CÚRSAÍ SPÓIRT
Laochra Spóirt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

An té atá thíos, buailfear cos air. An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.

Íomhá
Sugar Ray Robinson, Laoch na Dornálaíochta
Vicipéid
Íomhá
I mbun traenála, Katie Taylor, Curadh na hEorpa agus an Domhain
Íomhá
Muhammad Ali
Ira Rosenberg ar Vicipéid
Íomhá
Roy Keane
VintageKits ar Vicipéid
Íomhá
Best faoi chuma na haoise

Is iomaí cineál laoich atá sa saol idir laochra a throid is a bhásaigh ar son saoirse a ndreama, laochra polaitíochta, laochra litríochta, ceoil agus scannáin, laochra spóirt agus mar sin de. Daoine ar leith iad laochra de shaghas ar bith. Is é an míniú a thugtar ar laoch sa bhFoclóir Beag (An Gúm 1991) ná ‘duine misniúil, cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán’. Tá le tuiscint sa mhíniú seo gur fear a bhíonn sa laoch agus is dóigh gurb amhlaidh de réir traidisiúin, staire agus úsáid an fhocail. Ach, is iomaí bean mhisniúil, chróga a thuill agus a thuilleann i gcónaí meas na ndaoine agus an teideal ‘laoch’ dá réir sin.

ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.

Na laochra úd ar chualamar iomrá fúthu ónár n-aithreacha agus ónár sean-aithreacha, ar bhealach áirithe, ba mhó mar laochra iad toisc nach bhfacamar ‘beo, beathach’ iad. Tá an tsamhlaíocht in ann seanlaochra a bheochan dúinn, mórgacht a chur lena ngaiscí, orlaí lena n-airde, fad lena bpoic, iontas lena ngíomhartha, uaisleacht lena bpearsa agus glaine lena gcroí. Agus ní athróidh athscríobh na staire ár n-intinn fúthu.

An Saoi gan Locht

An fhadhb le laochra spóirt ná go mbímid ag brath orthu. Cleachtaítear iompar ar a dtugtar ‘laochadhradh’ ina leith toisc go mbíonn an oiread sin tóra ag daoine ar a gcuid laochra. Deir An Foclóir Beag gur ‘ómós thar fóir do dhuine a mheastar a bheith ina laoch’ atá sa laochadhradh, agus níl dabht ná go dtéann daoine thar fóir ó thráth go céile. Bímid ag súil go ndéanfaidh siad gaisce gach uair a imríonn siad agus go mbeidh an bua acu gach uair. Cén fáth? Toisc gurb iad ár laochra iad, gur linne iad, gur cuid dínn iad. Tuigimid nach bhfuil ‘saoi gan locht’ ach in ainneoin sin, bímid ag súil le foirfeacht ar gach bealach ónár gcuid laochra.

Mar sin, nuair a fhaighimid amach go bhfuil laoch spóirt dár gcuid gan a bheith foirfe agus níos measa ná sin, é a bheith ina chladhaire nó ina rógaire, ina fhalcaire nó ina scabhaitéir, bíonn díomá agus fearg orainn, braithimid go bhfuil feall déanta orainn.

An duine is deireanaí de na laochra cáiliúla a thuill an míchlú ná Ryan Giggs de chuid Manchester United, ceann de na clubanna sacair is cáiliúla ar domhan. Ach oiread le Tiger Woods, an galfaire, d’aithneodh na milliúin daoine ar fud an domhain Ryan Giggs mar gheall ar a thréimhse fhada mar imreoir, a chuid scileanna agus mar gheall ar a chumas sármhaith mar pheileadóir agus na cúil a d’aimsigh sé. Ní hamháin sin, bhí ardmheas ag lucht leanúna an tsacair ar Giggs mar dhuine. I measc pheileadóirí millte, saibhre a léirigh níos mó duáilcí na suáilcí go minic, bhí Giggs ina eiseamláir don óige agus ina laoch spóirt den scoth, dar leis an saol.

Bhí díomá mhór dá bhrí sin ar a lán daoine ar fháil amach dóibh le déanaí go raibh taobh eile ar fad le Ryan Giggs. Is cosúil go raibh saol eile ar fad á chaitheamh aige seachas saol an tsárpheileadóra ghairmiúil gan cháim agus an chéile dhílis. Scriosadh an íomhá íonghlan sin a bhuí dá iompar pearsanta, príobháideach, nach bhfuil príobháideach níos mó de bharr eolais a nochtadh le déanaí. Is cosúil nach raibh Giggs dílis dá bhean chéile, go bhfuil sé ag dul i mbradaíl le blianta gan fhios di, fiú in éineacht le bean chéile a dhearthár. Laoch leonta, laoch tite anois é.

Georgie Best

Cuireann scéal Giggs laoch eile sacair de chuid Manchester United i gcuimhne dúinn. Bhí George Best ar na peileadóirí ab fhearr ar domhan agus ba laoch é do na milliúin ar fud na Breataine agus na hÉireann agus níos faide i gcéin. Ach, toisc go raibh sé óg, sna fichidí, agus é ag baint súip as an saol ar nós réalta rac-cheoil, níor cothaíodh riamh íomhá an laoich gan smál ina leith faoi mar a tharla i gcás Giggs. Mar sin féin, chuir a iompar díomá ar a lán. Bhí Best tugtha do na mná agus don ól ó bhí sé óg go maith agus de réir chosúlachta, ní bhíodh sé dílis dá bhean chéile ach oiread.

Ceann de na scéalta a d’insíodh Best faoi féin nuair a bhí sé fós ina imreoir gairmiúil, léiríonn sé díomá an ghnáthfhir a thuigeann nach bhfuil an laoch spóirt mar a samhlaíodh dó. Bhí Best ag fanacht in óstán agus spéirbhean álainn ina theannta. Chuir sé fios ar sheaimpéin chuig a sheomra agus nuair a chonaic an freastalaí an custaiméir a d’ordaigh an deoch agus an compánach mná a bhí in éineacht leis, léirigh sé a dhíomá leis nuair a chuir sé ceist ar an dul seo air: ‘is this what it has come to Mr. Best?’ Dar le Best gur saol an mhadra bháin a bhí á chaitheamh aige agus barr an tsaoil sroichte aige: mná áille, seaimpéin, airgead, cáil. Dar le fear na sráide gur tubaiste a bhí os a chomhair: cur amú tallainne, ídiú sárchumas peile, diomailt bua ó Dhia cothaithe ag ragairne agus ragús.

Ní i gcónaí a iompaíonn an pobal a n-aghaidh go hiomlán ar laoch a thiteann anuas d’ardán an ómóis ar a bhfuil sé nó sí ardaithe. Maireann iarsma den meas a bhíodh orthu tráth. Ach tagann athrú ar an ngaol freisin idir an laoch agus a phobal. Déantar trua dó scaití. Déantar dearmad air scaití eile. Lorgaítear laoch eile a líonfas an bhearna.

Tuigeann an pobal ‘nach bhfuil saoi gan locht” ach bítear ag súil le tréithe uaisle uathu sin ar bronnadh buanna ar leith orthu. Ní theastaíonn uainn go mbeadh ár laochra cosúil linn féin – lochtach, lag, daonna. Ba mhaith linn go seasfaidís do luachanna maithe, dearfacha agus go léireoidís na tréithe is fearr atá ionainn mar dhream. Ualach trom le hiompar gan amhras ar bith agus is maith mar a iompraíonn an mhórchuid acu é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.