tabhair freagratabhair freagra #1 An Cainteoir Dóchais 5 Bealtaine 2011, 19:50 GMT
Más fíor go bhfuil an ola beagnach ídithe, agus más fíor nach bhfuil de rogha againn anois ach muilte gaoithe nó stáisiúin núicléacha, sa chás sin roghnóinn muilte gaoithe go cinnte. B'fhearr liom go mór cúpla radharc millte ná bheith go deo ag maireachtáil faoi bhagairt tubaiste ar nós Searnóbail nó Fukushima.
tabhair freagratabhair freagra #2 sóm 8 Bealtaine 2011, 22:12 GMT
agus mé á léamh seo ta praghas na hartola ag titim, tá tarrac ar íle faoi dhromchla na cruinne ach í bheith níos doimhne ná na toibreacha atáthar a oibriú faoi láthair ar an mórchóir. níl i gceist ach an teicneolaíocht a thabhairt chun barr feabhais agus í a thál chugainne tomhaltóirí. sin ata i gceist a dhéanamh amach ó dhúnchaoin mar shampla, nára fada uainn é.
tabhair freagratabhair freagra #3 Iarla Mac Aodha Bhuí 14 Bealtaine 2011, 22:48 GMT
Sílim go bhfuil na muilte gaoithe ródhaor, agus mar nach bhfuil aon tionsclaíocht dár gcuid féin againn bíonn orainn iad a thabhairt isteach ón Darnmhairg nó ón Ghearmáin. Ba chóir dúinn cumhacht na dtonn a fhorbairt, ach ní dhéanfaimid é sin. Ceannóimid go daor ó thíortha eile nuair a bheith an taighde agus an fhorbairt déanta acu sin.
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 20 Bealtaine 2011, 15:49 GMT
> Sílim go bhfuil na muilte gaoithe ródhaor,

Ach cad mar gheall ar cheann maith athláimhe? Cé mhéad a chosnódh sin?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!