TEANGA AGUS CULTÚR
Léirscrios á dhéanamh ar an gcomhshaol agus ar an oidhreacht (Cuid 2)
Muireann Ní Bhrolcháin Muireann Ní Bhrolcháin Muireann Ní Bhrolcháin

Tá baint lárnach ag an Dr. Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Sa chéad alt seo de dhá cheann, míníonn sí cén fáth a bhfuil sí glan i gcoinne an phlean agus cáineann sí rialtas, atá, dar léi, ar nós cuma liom faoin gcomhshaol agus faoin oidhreacht.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Eamon Gilmore, urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre ar an gcomhshaol
Íomhá
Teach Chormaic, Teamhair
Íomhá
Teamhair ón aer
Íomhá
An tOllamh Tomás Ó Cathasaigh, Harvard: duine den dream acadúil a shínigh an litir chuig na meáin

](..\2004-03\bhrolchain.asp)Cuid 1 den alt ar fáil anseo

Le cur leis an uafás, nuair a rinne an Teachta John Bruton (Fine Gael) fiosrú fuair sé amach go bhfuil 1,516 tuairisc seandálaíochta in easnamh (is gá tuairisc a chur ar fáil faoi gach láthair). Dúirt Peter Cox (ICOMOS) nach bhfuil aon aird ag an Rialtas ar ár n-oidhreacht.

Rinne an Teachta Dála Eamon Gilmore (Páirtí an Lucht Oibre) ráiteas ina ndúirt sé: “Yesterday’s court decision, which has halted work on the M50 at Carrickmines Castle, was caused mainly by government arrogance and official indifference, if not indeed, hostility, to heritage concerns … The biggest tragedy of the … issue is that the same mistakes are likely to be made again. This week I met of group of experts from NUI Galway, UCD and Maynooth University who … complain that their expert opinion is not being listened to, and that the State seems determined to repeat the Carrickmines mistakes-, only this time on a much larger scale. The frustrations expressed by the group whom I met over the Tara site echoes the degree to which expert and heritage opinion was set aside and ignored on Carrickmines.”

Dar leis an Teachta Eamon Gilmore, arís níl aon agóid á déanamh ag an aire i gcoinne na bhforbairtí seo agus cén fáth a mbeadh? Nach é an t-aire céanna atá ag tacú leis an bpolasaí tógála?

Deir Frank McDonald, arís san alt thuasluaite, agus é ag caint ar chinneadh an Bhoird Phleanála ar an M3: “Though the M3 corridor contains 141 archaeological sites and is located just 1km from the Hill of Tara, the board specified no conditions relating to the treatment of these sites. Neither did it look into whether there was any justification for the motarway which, like all the others, will feed into the M50.”

Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach. Cosnóidh an bóthar féin €680 milliún - é sin á chaitheamh agus caoi á cur ar an M2 atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar den M3 nua.

Litreacha

Tá litreacha scríofa ag grúpa s’againne chuig na hairí ar fad atá bainteach leis an scéal, chomh maith le Margot Wallstrom sa gCoimisiún Eorpach. Foilsíodh litir san Irish Times, san Irish Independent *agus san *Examiner a bhí sínithe ag 30 duine acadúil, ag cur i gcoinne an bhóthair. Ina measc bhí an Dochtúir Edel Bhreathnach a d’oibrigh ar an Discovery Programme, a bhí urraithe ag an Rialtas le hinúchadh a dhéanamh ar Theamhair; an tOllamh Tomás Ó Cathasaigh, Harvard; an tOllamh J.F. Nagy, Los Angeles; Thomas Charles-Edwards, Ollamh le Stair in Oxford; F.J. Byrne iar-Ollamh Staire; an tOllamh Thomas Owen Clancy i nGlaschú; an tOllamh Howard Clarke, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; an Dochtúir Mark Clinton, seandálaí; an Dochtúir Seán Duffy as Coláiste na Tríonóide; an tOllamh Bart Jaski, Roinn na Ceiltise in Utrecht; an Dochtúir Raimund Karl, Roinn na Staire, Bangor; an tOllamh Alfred Smyth, Roinn na Staire, Canterbury; agus an Dochtúir Nancy Stenson, Roinn na Teangeolaíochta, Minnesota.

D’fhéadfaí liosta i bhfad níos faide a chur ar fáil ach ar éigean a d’fhoilseófaí an litir.

Dúradar: “Both Tara and Skryne are part of the same cultural and natural landscape of The Boyne Valley and cannot be separated from the River Boyne, or from each other … Dr. Conor Newman, the expert on Tara, testified in the An Bord Pleanála enquiry that, ‘this is just the tip of the iceberg’.”

Nuair a chuir An Bord Pleanála an fiosrú ar bun, ainmníodh an saineolaí ar sheandálaíocht na Teamhrach, An Dochtúir Conor Newman a bhí i gceannas ar an Discovery Programme, le haighneacht a dhéanamh ar a son. Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí. Seo cuid den mhéid a bhí le rá aige: “The Hill of Tara is one of the most important and famous archaeological complexes in the world. It is a major cultural and heritage resource, one that is only really beginning to be developed and exploited as such … the history of Tara begins, roughly, around 4,000 BC … Tara completely dominates documentary sources from Early Medieval Ireland. … the valley between Tara and Skreen is chock-a-block with archaeological monuments.”

