CÚRSAÍ SPÓIRT
Johnny Giles
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Caidréim Johnny Giles, nó Caidréim Uí Ghlaisne atá dá moladh ag Colm Mac Séalaigh san alt seo, adhmholadh a tuilleadh go breá ar pháirc na himeartha agus ar an líne sleasa in imeacht na mblianta.

Íomhá
Aodhán Ó Ríordáin agus Johnny Giles
le P. an Lucht Oibre ar Flickr
Íomhá
Roy Keane
le VintageKits ar Vicipéid
Íomhá
Matt Busby, a scaoil le Giles
Busby Babes ar Vicipéid

Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.

Ceist eile a chíortar go minic sa chuid seo den domhan dar ndóigh ná cérbh é an t-imreoir ab fhearr a d’imir le Poblacht na hÉireann sa sacar. Luaitear sa chás seo ainmneacha ar nós Jackie Carey, Liam Brady, Paul McGrath, Roy Keane agus John Giles. Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí. Chinn Cumann Peile na hÉireann (ainm oifigiúil na heagraíochta a dtugtar an FAI air de ghnáth) sa bhliain 2004 gradam an imreora ab fhearr de chuid Phoblacht na hÉireann le leathchéad bliain anuas a bhronnadh ar Giles. Is leagan den sloinne Gaeilge Ó Glaisne é Giles, dála an scéil, i gceantar na Mí agus Lú go háirithe.

Aon duine a chonaic na himreoirí thuasluaite ag imirt (níl Jackie Carey feicthe ag mórán ar an ábhar go mbaineann sé le ré réamhtheilifíse, idir 1936 agus 1947), is iondúil gurb é John Giles a rogha. D’imríodh sé i lár na páirce agus bhíodh sé ar nós Napoleon beag i gceannas ar na trúpaí, ag gríosú agus ag stiúradh na n-imreoirí eile ina thimpeall. Imreoir sciliúil a bhí ann, é cróga, diongabháilte, agus láidir, idir chorp agus intinn. Ní fear mór a bhí ann, ach ní raibh faitíos air roimh aon imreoir eile, beag nó mór. Ceannaire ab ea é.

Scorach Lárchathrach

Is as Cearnóg Urumhan i lár Bhaile Átha Cliath do John Giles, mac peileadóra a d’imir le Bohemians. Ceantar ísealaicme ab ea é agus an Glaisneach óg ag fás aníos agus d’fhoghlaim sé scileanna an tsacair ar shráideanna an cheantair, díreach mar a d’fhoghlaim na céadta mílte eile dá mhacasamhail timpeall an domhain. I 1956, in aois a shé bliana déag, chuaigh an scorach anonn go Manchain Shasana áit ar chuir sé tús lena shlí bheatha mar imreoir gairmiúil sacair le Manchester United. Agus é gan ach seacht mbliana déag d’aois roghnaíodh é ar fhoireann shinsir an chlub agus in aois a ocht mbliana déag d’imir sé a chéad chluiche le foireann Phoblacht na hÉireann. Bhuaigh Giles bonn Chorn FA le Man Utd sa bhliain 1963 ach, níos deireanaí sa bhliain sin, scaoil an bainisteoir cáiliúil, Matt Busby, leis chun bealaigh go Leeds United (“ an mheancóg is mó a rinne mé riamh” a d’admhaigh Busby blianta ina dhiaidh sin).

Ba ghearr go raibh Giles ar na himreoirí ab fhearr a bhí ag imirt i Sasana. Ball lárnach ar fhoireann chaithréimeach Leeds United ab ea é ar feadh dhá bhliain déag. Bhí imreoir eile ar an bhfoireann chéanna a mbeadh baint mhór aige le hÉirinn blianta ina dhiaidh sin, is é sin Jack Charlton. I 1973, agus é fós ag imirt le Leeds United, ceapadh Giles ina bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, cinneadh a léirigh go grinn an t-ardmheas a bhí ag lucht sacair, idir imreoirí agus lucht riaracháin, air. D’fhág sé Leeds United i 1975 agus chuaigh go dtí West Bromwich Albion mar a raibh sé ag feidhmiú mar imreoir agus mar bhainisteoir ar feadh dhá bhliain (agus ina bhainisteoir ar Phoblacht na hÉireann san am céanna!). Agus a sheal rite leis an gclub sin, d’fhill Giles ar Éirinn i 1977, agus chuaigh ag imirt agus ag bainistiú le Ruagairí na Seamróige go dtí 1983. Chríochnaigh sé a thréimhse i gceannas ar fhoireann na Poblachta i 1980. Chaith sé roinnt ama idir 1981 agus 1983 ag bainistiú clubanna i Meiriceá Thuaidh. Bhí sé ina bhainisteoir arís ar West Bromwich Albion idir 1984 agus 1985, ach d’éirigh sé as a bheith gníomhach i gcúrsaí sacair ansin. Ó shin i léith, tá sé ina iriseoir agus ina thráchtaire ar chúrsaí sacair.

Blianta Fada Faoi Bhláth

D’imir John Giles sacar ar feadh achar fada blianta ag an gcéim is airde agus bhí baint aige le mórán buanna le Leeds United go háirithe. Bhí ardmheas air mar imreoir agus mar bhainisteoir agus b’éacht as cuimse é a sheal mar imreoir agus mar bhainisteoir ag an am céanna le foirne club agus le foireann Phoblacht na hÉireann. Rinne dornán beag eile an dá ról a chomhlíonadh ag leibhéal club i Sasana, ach b’eisceacht é mac Uí Ghlaisne mar gheall ar an bhfad ama a chaith sé sa dá chúram sin idir chlub agus thír. Níor mhiste a luadh i gcomhthéacs na gcluichí Gaelacha go ndearna Tony Hanahoe, captaen fhoireann peile Átha Cliath, éacht nótáilte agus é ina chomharba ar Chaoimhín Ó hIfearnáin mar bhainisteoir nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1977.

D’éirigh le John Giles mar imreoir, agus go mór mhór mar bhainisteoir, gradam agus stádas fhoireann Phoblacht na hÉireann a ardú. D’éirigh leis aigne imreoirí agus lucht tacaíochta a athrú sa chaoi gur shíl daoine go raibh sé ar chumas foireann na Poblachta cáiliú le haghaidh comórtais Chorn na hEorpa agus Corn an Domhain. Bhí mí-ádh Giles nár tharla sé sin le linn a sheal féin i gceannas. Cinneadh réiteora a tháinig idir cháiliú agus a mhalairt i 1978.

Tugtar urraim ar leith sna meáin spóirt agus i measc lucht leanúna an tsacair do thuairimí John Giles faoin sacar. Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht. Tá scéal amháin a dhéanann cur síos ar aigne agus ar inniúlacht Uí Ghlaisne: go luath ina sheal mar bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann i 1974, roghnaigh Johnny fear óg naoi mbliana déag d’aois dá chéad chluiche le foireann na Poblachta i gcluiche in aghaidh na Rúise i bPáirc Lansdún. Liam Brady ab ainm don fhear óg agus de réir dealraimh bhí sé faiteach go leor roimh an gcluiche (tuige nach mbeadh!). Lena chur ar a shuaimhneas, labhair Giles leis agus mhol a chumas mar imreoir. Ní hamháin sin, a thúisce a fuair Giles an liathróid ag tús an chluiche, caol díreach chuig an mBrádach a chuir sé í. Bhí an Brádach ar a shuaimhneas uaidh sin amach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.