CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Míbhuntáistí móra ag baint leis an vótáil leictreonach
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna gur botún mór é cinneadh rialtas na hÉireann athrú go vótáil leictreonach sna chéad toghcháin eile.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Bhí sceitimíní ar gach aon duine nuair a thosaigh na boscaí lán de vótaí ag teacht isteach sa halla mór. Ceann ar cheann, folmhaíodh na boscaí ollmhóra agus thit na páipéir bhallóide anuas ar bhoird. D’oscail na mná foighneacha ag na boird gach vóta go cúramach agus thaispeáin siad iad do na daoine díograiseacha a bhí taobh thiar de sconsa miotail in aice leo. “Ahern uimhir a haon” a bhéic duine amháin amach fhad is a rinne an duine eile nóta tapa de ar fhoirm speisialta. Ansin, nuair a bhí an leathanach sin den fhoirm críochnaithe, rith teachtaire trasna go dtí cúinne sa halla leis. Thug sé an bileog d’fhear cráite le ríomhaire glúine a bhí ag déanamh anailíse ar na figiúirí, agus chuaigh sé ar ais chun leathanach eile a fháil. Laistigh de chúpla uair an chloig, bhí toradh an toghcháin oibrithe amach ag an bhfoireann seo - toradh nár fógraíodh go hoifigiúil go dtí i bhfad níos déanaí.

Sin an radharc a bhí romham nuair a chaith mé seal mar cheannaí airleacain ag olltoghchán roinnt blianta ó shin - ach cuirfear deireadh leis an bpróiseas seo má éiríonn le rialtas na hÉirinn vótáil leictreonach a chur i bhfeidhm. D’fhógair an rialtas le déanaí go ndéanfar an vótáil ar fad sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha an samhradh seo chugainn go leictreonach - ach ceapann go leor daoine eile gur céim siar don daonlathas é seo.

Faoi láthair nuair a chaitheann daoine in Éirinn vóta i dtoghchán, déanann siad é trí pheann luaidhe a úsáid chun uimhreacha a chur i mboscaí taobh le hainmneacha na bpolaiteoirí ar phíosa páipéir. Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh níos déanaí agus córas na hionadaíochta cionmhaire a bhíonn i gceist. Is féidir le go leor rudaí dul amú nuair a bhíonn an próiseas mall seo á úsáid - mar shampla, mura bhfuil sé soiléir cé a fuair an príomhvóta (uimhir a haon) ar pháipéar ballóide, ní féidir an vóta sin a chomhaireamh. Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile. Thug sé an-sásamh dó an míreanna mearaí sin a chríochnú agus an vóta a tharrtháil. Déantar botúin freisin agus na vótaí á gcomhaireamh ó am go ham agus lorgaíonn polaiteoirí athchomhaireamh mura bhfuil mórán de dhifear idir na torthaí.

Míbhuntáistí

míbhuntáistí áirithe ag baint leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair - ach tá buntáiste mór amháin aige: is féidir na páipéir bhallóide a fheiceáil agus a chomhaireamh ar shlí thrédhearcach, shimplí. Níl an buntáiste sin ag an gcóras leictreonach atá á mholadh ag an rialtas - cé go dtabharfadh sé an toradh i bhfad níos tapúla.

Tá an conradh do na toghcháin áitiúla buaite ag an gcóras Nedap/Powervote ón Ísiltír, agus is léir ón suíomh gréasáin atá acu (http://www.election.nl/bizx_html/IVS-GB/) go bhfuil siad an-sásta ar fad. Tá leathanach acu ar a bhfuil preasráitis dhíograiseacha ar nós “Ireland say YES again!!” agus “NICE one IRELAND”. Agus ní haon iontas é go bhfuil siad sásta mar tá figiúir de €38 milliúin á thabhairt mar chostas an tionscadail. Bhí scéim phíolótach ann in Éirinn cheana féin chun triail a bhaint as an gcóras ach, dar le daoine a bhí ag obair leis na gléasanna sin, bhí fadhbanna ag baint leo. Mar shampla, níor thuig roinnt vótóirí conas na cnaipí a bhrú ar na gléasanna agus bhí ar dhaoine a bhí in aice láimhe cabhrú leo a vóta a chaitheamh. Ní gá a bheith i do shaineolaí ar an bpróiseas toghchánaíochta chun a thuiscint go bhfuil fadhbanna móra slándála ag baint le daoine eile a bheith ag caitheamh vótaí thar do cheann.

feachtas ag cur i gcoinne an chórais nua seo tosaithe ag an eagraíocht Irish Citizens for Trustworthy Evoting (http://www.evoting.cs.may.ie/) agus is léir ón méid a bhí le rá le déanaí ag baill de choiste Dála - atá ag déanamh iniúchadh ar an gceist seo - go bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí. I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach. Ba mhaith leo freisin go mbeadh an bunchód ón gclár ríomhaireachta taobh thiar den gcóras ar fáil go poiblí ionas go bhféadfaí a chinntiú nach bhfuil aon laigí ann.

Faoi láthair, níl teacht ag an bpobal ar an ríomhchlár atá in úsáid chun na vótaí a chomhaireamh, agus mar sin ní féidir a bheith cinnte de go bhfuil an córas curtha i bhfeidhm i gceart. Cé go bhfuil sé intuigthe go dteastódh ó chomhlacht a gcuid ríomhchlár a choimeád rúnda, tá sé riachtanach go mbeadh an córas toghchánaíochta trédhearcach agus ba chóir de sin a bheith mar chuid lárnach den gconradh a shínigh an rialtas.

Is cinnte gur féidir úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun saol daoine in Éirinn a fheabhsú go ginearálta - ach is cúis iontais é go bhfuil an rialtas ag iarraidh an córas toghchánaíochta a athrú. Is rud tábhachtach é an daonlathas agus is fiú é a choimeád trédhearcach agus simplí. Seo réimse amháin den saol ina bhfuil sé i bhfad níos fearr úsáid a bhaint as peann agus pár, seachas as an teicneolaíocht.

Is é Diarmaid Mac Mathúna (www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise: www.gaelspell.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.