THALL IS ABHUS
Líonadh talún na mara
Tomás Ó hAodha Tomás Ó hAodha

Bhí Tomás Ó hAodha ag faire ar na balscóidí bruscair atá ag tiomsú i lár na teiscinne moiré le glúin anuas, mórán i ngan fhios dúinn a chruthaigh iad.

Íomhá
I mbéal Chuan Sydney
le theplastiki.com
Íomhá
Na chúig ghuairneáin
le NOAA ar Vicipéid
Íomhá
Cáithníní plaisteacha
le 5gyres.org
Íomhá
Cnámha albatrais
le Vicipéid

Is cúis náire dom anois é, ach nuair a bhí mé óg, timpeall tríocha bliain ó shin, chaithinn bruscar amach as an gcarr gan chuimhneamh air, duth ná dath. Ní dóigh liom go raibh mé i m’aonar, ach an oiread, mar deirtear liom anois go mbíodh an cleachtas céanna coitianta. Soineantacht an t-aon leithscéal amháin a bhí againn – i ndáiríre bhí sé deacair a chreidiúint go mbeadh tionchar ar bith ar an timpeallacht ag ár ngiotaí beaga bruscair. ‘Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann’ an mana neamhráite a bhí againn. Ach tagann ciall le haois, ní hamháin don duine aonar ach ar bhonn níos leithne don tsochaí chomh maith. Cé go bhfuil corrdhuine ann fós féin a theilgfeas pacáistiú folamh milséain, brioscáin, nó fiú níos measa, amach ar fhuinneog an chairr, breathnaítear go forleathan anois air mar ghníomh mímhúinte amach is amach. Is coir a leithéid a dhéanamh sa bhaile mór nó sa chathair anois.

Más tuar dóchais é an t-athrú seo, is léir go bhfuil slí fhada le taisteal ag an gcine daonna fós ó thaobh chartadh dramhaíola de. De réir staidrimh ó 5gyres.org, eagraíocht tathanta a bhfuil sé mar aidhm acu fadhb truailliú na teiscinne a phoibliú, téann 50% den dramhaíl phlaisteach a chruthaímid chuig an líonadh talún, agus déantar athchúrsáil ar thimpeall 5% breise arís. Fágann sé sin carn ollmhar de dhramhaíl phlaisteach nach bhfuil tásctuairisc air, ach de réir a chéile tá sé á athaimsiú ag mairnéalaigh, más iontach le rá féin é.

Bhí sé tuartha chomh fada siar le 1988 go mbeadh áiteanna in aigéin an domhain ina mbaileofaí smionagar dramhaíola, de bharr na bhfeachtaí móra a ritheann trí fharraigí an domhain. Níor aimsíodh aon rud, áfach, go dtí 1997, nuair a bhí Charles Moore ag teacht ar ais ina bhád ó rásaí seoltóireachta san Aigéan Ciúin. Nuair a bhí sé leath bealaigh, tháinig sé ar réimse fairsing plódaithe le smionagar dramhaíola, agus mar a dúirt sé níos déanaí “Bhí claibíní buidéal foltfholcaidh, buidéil ghallúnaí, málaí plaisteacha, agus snámháin iascaigh fad d’amhairc. Bhí mé anseo i lár na farraige, agus ní raibh áit ann arbh fhéidir liom an plaisteach a sheachaint.”

An Ball Mór Bruscair

Tugtar anois ‘Ball Mór Bruscair an Aigéin Chiúin(Great Pacific Garbage Patch) ar an limistéar seo, agus rinneadh cur síos air mar an ‘líonadh talún is mó ar domhan’. Tarraingíonn guairneán mall mór, a dtugtar “Mórghuairneán an Aigéin Chiúin(The Pacific Gyre) air, an plaisteach go léir san Aigéan Ciúin le chéile go dtí an áit seo. Seans maith go mbeadh píosa plaisteach ag snámh timpeall an aigéin ar feadh na mblianta, ach ar deireadh thiar, níl éalú aige ón ngaiste seo agus críochnaíonn sé sa chnuasach seo. Is deacair méid an bhaill a thomhas go baileach, ach de réir meastachán coitianta amháin tá sé chomh mór le Texas agus tá na milliúin tonna de phlaisteach ann.

