AGALLAMH BEO
Muireann Ní Chuív, Aistritheoir
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chas Robert McMillen le bean óg as Indreabhán, Conamara, atá ag saothrú i saol an aistriúcháin le tamall de bhlianta. Ní in Éirinn ná sa mBruiséal atá sí lonnaithe, ach thall san Oileán Úr mar a mbíonn sí ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Lehman.

I Mám na Mucaise ag Cloich Ceannfhaolaidh, tá droichead darb teideal Droichead na nDeor. B’anseo a d’fhág an t-aos óg slán ag cairde is ag gaolta sular imigh siad siad chun na héiginnteachta san Oileáin Úr nó i Sasana nó i dtíortha níos faide i gcéin. B’iomaí olagón agus ochón ó a chualathas ag an droichead chéanna.Tá Droichead meafarach na nDeor in aerfort Bhaile Átha Cliath na laethanta seo ach ní hionann an imirce inniu agus an imirce san aimsir anallód. Tá na glúnta Gael ag imeacht leo chun na héiginnteachta céanna ach tá an domhan i bhfad níos lú ná mar a bhíodh sé. Tá an t-andúchasach aithnidiúil anois mar gheall ar na meáin chumarsáide agus cúrsaí teicneolaíochta agus tá Gaeil óga ag baint tairbhe as. Ní leanann an t-ologón agus an caoineadh an imirce i gcónaí. 



Tá bean óg amháin ag obair ar an choigríoch agus cé go bhfuil gaol an-láidir lena muintir agus lena tír dhúchais tá sí ag saothrú léi i gcúrsaí Gaeilge - i Nua-Eabhrac. Rugadh Muireann Ní Chuív in Indreabhán i bhfad ó ilstóraigh Manhattan ach tá sí féin agus a fear chéile ag baint suilt as an saol cois Hudson. Cad é na chéad chuimhní atá aici ag fás aníos di?

“Ceapaim gurb é an chéad chuimhne cheart atá agam ná dhul ag an ospidéal le castáil le mo dheartháir nua - Diarmuid - nuair a bhí mé dhá bhliain go leith nó mar sin. Mar sin ní cuimhin liom a bheith i mo ghasúr aonair! Áit álainn é Indreabhán le fás aníos ann. Tá pobal iontach láidir ann agus tá a fhios agam go mbíonn daoine ag gáire fúm nuair a deirim seo ach bhí óige an-idéalach agam ann,” ar sí.

Gaeltacht Ár Linne Féin

Bhíodh athair Mhuireann, Brian, ag obair leis an Údarás go dtí go ndeachaigh sé amach ar a phinsean anuraidh agus d’éirigh a máthair, Bríd, as an obair le haire a thabhairt dá clainn. “Bhí sí iontach cruógach ag obair go deonach sa bpobal agus muid ag fás aníos.” arsa Muireann. “Déanann an bheirt acu go leor ar son an phobail, idir an cumann áitiúil CLG, an comhar creidmheasa, thiomsú airgid do charthanais éagsúla agus neart eile.”

beirt deartháireacha aici fosta, Diarmuid (nó Spyro mar is fearr aithne anois air) agus Colm. Tá Diarmuid ag taisteal ar fud na cruinne le deich mbliana anuas nó mar sin agus tá sé ag cur faoi sa Phoblacht Dhoimineach faoi láthair mar theagascóir scúba. Tá Colm ag obair i nGaillimh, agus an t-ádh leis gurb eisean an t-aon duine againn nár fhág ar an mbád bán – cé gur beag seans go dtarlóidh sé sin leis an tóir atá aige ar chúrsaí spóirt sa mbaile!Is léir gur theaghlach mór Gaeilge a bhí i muintir Uí Chuív ach, b’fhéidir go mbeadh róshimpliú i gceist anseo, ach is cosúíl go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht ag déanamh neamhairde ar an Ghaeilge ach ní sin mar a bhí Muireann. Cén fáth?

“D’fhéadfainn an lá a chaitheamh á phlé seo! Níl mé cinnte an fíor a rá go bhfuil aos óg na Gaeltachta ag déanamh neamhairde den Ghaeilge, ná gur eisceacht mise,“ ar sí. “B’fhéidir go raibh dearcadh saghas difriúil agam ar an nGaeilge mar go raibh col ceathracha liom á dtógáil le Gaeilge i mBleá Cliath agus go raibh baint ag mo mhuintir le heagraíochtaí éagsúla Gaeilge. Mar sin níor mheán cumarsáide amháin í an Ghaeilge. Thuig mé go raibh an t-ádh dearg linn a bheith sa nGaeltacht agus an Ghaeilge a bheith thimpeall orainn i gcónaí. Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!”

