná caill - é!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is léachtóir páirtaimseartha í Eilís Ní Dhúill in OÉG a chaith tréimhse ag obair mar stiúrthóir/eagarthóir físe le TG4.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.