Tá eolas againn ar bhall bruscair an Aigéin Chiúin le tamall anuas, agus tá roinnt mhaith poiblíochta agus taighde á dhéanamh air. Ar an 26 Iúil chríochnaigh an Plastiki, árthach atá déanta as 12,500 buidéal plaisteach, turas as San Francisco go Sydney. Bhí sé mar aidhm ag an bhfoireann aird an domhain a tharraingt ar cheisteanna timpeallachta an aigéin, an Ball Mór Bruscair san áireamh. Ach ní hé mórghuairneán an Aigéin Chiúin an t-aon cheann atá ann – tá ceithre chinn eile i bhfarraigí móra an domhain. Má tá na sruthanna ag feidhmiú mar a gcéanna sna háiteanna eile, ní mór an cheist a chur – an bhfuil bhaill bhruscair eile amuigh ann chomh maith?

Níos luaithe i mbliana, foilsíodh taighde an SEA (Sea Education Society) a léiríonn go bhfuil a bhall bruscair féin ag an Atlantach chomh maith. Táthar á iniúchadh go fóill, ach ceaptar go bhfuil an cnap bruscair seo, lonnaithe i Mórghuairneán an Atlantaigh Thuaidh, chomh mór arís lena mhacasamhail san Aigéan Ciúin. Tá seans maith ann i ndáiríre go bhfuil sé níos mó arís, mar tá daonáireamh níos airde ar chósta an Atlantaigh ná ar chósta an Aigéin Chiúin, agus is san áit a mbíonn an duine a bheas an dramhaíl.

Coire Cáithníní

Tá réimse leathan de thruailliú plaisteach sna balscóidí seo. Ar thaobh amháin tá píosaí réasúnta mór, ar nós na gcaipíní buidéil a chonaic Captaen Moore, ach de réir a chéile briseann solas for-chorcarghorm na gréine, in éineacht le hoibriú na farraige, suas iad go dtí go mbíonn siad ina gcáithníní bídeacha. Is sa chruth beagnach dofheicthe seo atá formhór mór an phlaistigh, agus deirtear go bhfuil uisce ina mbíonn na cáithníní seo cosúil le “anraith ceimiceach”.

Ach ar chóir a bheith buartha faoi na milliúin tonna de phlaisteach a bheith ar snámh i bhfarraigí iargúlta? Fiú mura gceapann tú nach smaoineamh díobhálach é dramhaíl an domhain a chartadh i bhfarraige, baineann tromchúis fós leis an scéal a thabharfas ábhar tábhachtach machnaimh duit. Itheann éin na mara na píosaí beaga, agus tugann siad an plaisteach dá n-áil mar bhia. Aimsítear coirp éan a bhfuil dornán de phíosaí dramhaíola istigh ina bputóga, agus ceaptar gurb é an plaisteach ain-díleáite seo a mharaigh na hainmhithe bochta.

An Biashlabhra ina Chontúirt

Tá fadhb eile ann a bhaineann go díreach linne. Ní bhíonn éisc in ann idirdhealú a dhéanamh idir na cáithníní plaisteacha agus bunchothú na farraige, an planctón, a mbeatha aiceanta. Alpann siad an plaisteach, agus téann sé ar an tslí sin isteach sa bhiashlabhra. Leis an bplaisteach féin tagann rudaí eile níos measa, mar tarraingíonn an plaisteach comhdhúile orgánacha as an uisce mar PCBanna agus DDT – ceimiceáin a chuireann isteach go millteanach ar shláinte an duine, mar is ró-eol dúinn le glúin anuas. Éiríonn na ceimiceáin chéanna níos tiubhaithe ar a dturas suas an biashlabhra, agus is baolach go bhfillfidh ár nimheanna tionsclaíocha ar ais ar an bpláta chugainn, mar go minic is ann a chríochnaíonn na biashlabhraí céanna.

Ar an drochuair, níl leigheas ar bith ar an bplaisteach atá sa teiscinn mhór cheana féin. Tá an iomarca ann, tá sé róscaipthe, agus tá na cáithníní chomh beag sin nach bhféadfaí iad a bhailiú gan scrios a dhéanamh ar an bhfiadhúlra ag an am céanna. Ina áit sin, caithimid úsáid pacáistíochta phlaistí a laghdú, agus feabhas a chur ar athchúrsáil agus ar bhailiú an mhéid a bhíonn againn. ’Sé sin le rá, beidh orainn ár nósanna go léir a athrú bun barr. Tá dreamanna éagsúla, ar nós foireann an Plastiki, ag iarraidh an scéal a scaipeadh, ach ní mór dúinn a thuiscint ag an deireadh thiar thall go dtéann tionchar ár ngníomhartha i bhfad níos faide uainn ná an saol lasmuigh de fhuinneog an tí s’againn féin. Cuimhnímis leis, go bhfilleann an plaisteach ar an bplaistire!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.