TEANGA AGUS CULTÚR
M.Sc san Aistriúchán tosaithe i gConamara
Áine Ní Chonghaile Áine Ní Chonghaile

Beidh an-ráchairt ar aistritheoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Áine Ní Chonghaile, stiúrthóir an chomhlachta Europus Teoranta atá ag tairiscint trí chúrsa dóibh siúd ar mian leo an cheird a fhoghlaim.

Íomhá
Íomhá

Le cúig bliana anuas tá Europus Teoranta, atá lonnaithe i gConamara, ag cur oiliúint san aistriúchán ar fáil, mar aon le seirbhísí aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga a thairiscint. Bunaíodh Europus i 1996 agus cuireann an comhlacht seirbhísí comhairleoireachta teanga ar fáil do TG4 chomh maith le seirbhísí aistriúcháin do na Ranna Rialtais ar fad agus do chomhlachtaí poiblí eile. Tá trí dhuine dhéag fostaithe ag Europus faoi láthair.

Ón tús bhí suim ag Europus san oiliúint le haistritheoirí a chur ar fáil don chomhlacht féin agus le teacht Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stádas na Gaeilge san Eoraip tá éileamh mór anois ar dhaoine atá oilte i ngnéithe éagsúla den teanga, go háirithe an t-aistriúchán. Beidh an tAontas Eorpach ag lorg breis aistritheoirí tar éis 2007, chomh maith le hinstitiúidí poiblí agus ranna stáit anseo in Éirinn.

Roinnt blianta ó shin, thosaigh Europus cúrsa aistriúcháin ag leibhéal Teastais agus Dioplóma Iarchéime i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (ITGME). Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó HETAC, a dhéanann faomhadh ar dhámhachtainí ITGME agus, ar ndóigh, tugtar lánaird ar cheanglais Fhorógra Bologna chun na dámhachtainí ar fad a bhronntar bheith ag teacht leis na caighdeáin Eorpacha.

Ón tús bhí éileamh mór ar na cúrsaí aistriúcháin. Ní thógtar ach cúig dhuine dhéag ar an gcúrsa le bheith in ann cúram pearsanta a dhéanamh de gach mac léinn. I gCarna a reáchtáiltear é agus faigheann na mic léinn liúntas ó Údarás na Gaeltachta. Ní bhíonn aon táille le híoc acu. Daoine a bhfuil céim acu agus daoine fásta a léiríonn oilteacht i nGaeilge agus i mBéarla a ligtear isteach ar an gcúrsa a sheasann 24 seachtain. Bíonn teagasc ar siúl ar feadh trí uair an chloig ar maidin agus taithí phraiticiúil le comhlacht nó eagraíocht san iarnóin.

Cúrsa é atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla a chur ar fáil a bhíonn in ann feidhmiú go hoilte sa ghnó. Tá modúil sa chúrsa a dhíríonn ar theanga do thionscal na craoltóireachta idir chraoladh, fhotheidealóireacht agus nuacht. Déantar modúl faoi leith dírithe ar úsáid theicneolaíocht an eolais agus na saoráidí teicneolaíochta atá ar fáil chun cuidiú le ceird an aistriúcháin.

Tá ardphostanna i Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí faighte ag daoine a bhain cáilíochtaí an chúrsa amach. Tá cuid eile acu ag dul don aistriúchán as a gconlán féin.

De bharr chomh maith agus a bhí ag éirí leis an gcúrsa agus an oiliúint ghairmiúil a bhí mic léinn a fháil, socraíodh gur mhithid Céim M.Sc a thionscnamh. Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil. Seo í an chéad chéim MSc. san Aistriúchán in Éirinn.

Beidh ar mhic léinn ardmharcanna a fháil sa Dioplóma Iarchéime sular féidir leo dul ar aghaidh chuig an gCéim MSc., a leanfaidh ar aghaidh nuair a bheidh an cúrsa Teastais/Dioplóma thart.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarrtais ná 16 Meán Fómhair 2005.

Más spéis leat cur isteach ar an Teastas/Dioplóma/MSc, cuir do CV chuig:

Europus Teoranta, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe Eolas breise: (091) 572082; europus@indigo.ie; www.europus.ie

Is as Conamara ó dhúchas í Áine Ní Chonghaile. I Rannóg an Aistriúcháin i mBaile Átha Cliath a fuair sí féin a cuid oiliúna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.