TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Máirtín Ó Muilleoir Máirtín Ó Muilleoir

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Máirtín Ó Muilleoir, Lá (nuachtán laethúil na Gaeilge), Béal Feirste.

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin sa nuachtán agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mise an tEagarthóir Bainistíochta ó thug an comhlacht s’againne, Grúpa Nuachta Bhaile Andarsan, Lá isteach sa nead linn i 1999.

  1. Cá huair a bunaíodh Lá agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill Lá i 1984. Tháinig an chéad chóip amach an Luan i ndiaidh do philéar plaisteach John Downes a mharú ag léirsiú i mBaile Andarsan (12 Lúnasa). Bhí baicle bheag díograiseoirí ag obair leo ón tús ar an nuachtán laethúil, ina measc Áine Nic Gearailt atá ina fo-eagarthóir linn faoi láthair. (Tá Eoghan Ó Néill ag obair mar iriseoir ag faoi láthair agus Gearóid ina cholúnaí conspóideach againn.)

  1. Tuige a raibh suim agat féin Lá a cheannach?

Fán am a rinne muid é a nascadh leis an chomhlacht s’againn féin, ní raibh ina pháipéar laethúil níos mó. Ag teacht amach go seachtainiúil a bhí sé agus é in ísle brí. Shíl mé gurbh fhéidir beocht a chur ann in athuair - rud a chreid bunaitheoirí an nuachtáin fosta - agus go bhféadfaimis nuachtán laethúil a dhéanamh de arís.

  1. Cé mhéad duine atá obair leis an nuachtán faoi láthair? An dtiocfaidh méadú air seo?

D’fhoilsigh muid ainmneacha na foirne ar Lá an tseachtain seo. Tá dhá chloigeann déag anois againn (naonúr i mBéal Feirste, beirt i gConamara, duine amháin i mBaile Átha Cliath). Sin méadú ón chúigear a bhí againn don nuachtán seachtainiúil suas go dtí deireadh mhí an Aibreáin 2003, agus tá na costais bhreise an-dian orainn.

  1. Cén obair a dhéanann tú féin sa nuachtán ó lá go lá?

Beagán. Ag stiúradh. Ag stocaireacht. Ag díol síntiúisí. An tseachtain seo bhí mé ag plé le comhairleoirí atá ag déanamh measanú eacnamaíoch ar an nuachtán do na húdaráis sa Tuaisceart; ag plé le Bob Collins ó RTÉ maidir le a bheith luaite ar “What it says in the papers” ar “Morning Ireland”; ag plé costas reatha leis an Stiúrthóir Airgeadais. Lena chois sin, scríobh mé m’alt míosúil don pháipéar a thugann scairshealbhóirí agus síntiúsóirí suas chun dáta maidir le cad é mar tá ag éirí linn.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá Lá? An leor iad na deontais sin?

Is páirtí dár gcuid é Foras na Gaeilge, ach bhí go leor brú orthu sin le tamall anuas. Tá súil agam go fóill, áfach, go mbeidh siad ábalta an infheistíocht sa nuachtán a mhéadú. €162,000 a fhaigheann Lá, €300,000 a fhaigheann Foinse (agus é tuillte go huile agus go hiomlán acu) faoi láthair. Ach ní maith liom a bheith ag caint faoi dheontais, tá sinne ag soláthar seirbhíse- nuachtán Gaeilge - agus ba mhaith linn go n-íocfadh an dá rialtas as cuid den tseirbhís sin sa dóigh chéanna is a íocann siad as an iomad seirbhísí eile. Ach i ndeireadh báire beidh rath ar an nuachtán seo má thig leis 5,000 cóip a dhíol agus tuilleadh fógraíochta a shaothrú.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ba é an rud is mó a rinne muid an nuachtán a fhoilsiú go laethúil, rud, a dúradh linn, nárbh fhéidir a dhéanamh. Ní tharlódh an mhíorúilt sin murach gur chreid 100 scairshealbhóir san fhís a bhí againn agus gur bhailigh siad €75,000. An sprioc is mó anois 1,000 síntiúsóir tré ordú seasta. Ba é scaireisiúint s’againn an ceann ba mhó ariamh ag dream Gaeilge. Tá an feachtas síntiúisí ar an cheann is mó ariamh fosta ach is é an bhunchreidiúint atá againn gur ar scáth a chéile a mhairimid.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an nuachtán?

Tá an-deacrachtaí againn leis an dáileadh ó dheas mar níl ionainn ach iasc an-bheag taobh leis na nuachtáin eile a scaipeann an imdháileoir s’againn. Ach táimid ag iarraidh cur ina luí orthu nach bhfuil de dhíth orainne ach cóip amháin a dhíol in achan cheann den 4,000 outlet atá acu, agus tá linn. Ba bhreá liom níos mó leathanach a bheith againn (12 faoi láthair). Láidreachtaí: an dearadh, an iriseoireacht, an léamh eile ar an scéal.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Lá faoi cheann cúig bliana.

32 leathanach 32 fostaithe Na léitheoirí a bheith thar a bheith sásta leis an táirge.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Teanga bheo, láidir ar féidir í a fheiceáil, a chluinstin agus a úsáid in achan réimse den saol. Agus ar ndóigh, ó thuaidh, Acht Teanga ar aon dul leis an cheann éachtach ó dheas.

Tá fáil ar Lá ag: www.nuacht.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.