AR NA SAOLTA SEO
Mí-úsáid á baint as an spórt
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.

Íomhá
Lucht leanúna fhoireann sacair Thuaisceart Éireann ag an chluiche i gcoinne Shasana in Old Trafford ag deireadh na míosa seo caite
Íomhá
Íomhá
Óg agus sean ag glacadh páirte i Maratón Bhéal Feirste anuraidh

D’imir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann i gCorn an Domhain (sacar ata i gceist, ar ndóigh) ag deireadh mhí an Mhárta. Sin an téarmaíocht oifigiúil, an dtuigeann sibh - tá cead agaibh an Saorstát/Na Sé Chontae Fichead agus/nó Ulster/The Wee Six/Norn Irl’n/The Province/This Black Hole a thabhairt orthu. Dála an scéil, tá ainm eile á úsáid ag lucht leanúna na Sé Chontae ar a dtírín beag glas – Our Wee Country *(OWC) is teideal dá *fanzine.

Tá púdar meafarach chóir a bheith dofheicthe a chlúdaíonn achan duine, achan smaoineamh, achan ghné de shaol na Sé Chontae agus tá foireann sacair OWC na tíre mar a gcéanna. (Tá sé amhlaidh fosta i gcás fhoireann sacair Iosrael, an dá Chóiré, na hIaráice agus an iliomad tíortha eile a bhfuil an fhoireann náisiúnta sacair mar chomhartha sóirt na tíre.)

I bhfoireann Thuaisceart Éireann, tá íomhá an “New Northern Irelandá craobhscaoileadh. Agnóisithe Caitliceacha agus Protastúnacha ag imirt le chéile, an seicteachas díbeartha, sástacht go bhfuil ag éirí go maith le foireann na Poblachta ach nach bhfuil athaontú na tíre ar na gaobhair. Muinín ag daoine in OWC agus bródúil aisti, in ainneoin na gceithre chúl in éadan na máthair-thíre.

Ach tá siad ann - agus bhí siad sa Botanic Inn i mBéal Feirste don chluiche sin in éadan Shasana – a bhriseann an íomhá sin ina smidiríní.

Ag deireadh an chluiche thosaigh siad a cheol “The Bully Boys”, amhrán a bhfuil an líne *“We’re up to our necks in Fenian blood” *ann. Cuireadh alltacht ar Phrotastúnaigh chomh maith le Caitlicigh, is gá a rá.

Ach beidh an fhadhb sin i gcónaí ann le foireann as na Sé Chontae, fiú i ndiaidh do Gerry agus Ian suí síos ag tábla an Rialtais. Dála an RUC, bhí foireann sacair Thuaisceart Éireann mar shiombail de stát nach raibh baint ag náisiúnaithe leis.

Dearcadh ar na Caitlicigh a d’imir do na Sé Chontae mar Uncle Toms, ainneoin nár tháinig smaointe ar bith fá náisiúnachas nó fán pholaitíocht i gcloigeann Martin O’Neill nó Ger Rogan, mar shampla. Ní raibh siad ach ag imirt peile.

An mhí seo caite, mhol George Best, mar a mhol Derek Dougan roimhe, gur cheart foireann uile-Éireann sacair a bhunú.

Is beag imreoir as na Sé Chontae a gheobhadh áit ar fhoireann dá leithéid na laethanta seo agus b’ionann é agus foireann na Sé Chontae a scor beagnach - mura dtabharfaí riail 50/50 isteach mar a rinneadh leis an PSNI!

Ní fheicfidh muid foireann sacair uile-Éireann go ceann deich mbliana ar a laghad. Buntáiste amháin a bhaineann leis sin, ar ndóigh, nach gá do Phil Coulter leagan sacair de “Ireland’s Call” a chumadh!

“Maratón don phobal Protastúnach”

An mhí seo caite fosta chinn coiste Mharatón Bhéal Feirste nach rachadh an rás fríd iarthar Bhéal Feirste, an t-aon cheantar náisiúnach a raibh an maratón ag dul fríd le 23 bliain anuas. (Rinne mé féin an chéad cheann – an 436ú háit as 2,000 in 3 huaire, 46 bomaite).

Ba bhreá liom bheith ag rith fríd mo cheantar dúchais, lán pasta agus mórtais chine, ach i mbliana Maratón Protastúnach do Phobal Protastúnach a bheas ann, dar le Sinn Féin agus an SDLP.

rún ag lucht a eagraithe cúrsa an ráis 26 míle (agus 385 méadar) a athrú agus é a choinneáil amach as iarthar na cathrach.

Cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a luaigh an PSNI mar bhunús leis an chomhairle a thug siad do lucht eagraithe an ráis, comhairle ar a bunaíodh an cinneadh gan an chuid sin den rás a chuaigh fríd Bhóthar na bhFál agus Baile Andarsain a cheadú i mbliana.

Níor luaigh an PSNI ná eagraithe an mharatóin cad iad na fadhbanna sláinte agus sábháilteachta a bhí i gceist, níor labhair siad le daoine áitiúla leis na deacrachtaí a shárú, ní dhearna siad ach an cúrsa a athrú le go dtiocfadh leis dul thart ar Bheairic Arm na Breataine ag Kinnegar i dtuaisceart Chontae an Dúin agus *stockbroker belt *Thuaisceart an Dúin.

Mhaígh cathaoirleach Choiste Mharatón Bhéal Feirste, Danny O’Connor, go raibh siad ag iarraidh an cúrsa a dhéanamh “níos tarraingtí”.

Maith thú féin, a Danny, ach le trí bliana is fiche tá an rás ag dul fríd gach cearn de Bhéal Feirste. Ba é ceann de na himeachtaí a cheangail gach cuid den chathair seo le chéile. Dá dtiocfadh daoine chuig cóisir i do theach, an gcoinneofá an páiste is lú gnaoi sa chlann faoi ghlas sa lochta ar eagla nach dtaitneodh sé/sí le daoine?

Dála fhoireann sacair an tuaiscirt, táthar ag baint úsáide as an mharatón le híomhá den *New Northern Ireland - Our Wee Country *- a chraobhscaoileadh, íomhá nach bhfuil iomlán nó fíor.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.