AR NA SAOLTA SEO
Míbhuntáistí na gcód poist
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Déanfaidh na cóid phoist, a bhfuiltear chun tús a chur leo in Éirinn i gceann cúpla bliain, an-dochar d’ár n-oidhreacht logainmneacha, dar le Padraig Mac Éamoinn, agus tiocfaidh méadú mór ar an dramhphost chomh maith.

Ag deireadh mhí na Bealtaine, d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, plean nua chun córas náisiúnta cód poist a chur ar bun. “Is annamh na tíortha forbartha gan cóid phoist, ach is eisceacht í Éire,” ar seisean. “Tá a leithéid de chóras de dhíth orainn chun fanacht iomaíoch.”

B’fhéidir gur *Luddite *mé féin de bhrí nach bhfeicim go bhfuil gá leo. “Cóid phoist? Cén fhadhb atá ann?” a deir tú (mura cuimhin leat Cogadh Átha Cliath 6W sna hochtóidí!). “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?”

Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne). Dar leo, chun go mbeidh sochar le fáil ón gcóras seo, ní foláir dó bheith níos forbartha ná mar atá in aon tír eile ar domhan. Bhuel, níl baol ar bith ann, mar sin. (Ar mhaith le héinne cúpla inneall vótála leictreonaí “beagnach nua” a cheannach?) Agus – faidhbín eile – níl An Post sásta an córas nua a úsáid. Ach fillfimid ar an bpointe sin ar ball.

Cad iad argóintí na ndaoine atá i bhfabhar na gcód poist?

Dar leis an Aire, meastar go bhfuil 40% de na seoltaí in Éirinn nach bhfuil uathúil: tá “An tUasal Tomás Ó Murchú, An Trá Bhán, Baile Beag, Co. Dhún na nGall” ann agus is é a chomharsa bhéal dorais ná “An tUasal Mícheál Mac Gabhann, An Trá Bhán, Baile Beag, Co. Dhún na nGall” - tá an seoladh céanna acu. Ach ní leigheasfaidh cóid phoist an fhadhb seo ach amháin má bhíonn limistéir chód poist fhíorbheaga ann (cód difriúil do gach aon teach tuaithe) agus níl córas aon áit ar domhan atá chomh beacht sin.

Ach, mar a deir na saineolaithe, fadó fadó (sna seascaidí) a forbraíodh na córais cód poist reatha go léir, agus le teicneolaíocht nua is feidir linn an t-aon chóras cód poist “de chuid an 21ú haois” a bheith againn.

Is féidir léarscáil na tíre a roinnt i mionghreillí (25 x 40 méadar, mar shampla) agus comhordanáidí a chur ar gach ceann acu, mar dhomhanleithead agus domhanfhad. “Geolocation” an t-ainm atá ar an gcóras seo, agus bheadh sé úsáideach do na seirbhísí éigeandála, mar shampla, go háirithe faoin tuath, agus is dócha go ndéanfadh sé idirdhealú idir an tUasal Ó Murchú sa Thrá Bán agus a chomharsa.

Tuaisceart Éireann

Dar le coiste na saineolaithe, ní feidir le córas nua cód poist iallach a chur ar dhaoine ainm a mbaile fearainn, a bparóiste nó fiú a gcontae, nó cuid ar bith dá seoladh reatha, a athrú.

Ach fiú amháin muna n-athraítear iad, ní féidir bheith cinnte go gcoimeádfar iad. Nuair a cuireadh córas cód poist ar bun sa tuaisceart, mar shampla, cailleadh ainmneacha na mbailte fearainn sna seoltaí agus ghlac ainmneacha bóithre nua-bhaiste a n-áit.

Agus ós rud é go mbeidh córas cód phoist de chuid an “21ú haois” againn (agus cód difriúil ar gach teach faoin tuath), chun litir a sheoladh chuig an Uasal Mac Gabhann i mBaile Beag, ní gá dúinn “An Trá Bhán, Baile Beag, Co Dhún na nGall ABCD1234” a scríobh - is leor “Baile Beag, ABCD1234” nó fiú amháin “ABCD1234”. Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu?

Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.

Caithfidh mé a rá gurb é an easpa cód poist in Éirinn, agus an bhaint atá idir seoladh agus eolas áitiúil, ceann de na rudaí is maith liom go mór faoinár dtír; is nasc concréiteach iad na seoltaí mar atá leis an stair, ceangal idir na daoine agus an áit ina bhfuil cónaí orthu, cosaint bheag ar dhíphearsanú shaol an lae inniu.

Cén fhadhb atá á réiteach le tabhairt isteach na gcomhad poist in aon chor?