Is léir ón taighde a rinne an Dochtúir Newman go bhfuil an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol (RTC) thar a bheith lochtach sa chás seo freisin. Deir sé san aighneacht: “Why was the whole route not surveyed … the archaeological section of the EIS falls a long way short of the amount of preparatory research … it would be grossly erroneous to think that we now have the full picture … it has revealed a little more of the tip of this particular iceberg.”

Léirigh sé gur fágadh na híomhánna ar lár san RTC mar a foilsíodh é agus bhí air iarratas speisialta a dhéanamh le teacht orthu. Deir sé: “If I were a conspiracy theorist, I might have concluded that the geophysical evidence was part-buried because it proved so spectacularly the enormity of the archaeological dimension of this section of the motarway.” Críochníonn sé leis an ráiteas dearfach: “The archaeological imperative begins with preservation. In considering the archaeological landscape of Tara we have reached that point of convergence between moral and cultural imperatives that require us to preserve and understand Tara in recognition of the central role it has played, and continues to play, in forging this nation’s cultural identity.”

Costas ard

Chosain sé €680 an RTC a fháil agus níl sé d’acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc; b’fhéidir go bhfuil an ceart ag an Dochtúir Newman nuair a deir sé go bhfuil na tuairiscí seo á gceilt ar an bpobal.

an tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta fós ag tabhairt na bhfreagraí céanna. I litir chuig an *Irish Times *ar an Aoine 27 Feabhra dúirt Brian Cullinane: “Meath County Council and the National Roads Authority are very aware of the potential for new archaeological sites to be uncovered … in a county as historically and archaeologically rich as Meath … the report of the An Bord Pleanála inspector appointed to inquire into the scheme concluded that he was satisfied the proposed route would not have a significant impact on the archaeological landscape associated with the Hill of Tara nor on the archaeological landscape associated with the Hill of Skreen.”

Arís, níl siad ag tabhairt aird ar bith ar an saineolaí.

Tá daoine áirithe ag cur béime ar an tslí nach raibh an grúpa a bhfuil mé féin bainteach leis i láthair ag éisteachtaí an Bhoird Phleanála agus á úsáid seo inar gcoinne. Is fíor nach raibh muid i láthair, ach ní raibh a fhios againne in Éirinn, gan trácht orthu siúd thar lear, go raibh a leithéid de phlean ag dul ar aghaidh. Bhí Conor Newman i láthair - nach leor an saineolaí? An gá dúinn ar fad an fonn céanna a chanadh?

Tá sé ráite go gcosnóidh an obair seandálachta suas le €20 milliún ach féach ar chás Charraig Mhaighin - is léir nach bhfuil sa €20 milliún sin ach a thús. Cuirtear an milleán arís ar an lucht agóide - ní bheadh costas ar bith i gceist dá nglacfaí leis na féidearthachtaí eile.

I gcodarsnacht leis an dearcadh atá againne ar ár n-oidhreacht, i Sasana tá £200 milliún á chaitheamh acu ag cur bóithre faoi thalamh, agus mar sin de, thart ar Stonehenge. Tá muidne ag déanamh slada ar ár n-oidhreacht féin, mar a tharla d’oidhreacht na nIndiach Dearg i Meiriceá, ach gur sinne féin atá freagrach as an slad.

Tá bealaí eile ar fáil, seachas an Gleann a scrios go deo, chun an N3 a leathnú agus seachbhóithre a thóil timpeall ar Dhún Seachlainn agus ar an Uaimh. Glacaim leis go bhfuil gá le bóithre ach tá an N2 á leathnú ag an am céanna agus níl an dá bhóthar ach 7-10 ciliméadar óna chéile; d’fhéadfaí iad a cheangal le chéile, mar sin. Chomh maith leis sin, tá bóthar iarainn ar fáil a dúnadh i 1963 agus b’fhearr i bhfad é sin a úsáid mar chóras iompair seachas na carranna sin ar fad a mhealladh isteach go Baile Átha Cliath.

Tabharfaidh an bóthar seo torann, soilse agus tuilleadh forbairtí in éineacht leis. Cheap Comhairle Contae na Mí, áfach, go mbeadh tionchar níos díobhálaí ag cúrsa gailf ar an láthair agus dhiúltaigh siad cead do cheann sa cheantar céanna an bhliain seo caite! Chomh maith leis sin, rachaidh an bóthar glan trí Dalgan Park, áis atá curtha ar fáil don phobal ag Ord Cholmáin.

Tá an domhan uile ag faire orainn. Ní dhéanfadh ach gealt cinneadh mar seo. Ina phreasráiteas bhaist Brian Hanratty (Battle for the Boyne) “Martin Cullen, the Butcher of the Boyne” ar an aire. Ach nach é Bertie Búistéir na Bóinne? Is éard a bheas scríofa ar a leac cuimhneacháingur scrios sé Gleann na Bóinne.

Is léachtóir le Sean-Ghaeilge í an Dr. Muireann Ní Bhrolcháin (Muireann.NiBhrolchain@may.ie) in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus is í urlabhraí an Save the Tara/Skryne Valley Campaign. Tá tuilleadh eolais le fáil faoin bhfeachtas sin, mar aon le hachainí is féidir a shíniú, ag: www.taraskryne.org

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.