CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Lascaine! Lascaine! Lascaine
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Fág faoin gcóras poist do chuid bronntanais Nollag a thabhairt chun tí. Tá na seoltaí suímh go léir ag Roseanne Smith duit san alt seo.

Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne. Tá margaí ó thaobh bronntanais agus do gach aon ní don bhféile idir bhia agus dheoch ar fáil. Is fiú go mór súil a chaitheamh ar roinnt suíomhanna miondíola Éireannacha chun na margaí sin a bhaint amach fiú chomh déanach leis an 22 lá Nollaig. (Féach http://www.curiouscupcakes.com mar shampla, a dúirt liom ar líne le déanaí go mbeidh siad ag bácáil is ag dáileadh leo go dtí sin.)

Ar ndóigh is féidir bréagáin a cheannach ar líne ach n’fheadar an bhfaca tú riamh rogha chomh leathan is atá ag www.mimitoys.ie? Don tuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaí francaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála agus cleasanna beaga eolaíochta. Rud eile gur mór liom faoin raon atá ag MimiToys ná easpa a leithéidí Lightning McQueen is Peppa Pig orthu!

Ach ar ndóigh, ní do na gasúir amháin í an Nollaig. Ach don ghasúr atá ionainn ar fad tá http://www.pressieport.ie agus http://www.peoplelovepresents.com. Is suíomhanna Éireannacha an péire seo agus tá neart spéisiúil le feiceáil orthu. Mar shampla, nach é do mhuintir bun agus barr na Nollag? Sin a chreidimse féin agus is breá liom an fráma pictiúir seo a ligeadh don úinéir an chlann ar fad a thaispeáint lena chéile ar bhealach tarraingteach: http://www.pressieport.ie/products/Minimix-Frame.html

Lucht Coimeádta na mBronntanas

An rud sainiúil faoi People Love Presents ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit. Ná habair liom nach mbeadh sé sin ina chabhair mhór duit i gceann coicíse! Féach, cuirim i gcás, ar son do leannáin: People Love Presents - cá háit eile a bhfaighfeá bronntanas chomh speisialta sin?

Tá péire bronntanais ceannaithe agam cheana ar www.gruupy.com ach ní féidir liom scríobh an iomarca fúthu ar eagla go léadh an faighteoir faoi anseo. Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh. Bhí iPad ar fáil ar €400.00, fágaim, a fhad is a bhí cúigear déag sásta ceann an duine a cheannach. Bhí an lá sin.

Is ag caint ar iPadanna is ar iFóineanna, nó iGhutháin, n’fheadar an raibh fhios agat gur féidir feidhmchláirín a bhronnadh ar duine eile? San AppStore é féin, roghnaigh an cláirín a bhfuil fonn ort é a bhronnadh; gabh síos go bun an scáileáin agus feicfidh tú cnaipe “Gift this App” a ligfeas duit r-phost a sheoladh leis na sonraí ar fad ann. Thar cinn don té atá ag súil le iPhone sa stoca maidin Lá Nollag! Is féidir éarlais iTunes Store a bhronnadh ar an mbealach céanna freisin agus ligfear don bhfaighteoir ceol, cláirín nó scannáin a cheannach.

Dearbhán, Cinnte!

Caithfidh mé a rá gur fearr liom i bhfad dearbhán bronntanais leictreonach mar seo mar is é mo bharúil go mbíonn sé i bhfad níos éasca nasc a cliceáil i rphost ná cinntiú go bhfuil an dearbhán i do phóca is tú ag tabhairt faoin mbaile mór. Rud níos deise fós faoi dearbhán ó Asos.com, ná nach ngearrfar an t-airgead ar chárta creidmheasa an bhronntóra go dtí go gcaitheann an faighteoir an dearbhán. Rud eile a thug mé faoi deara ná gur féidir dearbhán a roghnú do bhronntanas ar leith ar Amazon. Luíonn sé seo isteach go deas leis an tseirbhís mhianliosta atá acu. Nuair atá tú ag brabhsáil ar Amazon ar do ghuthán nó ar do ríomhaire, is féidir táirgí a chur le liosta do mhianta. Is féidir an liosta seo a dhéanamh poiblí nó príobháideach. Má bhíonn sé poiblí, is féidir le haon duine teacht air trí chuardach agus bronntanas a roghnú as do mhianliosta féin ansin. Agus má tá mianliosta agat féin, is féidir cnaipe a chur ar do bhrabhsálaí a ligfidh duit tairgí ar shuíomh ar bith a chur leis an mianliosta, (rud atá an-spéisiúil do mhiondíoltóirí idirlín). Ní bhfaighidh tú geansaí Nollag riamh arís. Ach ab é go dtiocfaidh d’aintín ar an suíomh seo: http://www.gammychristmasjumpers.com/

Is é an Duine an t-Léine

Is ag caint ar éadaí, má bhíonn tú ag smaoineamh orthu mar bhronntanas caith súil ar ayearoftees.com, togra álainn ina bhfuil fear darbh ainm Keith Walsh ag dearadh t-léine in aghaidh an lae. Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léir uathúil. Más fearr le sprioc do bhronntanais níos mó dathanna, caith súil ar lafraise.com. Ní suíomh Éireannach é, admhaím, ach tá sé Eorpach ar a laghad! Do na mná i do shaol, tá neart le fáil ar doo-lally.com a chuirfeadh gliondar ar a gcroí!

neart búistéirí ar líne (rud a fuair mé amach le déanaí is a chuir íonadh orm!) agus tá duais Gradam Gréasáin na hÉireann is Eircom Spider buaite le déanaí ag James Whelan Butchers http://www.jameswhelanbutchers.com/ - glacaim leis go mbeidh cearc fhrancach is liamháis le fáil uaidh. Má tá fíon uait le gabháil leis an bhféasta seo, molaim féin www.curiouswines.com – tá siad sásta a gcuid saineolais a roinnt leat ar an nguthán, ar r-phost, ar Facebook nó ar Twitter is tú ag roinnt an fhíona fhoirfe don bhféasta.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi shiopaí Éireannacha atá ag díol ar líne, tabhair cuairt ar an mbunachar atá cruthaithe ag Damien Mulley ina bhfuil dátaí deireanacha seachadta liostáilte ag na miondíoltóirí chomh maith le roinnt lascainí. http://bit.ly/9jV331

Mar fhocal scoir, muna bhfuil do dhóthain ansin duit, tabhair cuairt ar I Love Shopping, suíomh atá curtha ar fáil ag An Post ina bhfuil beagnach gach miondíoltóir Éireannach ar líne luaite.

Nollaig Shona daoibh go léir!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.