CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
M’iPad
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Caithfidh Roseanne Smith trácht a dhéanamh ar bhuaicphointí saothair Steve Jobs tráth a bhfuil le dul ar scor ó Mhac an Úill.

Íomhá
Flipboard
Íomhá
4oD
Íomhá
IMDb
Íomhá
Epicurious
Íomhá
Words with Friends
Íomhá
Flip
Íomhá
Rogha

Is deacair dom a chreidiúint go bhfuil cúig mhí istigh ó fuair an iPad agus nach bhfuil alt scríofa agam daoibh fúithi (Lilah an t-ainm atá uirthí; is í Ella an iPhone). Is deacair dom a chreidiúnt nach bhfuil ach cúig mhí caite agam ina comhluadar: braithim go raibh liom i gcónaí. Is deacair a chreidiúint gurb é Feabhra 2010 an uair a scríobh http://beo.ie/alt-ag-ithe-ull-aithne-na-teicneolaiochta.aspx faoin uirlis shoghluaiste seo ar dtús agus gurb é greann an mothúchán is a bhraith féin is a mhothaigh ar líne. Sin mar a ritheann rotha mór an tsaoil!

Fuair iPad 2 i Aibreáin seo chaite: d’éirigh liom an iPiggyBank a líonadh faoi dheireadh! cúpla ceann de mo chuid alt don iris seo scríofa agam uirthi: fuair eocharchlár Bluetooth léi. Ach, maith dom m’aineolas, i bhfad ródheacair síneadh fada a chló ar mhéarchlár Mac. Mar sin is fearr liom an t-alt a scríobh ar an PC: uafás na n-uafás!

Is mór, mór liom an iPad. Is rud álainn í féin sa bhealach céanna is atá earraí Apple ar fad, dar liom, ach is breá liom í mar uirlis chaithimh aimsire is oibre. Ó cheannaíomar na hiPadanna (fuair m’fhear chéile iPad 1 ar athláimh thart ar an am céanna: ceadaítear eyeroll) roinnt feidhmchláiríní iontacha insealbhaithe agam uirthi.

Liosta le hÁireamh

Ceapim go bhfuil oiriúnach agus Steve Jobs ag éirí as a phost mar phrîomfheidhmeannach Apple, ceiliúradh a dhéanamh ar bhuaicphointe a shaothair dar liom. Seo duit na cinn is áisiúla agus is áille measaim:

  1. Flipboard/ Zite, irisleabhair reatha: rud amháin faoin ipad nach bhfuil a mhacasamhail le fáil ó thaobh ábhar saibhir físiúil, seachas b’fhéidir, ar thaibléidí eile (ach n’fheadar chomh fada is a mhairfidh na taibléidí eile? http://thisismynext.com/2011/04/19/apple-sues-samsung-analysis/) Leis na feidhmchláiríní seo is féidir na foinsí is ansa leat a shainiú agus tarraingíonn siadirisleabharle chéile duit; irisleabhar lán le hailt, íomhánna is le graificí faisnéise. I mo chás féin, tarraingítear ailt ó mo shruth Twitter is Facebook, ó mo léitheoir Google, ó Instagram, ón chlíbcrochetar an ngréasán Wordpress, ón Guardian, ó National Geographic agus ó neart eile. Is mórán mar a chéile Flipboard agus Zite ach go dtarraingíonn Zite ábhar de réir eocharfhocail agus is féidir múineadh cén saghas eolais atá uait: beidh ceithre eocharfhocal in aice le gach alt, m.sh Gaeilge, Teicneolaíocht, Apple, iPad. Roghnaíonn cibé ceann a bhfuil spéis agat ann. As sin amach, gheobhaidh a leithéid arís sanirisleabhar”. Agus ar ndóigh na feidhmchláiríní ar fad comhtháite leis na gréasáin sóisialta, rud a ligeann duit gach aon a roinnt gan stró.

