AR NA SAOLTA SEO
Léiriú Drochmheasa
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir. Chonaic Tony Birtill cóisir bheag a d’eagraigh dream daoine ar ghort an bhaile aige féin.

Íomhá
Gabháil
(© Tony Birtill)
Íomhá
Ag léamh faoin tubaiste
(© Tony Birtill)
Íomhá
'Lá dár saol é' ag St Georges lá na sochraide
(© Tony Birtill)
Íomhá
Díbirt de na céimeanna
(© Tony Birtill)
Íomhá
Saothar Tom Murphy
(© Tony Birtill)

Bhí an brat i lár crainn ar Halla na Cathrach, Learpholl Déardaoin 18 Aibreán i gcuimhne Anne Williams a fuair bás ar an lá sin. Ní raibh sé mar sin an lá roimhe, lá sochraide Margaret Thatcher. Ise a bhí ina Príomh-Aire ar an lá 15ú Aibreán 1989 nuair a chaill Anne Williams a mac Kevin, 15 bliana d’aois, i dtubaiste Hillsborough, agus ise a thug tacaíocht iomlán do na póilíní i Yorkshire Theas nuair a d’eagraigh siad forcheilt faoin imeacht. ‘Expose the lies before Thatcher dies,’ mar a bhí ar fhógra i measc lucht taca Learphoill ag Anfield le gairid.

B’éigean do Anne Williams agus don Hillsborough Justice Campaign streachailt le blianta fada chun an fhírinne a nochtadh agus, ar an drochuair, fuair sí bás le hailse sular tháinig an scéal iomlán amach trí choiste cróinéara nua. De réir an chróinéara i 1990, bhí an 96 íobartach marbh ar 3.15 i.n. ar lá na tubaiste, ach fuair Anne amach go raibh Kevin fós beo ar 4 i.n., agus scairt sé amachmum” sula bhfuair sé bás ansin. Scríobh sí leabhar faoina streachailt, When you Walk Through the Storm, agus cé go raibh sí an-lág, d’fhreastail sí ar an tseirbhís chuimhneacháin ag Anfield trí lá sular éag sí féin.

Laoch is ea í do mhuintir Learphoill, ní hionann ar chor ar bith is Thatcher - bhí an brat ar barr crainn ag Halla na Cathrach ar lá a sochraide agus bhí cóisir mhór ar ardchlár St Georges sa chathair. Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998. Gabhadh cúigear ag an chóisir challánach, chlamprach.

Léiriú Measa

Bhí an t-atmaisféar go hiomlán difriúil ar an taobh eile de Halla St George’s, áit ar nochtadh séadchomhartha i gcuimhne Hillsborough ar Aibreán 14ú. D’fhág daoine aonracha agus sluaite beaga bláthanna ag an saothar, a rinne dealbhóir áitiúil, Tom Murphy, iad ina dtost, ag machnamh ar an tubaiste.

Agus sin an nós a bhí ag an chuid is mó den lucht oibre, sílim, nuair a chuala siad go raibh Thatcher marbh, mar bhí tubaistí pearsanta domheasta ag go leor leor daoine sa tír, áit a raibh ceithre mhilliún duine dífhostaithe i rith réimeas ‘an bhean iarainn’ agus a comharba John Major. Ghlaoigh a lán acu isteach ar cláracha ar BBC Radio Merseyside - iarmhianadóirí ó bhailte áitiúla mar St Helens, Bold agus Newton le Willows, iardhugairí ó Learpholl agus Bootle agus iaroibrithe cruach ón chruachchearta ag Shotton, thar an teorainn sa Bhreatain Bhig. Chaill siad uilig a bpostanna mar gheall ar an ‘voodoo economics’ de chuid Thatcher agus ní bhfuair cuid mhaith acu post ar bith eile sa saol ina dhiaidh sin. Agus bhí sé mar sin do na teaghlaigh fosta - iad uilig caite de leataobh, gan dóchas. Ghnáthdhaoine ab ea iad, agus iad uilig ag iarraidh freagra ar an cheist shimplí: “cén fáth a rinne sí amhlaidh?”

Saorfhiontraíocht

De réir cuid de na tráchtairí den eite dheis, réitigh Thatcher fadhbanna a bhí sa gheilleagar, mar shampla barraíocht stailceanna. Agus tá sé fíor, ní féidir leat dul ar stailc nuair nach bhfuil post ar bith agat, ach tá sé fíor fosta go gcosnaíonn sé a lán airgid ceithre mhilliún duine a choinneáil dífhostaithe go fadtéarmach, gan trácht ar chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas nuair a théann siad i dtreo na coiriúlachta le hairgead a fháil.

Sin ag am nuair a bhí na milliúin punt ag teacht isteach chuig an rialtas gach bliain mar dhleachtanna ón ola sa Mhuir Thuaidh. Ach in ionad na milliuin a úsáid chun iarnród nua-aimseartha (cosúil leis an cheann sa Fhrainc) a thógáil, mar shampla, chuir siad an t-airgead amú chun ceithre mhilliún a choinneáil ar an dól. D’fhoglaim mé faoi ‘deischostas’ nuair a bhí mé san ollscoil - de bhrí go bhfuil ár n-acmhainní teoranta, caithfear rud amháin a roghnú seachas rud eile. Níor thapaigh Thatcher an deis rud éigin úsáideach a dhéanamh leis na dleachtanna ón ola.

Ba chuma le Thatcher faoi ghnáthgheilleagar, chreid sise i dteoiricí an eacnamaí Mheiriceánaigh Milton Friedman agus na hairgeadaithe. Cheap siadsan nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, in ionad a chur ar laghdú dífhostaíochta. Go bunúsach, leagan dian den tsaorfhiontraíocht a bhí ann.

Smacht a choinneáil ar an soláthar airgid agus ar an ráta úis a choinneáil ard, ba iad dúnghaoisí an stáit faoi Thatcher agus Major, ach theip orthu agus chaill siad an t-olltoghchán i 1997 mar gheall orthu. ‘Quantative easing’ agus ráta úis íseal na dúnghaoisí atá ag Cameron agus ag na Coimeádaigh sa lá atá inniu ann, ach le béim fós ar an tsaorfhiontraíocht.

Bhí sé suimiúil gur tháinig na huimhreacha dífhostaithe amach ar lá sochraide Thatcher - suas 70,000 go dtí 2.56 milliún. Is é sin, ráta dífhostaíochta 7.9%. Comhtharlú, nó iarracht drochscéal a chur i bhfolach ar lá gnóthach? Ní fheadair éinne mar a deir siad ó dheas.

Plus ca change!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.