THALL IS ABHUS
Muilte Gaoithe
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

toibreacha na hartola á dtaoscadh i rith an ama agus tá PJ Mac Gabhann den tuairim go mbeidh cinneadh i leith ghiniúint aibhléise le déanamh ag muintir na hÉireann.

Íomhá
Spléachadh ar chaitheamh cumhachta 04
www.eia.doe.gov oia ieo ar Vicipéid
Íomhá
Cumhacht eithneach
www.world-nuclear.org ar Vicipéid
Íomhá
31 gineadóir ar theorainn Liatroma agus Ros Comáin
Íomhá
Tailte bánaithe Chernobyl
www.lib.utexas.edu ar Vicipéid
Íomhá
Garbhach, Co. Liatroma

Ar rothar a bhí mé an chéad uair a thaistil mé siar bóthar Chois Fharraige. 1980 a bhí ann agus ba bheag eolas a bhí agam ar Chonamara. Ach bhí áiteanna ann ar mhian liom a fheiceáil: Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua mar shampla nó crann tarchuradóra Raidió na Gaeltachta i gCasla agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Bhí an samhradh romham agus airgead i mo phóca. Nach mé a bhí sásta!

Ar theacht go crosbhóthar Scríb dom níos faide anonn sa lá, chas mé siar i dtreo Ros Muc mar a mhol an comhartha bóthair dom a dhéanamh. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé chuig an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha, é ar thaobh an bhóthair agus an fharraige lena chúl aniar aneas. Sheas mé tamall ag breathnú air. Rud gránna a bhí ann. Thug mé faoi deara go raibh geataí an tsuímh dúnta go docht daingean agus glas orthu. Bhí gach cuma ar an bhfoirgneamh go raibh sé tréigthe le dornán de bhlianta.

Ach bhí dul amú orm. Is ina dhiaidh sin a fuair mé amach go raibh feidhm á baint fós as an stáisiún chun aibhléis a ghiniúint agus go mbíodh muintir na háite ag tarraingt móna ann go rialta i gcaitheamh an tsamhraidh. Foinse ioncaim a bhí ann dóibh. Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.

Millte ag Muilte?

Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta. Frainc Reidy, saineolaí cúrsaí míleata an raidió, a bhí faoi agallamh agus é ag caint faoin gcruinniú a bhí ar siúl i Halla Pobail Chamuis an oíche roimhe sin faoi mhuilte gaoithe atá beartaithe don cheantar. Ba léir nach raibh Frainc róthógtha leo mar smaoineamh.

D’fhéadfadh na muilte gaoithe dochar a dhéanamh don tírdhreach, dar leis. Ach beidh ar mhuintir na hÉireann cinneadh a dhéanamh faoi na foinsí fuinnimh a bheidh ann nó is ceart a bheith ann feasta sa tír. Tá a fhios ag Frainc agus againn ar fad nach fada eile a bheimid in ann brath ar bhreosla iontaise, leithéidí gáis, ola etc. Dar le tuarascáil a d’fhoilsigh an US Energy Information Administration i 2006, méadófar éileamh domhanda ar ola ó 80 milliún bairille in aghaidh na bliana go 120 milliún bairille faoi 2025. Agus mar atá feicthe againn le mí nó dhó anuas, is in airde atá praghas an bhreosla ag dul.

Faoi láthair, gintear os cionn 80% den leictreachas sa tír seo ó bhreosla iontaise, gás go príomha (60%) ach ó ghual (14%), móin (6%) agus ón ola (2.5%) chomh maith. Lena chois sin, tá dualgas ar Éirinn faoin sprioc atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach gearradh siar ar na hastaíochtaí CO2 idir seo agus 2020. Mura ndéantar sin, gearrfar fíneáil orainn. Tá sé curtha roimhe ag Bord Soláthair an Leictreachais go mbeidh aon trian dár gcuid leictreachais ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020 agus go mbeidh Éire neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2035. An spriocanna réalaíocha iad sin?

El Hierro

Ar El Hierro, an t-oileán is lú de chuid na nOileán Canárach, tuigtear go mbeidh an pobal buan, beagán os cionn deich míle duine, mar aon leis an seasca míle duine a thagann ar cuairt chuig an oileán gach bliain, iomlán neamhspleách ó thaobh cúrsaí fuinnimh de go luath an bhliain seo chugainn. Ní hé gur thángthas ar thobar ollmhór gáis gar don oileán le deireanas. Fuinneamh in-athnuaite atá i gceist.

Tógadh cúig mhuileann gaoithe ar chósta thoir thuaidh an oileáin, iad ceithre mhéadar is seasca ar airde an ceann. Úsáidfear an leictreachas a ghinfear chun freastal ní hamháin ar ghnáth-thomhaltóirí, ar fheirmeoirí agus ar lucht tionscail, ach chun uisce a chur suas an sliabh go taiscumar uisce atá seacht gcéad méadar os cionn chothrom na farraige. Anois is annamh nach séideann an ghaoth ar El Hierro ach sa chás nach féidir na muilte gaoithe a fheidhmiú ar chúis éigin, bainfear leas as an uisce sa taiscumar chun tuirbíní hidrileictreacha a chur ag obair. Soláthar ceithre lá leictreachais atá sa taiscumar.

Is léir gur pobal uaillmhianach é pobal El Hierro. Trí mhonarchana díshalannaithe atá á dtógáil ag muintir an oileáin agus rithfear iad ar an leictreachas in-athnuaite céanna. Úsáidfidh feirmeoirí áitiúla an t-uisce a thairgfear chun a gcuid tailte a uisciú. Ina theannta sin, tá sé beartaithe fáil réidh leis na feithiclí artola agus díosail atá ar an oileán faoi láthair agus feithiclí aibhléise a chur ina n-áit. Ó thaobh cúrsaí fuinnimh de, is eiseamláir é El Hierro d’oileáin eile, Tenerife, cuir i gcás, nó Ikaria sa Mhuir Aeigéach.

Stáisiún Ginte Eithneach?

Má chuirtear chuige i gceart, an bhfuil aon chúis ar domhan ann nach féidir linn an bonneagar céanna a chur ar bun in Éirinn? Nó an é go bhfuil sé in am againn díospóireacht a bheith ann faoi stáisiún cumhachta eithneach a thógáil sa tír? Ní hamháin go bhféadfaí brath ar an soláthar fuinnimh dá mbeadh stáisiún eithneach dár gcuid féin againn ach ní bheadh orainn an méid céanna fuinnimh a allmhairiú.

Is í an Fhrainc an tír is mó stáisiúin eithneacha san Eoraip. Ocht gcinn is leathchéad atá inti. Agus gintear os cionn 80% d’aibhléis na tíre i stáisiúin eithneacha. I suirbhé a d’fhoilsigh an Institut BVA, lucht taighde margaidh agus tuairimí pobail, ar son France Télévisions i dtús mhí Aibreáin i mbliana, léirítear go bhfuil 58% de phobail na Fraince fós ar son na cumhachta núicléiche in ainneoin na timpiste in Fukushima na Seapáine i mí an Mhárta seo caite. De réir an tsuirbhé chéanna, 33% de phobal na hÉireann atá ar son na cumhachta eithní.

buaicphointe an ola ag druidim linn, dar le saineolaithe áirithe. Is é an síorardú i gcostas na hartola an tslat tomhais is fearr atá ann go bhfuil an soláthar ola ar domhan ag ídiú agus ag éirí gann. Tá soláthar eile fuinnimh ag teastáil uainn go géar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.