Cailleadh nó Caomhnú?

Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla?

“Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb. Tá saol déagóirí go háirithe dírithe go hiomlán ar ábhar Béarla agus ní haon ionadh é mar sin go bpléann siad a leithéid i mBéarla. Ach ceapaim go n-iompaíonn go leor den aos óg ar ais ar an nGaeilge agus iad níos sine (go háirithe má bhíonn clann acu) mar sin, fad is go bhfuil an teanga sealbhaithe go maith acu agus go bhfuil siad líofa, bheinn dóchasach nach bhfuil deireadh na Gaeilge i ndán dúinn fós.”Agus i gcónaí gcónaí, bíonn cúinsí pearsanta ag baint le sealbhú teanga mar is eol do Mhuireann ach go háirithe. Cad chuige a bhfuil an oiread sin spéise aici sa teanga?

“Bhuel, ní ón ngaoth a fuair mé é! Bhí spéis mhór ag mo shinsir sa nGaeilge, fiú mo sheantuismitheoirí a rugadh i Sasana. Is breá liom a rá le daoine gur mar gheall ar an nGaeilge a casadh mo thuismitheoirí ar a chéile, a dtuismitheoirí siúd, agus mo shin-seantuismitheoirí fiú! Gan na heagraíochtaí Gaeilge agus ranganna Gaeilge ar ar fhreastail siad agus lenar oibrigh siad, ní bheinnse anseo. Agus is dócha go bhfuil sé chomh maith agam a admháil gur casadh m’fhear céile féin orm ag céilí a d’eagraigh an cumann gaelach san ollscoil i nGaillimh. Céard a dhéanfadh mac an chait…”



Ní hiontas mar sin é go ndearna Muireann staidéar ar an teanga ar an ollscoil Bhain sí céim sa Léann Ceilteach amach in OÉ Gaillimh áit ar thaithnigh an éagsúlacht mhór léi, an Ghaeilge, idir Shean-, Mheán- agus Nua-Ghaeilge, stair, seandálaíocht, teangacha Ceilteacha, Béarla na hÉireann agus bhí sí an-pháirteach sna cumainn Ghaelacha fosta, agus sheas an caidreamh agus cairdeas a bhain leo sin léi i gcónaí.

Ag Tarraingt as Taisce an tSaibhris

Tá siad ann a chuirfeadh an cheist: “Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge? Cad é an úsáid atá leo sin?” Cad é an freagra a thugann Muireann ar an cheist sin?

“Bhuel, i mo chás-sa, thaithnigh an teanga go mór liom, agus tá ceol le sonrú sa tseanfhilíocht nach gcloisim sa bhfilíocht nua (ach seans gur orm féin atá an locht faoi sin!). Is breá liom freisin an cur síos a fhaigheann muid ar shochaí na hÉireann ag an am. Ach níos mó ná rud ar bith eile, is breá liom na scéalta! Léigh mo thuismitheoirí linn chuile oíche sula ndeachaigh muid a chodladh agus is dócha go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm orm.”

Agus an saibhreas seo Gaeilge thart uirthi, an t-eolas ata aici ar an tSean-Ghaeilge, idir theanga agus litríocht - an gcuireann sé éadóchas uirthi nuair chluineann sí Gaeilge an lae inniu agus í chomh truaillithe is atá sí (má chreideann sí go bhfuil sí truaillithe)?

“Sin ceist chonspóideach!” a fhreagraíonn sí ag gáire. “Is cinnte go bhfuil an teanga ag athrú, ach is rud nádúrtha é sin. Tá sé spéisiúil, feiceann tú rudaí ar nós ‘Ná habair seo’, ‘úsáid an fhoirm seo den mbriathar’, srl. sna lámhscríbhinní ach ní bheadh a leithéid á rá murach go raibh daoine á rá. Plus ça change – bíonn an t-aos ‘léannta’ i gcónaí ag tabhairt amach faoin dream óg atá ag simpliú na teangan agus ag déanamh neamhaird de rialacha casta gramadaí!

“Ar ndóigh, tá contúirt faoi leith ag baint le simpliú - nó truailliú - na Gaeilge sa lá atá inniu ann mar gur mar gheall ar thionchar mór an Bhéarla atá sé ag tarlú seachas mar gheall ar fhorbairt nádúrtha na teanga. Féadfaidh teanga ar bith focla iasachta nua a ionsú gan fadhb ar bith, ach nuair atá comhréir agus nathanna cainte ag athrú mar gheall ar theanga eile, cruthaítear fadhbanna móra.”