Dar le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL), mar shampla, bhainfí úsáid astu nuair a bheadh fadhb ag custaiméir. Agus is cinnte go mbeadh siad úsáideach do na seirbhísí éigeandála, chun áit a aimsiú go tapa.

Ach ní gá córas iomlán daor cód poist a chumadh dó seo. Tá bunachar sonraí *geolocation *mór ag an tSuirbhéaracht Ordanáis agus an An Post, ina bhfuil comhordanáidí beachta gach foirgnimh sa tír, cheana féin. Más ag BSL agus na seirbhísí éigeandála atá an fhadhb is mó, bheadh sé níos fusa agus níos saoire uimhir ghutháin a chur sa bhunachar sonraí seo (chun go mbeadh láthair bheacht ar eolas ag teileafónaí 999 gan mhoill) agus gan córas cód poist a fhorbairt.

Ach cad faoi An Post? An bhfuil siadsian ag lorg córais mar sin? Níl, mar a tharlaíonn. Dar leo, tá teicneolaíocht sórtála níos forbartha acu ná aon chód poist, agus ní bhainfidh siad úsáid as córas greille ar bith ná as cóid scríofa ar chlúdaigh litreach.

Iomaíocht

Tá suim an-mhór ag dhá ghrúpa eile sna cóid phoist, áfach: comhlachtaí seachadta (leithéidí DHL nó UPS), agus lucht “na margaíochta dírí” (níl cead agam an t-ainm *junk mailers *a thabhairt orthu).

Tá an tAontas Eorpach ag leanúint ar aghaidh leis an bplean chun iomaíocht a chruthú sna seirbhísí poist. An bhliain seo chugainn, beidh leath de ghnó An Post oscailte do chomlachtaí eile, agus ón mbliain 2009 ní bheidh aon chosc ar an lucht iomaíochta. Ach, sa Brave New World, ní dócha go mbeidh beirt fhear poist ag obair i mBaile Beag. An brabús a mheallfaidh na hiomaitheoirí – agus beidh na litreacha agus na pacáistí práinneacha don lucht gnó níos brabúsaí ná an litir a scríobhfaidh an tUasal Mac Gabhann i mBaile Beag chuig a aintín i bPort Láirge.

Sin mar a tharla sa Nua-Shéalainn, an tír ar domhan ina bhfuil an iomaíocht is mó i gcúrsaí poist. Tá timpeall 30 comhlacht ann, ach tá speisialtóireacht á déanamh ag an gceann is mó acu – mar shampla, post práinneach an lucht gnó nó post a bhailítear as gréasán beag boscaí poist i gceantar amháin. Má bhíonn litir le seachadadh acu i gceantar eile, íocann siad cúpla cent le New Zealand Post chun é sin a dhéanamh.

Tá praghas na stampaí ag laghdú sa Nua-Shéalainn, agus tá ar New Zealand Post bheith i gcónaí á dhéanamh féin níos tana agus níos éifeachtaí. Seo an rud atá i ndán do An Post. Agus seo ceann de na cúiseanna nach maith le An Post na cóid phoist: beidh sé níos éasca ag iomaitheoirí nua teacht isteach sa mhargadh Éireannach mar gheall orthu.

Agus cad faoin *junk *... gabh mo leithscéal, an mhargaíocht dhíreach? Dar le cathaoirleach Chumann Margaíochta Dírí na hÉireann ní bheidh ach 3-4% de phost breise mar thoradh ar na cóid phoist. Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.

Sna Stáit Aontaithe, as an dramhphost ar fad a sheoltar gach bliain, caitear timpeall a leath amach gan é a oscailt, agus meastar gurb é an dramhphost seo is cúis le 3% den bhruscar sna láithreáin dumpála ansin. Ach is gnó ollmhór é: sa Bhreatain, caitear £25 billiún ar earraí agus seirbhísí postdíola gach bliain, timpeall £400 i gcás gach aon duine, páistí san áireamh.

Is dócha go mbeidh na cóid phoist ina n-ábhar plé idir seo agus mí Eanáir 2008 (an spriocdháta atá fógartha), agus b’fhéidir go bpléfear na costais freisin (rud a rinne an tAire dearmad a dhéanamh). Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla:

Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”. Go gcuirfear béim ar chaomhnú logainmneacha na mbailte fearainn agus na gceantar tuaithe. Tá go leor caillte cheana féin, agus tá go leor eastát tithíochta gan anam againn, a bhfuil ainmneacha mar “Ashleigh Downs” nó “Belview Grove” orthu, gan píosa eile dár stair chultúrtha a chailleadh. Nach mbeidh cead ag comhlacht dramhphost a sheoladh chuig daoine gan cead a fháil uathu roimhe sin. (A mhalairt ar fad atá i gceist sa Bhreatain: ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh chun stop a chur leis an dramhphost.)

Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.