  2. Quickoffice agus Evernote: Ach tiomsú eolais amháin atá i gceist leis an iPad. Is féidir obair uirthi freisin. Luaigh thuas go bhfuil alt dhó don iris seo scríofa agam uirthi. Ina leith sin, cheannaigh an feidhmchláirín is costasaí a cheannaigh riamh .i. Quickoffice a chosain €11.99! Rinne roinnt taighde faoi na feidhmchláiríní atá ar fáil chun doiciméid a chruthú agus de réir an méid a léigh is é seo an ceann a oireann dom. Seachas an ghnáthobair a dhéantar ar cháipéisí Office, is féidir comhaid a shábháil láithreach chuig GoogleDocs Dropbox neart seirbhísí néil eile. Is féidir níos cuntas amháin a chur leis: mar sin cuntais Google Dropbox pearsanta AGUS oibre agat is féidir an obair is d’ábhar pearsanta a choinneáil scartha lena chéile. Chomh maith le Quickoffice táim an-tógtha le Evernote. Le cúpla anuas, táim ag léamh Getting Things Done le David Allen. Sa leabhar seo, a mhúineann córas eagrúcháin don saol comhaimseartha, molann an t-údar dúinn córas a bhunú inar féidir linn smaointí, rudaí-le-déanamh aguslúbanna oscailtea thaifead. Evernote foirfe leithéid tharla gur féidir na liostaí seo a choinneáil ar Evernote trí nótaí, fuaim trí ghrianghraf ar an iPhone, Android, iPad ar líne ar www.evernote.com. An fheidhm is atá agam an liosta siopadóireachta: scríobhaim ar an iPad sa chistin é agus ansin úsáidim an liosta céanna ón néal ar an bhfón san ollmhargadh féin.

  3. ShowYou: Is é ShowYou an feidhmchláirín is nuaí atá agam. Arís an ceann seo nasctha le do chuntas Google, Twitter is Facebook ach in ionad téacs is íomhá, feictear físeanna atá roinnte ag do chairde ar na gréasáin seo. Is bealach eile chun na físeáin seo a thaispeáint agus caithfidh gur maith liom é. galánta agus is furasta a úsáid.

  4. 4OD is iPlayer: roinnt stáisiúin teilifíse ag glacadh leis na féidearachtaí a cheadaíonn na huirlisí soghluaiste seo. feidhmchláirín 4OD ann atá go hálainn ar fad a ligfidh duit breathnú siar ar chartlann a stáisiúin idir CHannel 4, More4 agus e4. feidhmchláirín don BBC iPlayer ar fáil le anuas ach caithfear síntiús a ghlacadh chun an t-ábhar a fháil. Sin ráite, cartlann ag gabháil siar na blianta ar fáil uathu. Dála an scéil, is féidir breathnú ar theilifís bheo ó roinnt stáisiúin Éireannacha ón mbrabhsálaí ar uirlisí iOs trí www.magnetweb.tv.

  5. imdb: Seasann imdb do Internet Movie Database. B’fhéidir nach bhfuil an t-ainm chomh faiseanta is atá google is twitter skype, ach fhéadfainn féin breathnú ar an teilifís a thuilleadh gan an feidhmchláirín seo. Is féidir eolas a fháil faoi gach mac máthair a ghlac páirt in aon chlár teilifíse i scannán riamh. Sin críoch le gach tráth na gceist agus le gach iaróg amaideach faoin bpáirt a ghlac Alfeed Hitchcock ina scannáin féin. Tharla scannáin faoi thrácht againn, is féidir ar ndóigh, scánnáin a íosluchtú láithreach chuig an iPad ón iTunes Store. Breathníonn siad go hiontach ar an iPad.

  6. Epicurious, Cooks Illustrated is ApproachGuides Wine: an iPad go hiontach mar fhoinse tagartha is taighde. Táim féin tógtha le Epicurious.com le blianta anuas mar fhoinse oideas bia ar líne. a feidhmchlár agam le fada agus feabhas mór tagtha air i rith an ama. Cooks Illustrated go maith freisin le neart fîseán mínithe leis, ach caithfidh síntiús a ghlacadh chun an t-ábhar iomlán a fháil. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhíon is fiú go mór an ApproachGuides Wine a ligfeas duit eolas a chuardú de réir cineáil, réigiúin, cur síos srl. An-áisiúil fonn ort cuir le do chuid eolais ar an bhfíon.

  7. Words with Friends: Seo leagan den chluiche Scrabble inar féidir leat imirt in aghaidh iomaitheoirí eile thar am is thar spás. an cluiche seo agat is miseanmhorair. an iPad foirfe le haghaidh cluichí do gach saghas agus is breá leis na gasúir imeacht leo chun imirt le Peppa na Smurfs le cathair a chruthú is mar sin de. roinnt cluichí do bhuíonta iomaitheoirí freisin: mar sin ghá gach uile cluiche boird a iompar leat ar saoire a thuilleadh.

Thar na feidhmchláiríní roghnacha, an iPad go hálainn mar bhrabhsálaí idirlîne agus mar áis cumarsáide. Is breá liom féin Skype-áil uirthi ó shócúlacht mo thoilg. Ós ag caint ar an tolg ...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.