Éagsúlacht an Réimse Oibre

Bhí Muireann ar na chéad daoine a ghnóthaigh an séala creidiúnaithe d’aistritheoirí, caílíocht a bhí ina cabhair mór di cionn is go bhfuil go leor comhlachtaí ag diúltú oibriú le héinne nach bhfuil sé acu agus, ar an dea-uair é, is breá le Muireann an t-aistriúchán agus an phrofléitheoireacht mar obair.

Feileann an éagsúlacht a bhaineann leis go mór dom,” ar sí. “D’fhéadfainn a bheith ag plé le téacsleabhar ar maidin, le cuntaisí bliantúla tráthnóna agus le logánú suíomh idirlín an lá dár gcionn. Is breá liom freisin gur féidir liom an obair a dhéanamh áit ar bith ar domhan fad is go bhfuil an t-idirlíon ar fáil dhom. Amantaí bíonn lagmhisneach orm agus mé ag plé le hábhar nach léifear i nGaeilge ná i mBéarla, ach ní minic a tharlaíonn sé sin buíochas le Dia!”

Ach níl gach rud foirfe i saol an aistriúcháin. Feiceann Muireann go bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre atá ar fáil agus go bhfuil ‘race to the bottom’ i gceist leis an ghairm chomh maith le neart tionscal eile in Éirinn. Féadfaidh an obair a bheith saghas uaigneach fosta ach dar léi, is gairm í ar cheart do dhaoine óga pointeáilte atá in ann obair as a stuaim féin, agus atá ag iarraidh a bheith ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge an t-am uilig a bheith ag smaoineamh uirthi - go háirithe má tá fonn taistil orthu. Is breá le Muireann Nua-Eabhrac. Bíonn neart ar siúl i gcónaí agus is breá le bean Indreabháin brí agus beocht na cathrach.

“Níl aon dá sheachtain mar a chéile agam i ndáiríre,” ar sí. “Caithim na maidineacha i mbun aistriúcháin agus bím ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta istoíche. Chomh maith leis sin, téim ag imeachtaí sóisialta agus cultúrtha go minic, ach ní bhíonn aon phatrún faoi leith ag baint leo sin ach an oiread (seachas go mbíonn go leor imeachtaí Gaeilge i gceist). “Le mí anuas, mar shampla, chuaigh mé go céilí dhátheangach le Maura Mulligan ar an Upper West, go dtí an Easter Bonnet Parade ar Ascaill a Cúig, agus go Sakura Matsuri (Féile Sheapánach Bhláth na Silíní) i mBrooklyn.

Ionad Sruithléann na hÉireann, Nua-Eabhrac

Bíonn Muireann ag obair ag an Irish Arts Centre fosta. Cén cineál áite í? “Áit iontach!” a fhreagraíonn bean Chonamara. “Bíonn gach cineál ruda ar siúl ann, idir dhrámaíocht, cheol, litríocht, ealaín, scannáin agus an Ghaeilge ar ndóigh. Bíonn rangannaí Gaeilge againn do dhaoine fásta agus do dhaoine óga, chomh maith le himeachtaí difriúla i gcaitheamh na bliana.“Tá an t-ádh liom freisin a bheith ag obair le Thomás Ó hÍde i gColáiste Lehman, cuid d’ollscoil CUNY áit ar féidir céim sa nGaeilge a bhaint amach – chuala mé go raibh neart deiseanna teagaisc anseo do mhúinteoirí Gaeilge ach tá sé dochreidte i ndáiríre an méid a bhíonn ar siúl ag pobal na Gaeilge anseo,” arsa Muireann. Nuair nach bhfuil sí ag aistriú nó ag múineadh.

Is breá le Muireann a bheith - ag ithe! Sin an caitheamh aimsire is mó atá aici thall! “Is breá liom na bialanna éagsúla atá anseo sa gcathair, agus an rogha iontach atá ar fáil. Tá rogha gach bia agus togha gach dí anseo!

“I rith an gheimhridh, téim ag clársciáil ag an deireadh seachtaine go minic agus i rith an tsamhraidh caithim an deireadh seachtaine amuigh sa gcathair ag clamhsán faoin teocht damanta de ghnáth!”

Is léir go bhfuil tallann ar leith in Muireann ach cad é mar a fheiceann sí í féin i gceann 5 bliana? Níl tuairim aici! “Cúig bliana ó shin bhog mo bhuachaill ag an am go Nua-Eabhrac ar feadh sé mhí – anois tá muid pósta agus ag cur fúinn anseo go fóill. Ag Dia atá a fhios cá mbeidh muid faoi cheann cúig bliana eile, ach cén dochar?!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.