tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 7 Bealtaine 2013, 15:55 GMT
Ba spéisiúil cloisteáil ón dhaoscarshlua a rinne polasaí Theatsear scrios orthu, mar mharbhna uirthi.
tabhair freagratabhair freagra #2 Seosamh 7 Bealtaine 2013, 16:58 GMT
Nochtar a dtuairim sa dá nasc 'An Fuath gránach aici ar Learpholl' agus 'Cóisir St George's', ar dheis thuas.
tabhair freagratabhair freagra #3 - 7 Bealtaine 2013, 18:49 GMT
An-chlaonta
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 7 Bealtaine 2013, 21:19 GMT
> Nochtar a dtuairim sa dá nasc 'An Fuath gránach aici ar Learpholl' agus
> 'Cóisir St George's', ar dheis thuas.

Bhí mé ag moladh alt Thónaí!
tabhair freagratabhair freagra #5 Seosamh 8 Bealtaine 2013, 15:05 GMT
Tchím. Déchiall na copaile, is eagal liom.
tabhair freagratabhair freagra #6 - 9 Bealtaine 2013, 11:39 GMT
ZZZZZZZZZZZZZZZZZ
tabhair freagratabhair freagra #7 April 9 Bealtaine 2013, 16:51 GMT
Bheadh na daoine a bhíonns ag caitheamh anuas ar Thatcher dífhostaithe agus scriosta cibe ar bith. Bhí airgead chuile dhuine eile caite ag na Sóisialaigh cheana féin agus nach raibh said bancbhriste nuair a tháinig Thatcher ar an bhfód! Ní raibh tada fagtha ann le goid.

Ar ndóigh, ní raibh chuile rud foirfe. Rinne sí ardú canacha a rinne an-damaiste agus chuir sé sin isteach ar an bhfeabhas a bhí ag tíocht ar chursaí. Bhí an earnáil poiblí fós ro-mhór agus bhí faitíos uirthi níos mo gearracha a dhéanamh den chaiteachas poiblí. Rinne sí botún nó dhó. Ach na botúin sin, b'iad uilig ar son polasaithe a bheadh Tónaí an-sásta leo. Ní bean na heite dheis í go díreach. Bhí cuid á cuid polasaí ar chlé an láir.

Agus mar eolas do Thónaí, tá go leor daoine ann nach 'Workers' iad. Rinne tú dearmad ar an bhForgotten Man aríst san aicme céanna le do 'Workers' fiú. Agus mar gheall ar go bhfuil níos mó de na daoine a rinne lucht na heite chlé dearmad orainne i measc chuile aicme, agus ach go hairithe i measc na meánaicme agus i meas na haicme oibre, ba cheart do Thónaí a bheith ag caint ar a shon féin amháin.

Cuireann na hidentity politics agus an fuath agus an nimh agus an dímheas ar dhaoine eile atá ag lucht na heite chlé déistín orm. Mór an náire é Tónaí agus é ag céilúradh nimh gan chiall gan reason in áit loighice.
tabhair freagratabhair freagra #8 Fearn 10 Bealtaine 2013, 11:30 GMT
> .....agus nach raibh said bancbhriste nuair a tháinig
> Thatcher ar an bhfód! Ní raibh tada fagtha ann le goid.
>

Fíricí le do thoil!!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!