CÚRSAÍ SPÓIRT
Is gá córas ‘an chúldorais’ a athrú
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

míbhuntáistí áirithe ag baint le córas “an chúldorais” a thug an Cumann Lúthchleas Gael isteach den chéad uair cúig bliana ó shin, dar le Colm Mac Séalaigh.

Is údar imní é caighdeán na gcluichí iománaíochta i gCraobhchomórtais na bliana seo agus le cúpla bliain anuas.

Nuair a tugadh isteach córas “an chúldorais” i dtosach i 1997 ba iad na foirne a bualadh i gcluichí ceannais na Mumhan agus Laighean a ceadaíodh ar ais i gCraobhchomórtas na hÉireann. Sa chéad bhliain sin d’éirigh le Tiobraid Árann Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach in ainneoin gur bhuail an Clár iad i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhí sárchluichí ann idir an Clár agus Tiobraid Árann faoi dhó an bhliain sin a mbeidh cuimhne ag lucht leanúna na hiománaíochta orthu, go háirithe i gContae an Chláir, go ceann i bhfad. An bhliain dár gcionn d’éirigh le hUíbh Fhailí Craobh na hÉireann a ghnóthú (gan Craobh Laighean a bhreith leo) tar éis cluiche iontach eile i gcoinne Chill Chainnigh.

Cé is móite d’eisceacht nó dhó, mar shampla, Uíbh Fhailí i gcoinne Chorcaí sa bhliain 2000, is beag cluiche iontach a tharla de bharr an chúldorais ó 1998 agus bhí go leor cluichí aontaobhacha ann i mbliana faoin gcóras a thugann an dara seans do gach foireann. An t-údar imní is mó maidir le caighdeán agus sláinte an chluiche ná chomh dona is a bhí Corcaigh, Uíbh Fhailí, Loch Garman, Áth Cliath agus an Dún.

An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.

Bhuaigh Loch Garman Craobh na hÉireann i 1996 le foireann a bhí sách sean agus i ndeireadh a saoil nádúrtha agus ó shin i leith tá siad ag iarraidh foireann nua a chur le chéile, rud nach bhfuil éasca in éagmais foirne maithe faoi aois. Tá an scéal níos measa in Uíbh Fhailí áit ina bhfuil an limistéar iomána beag agus go bhfuil easpa imreoirí óga den chaighdeán is fearr ag teacht tríd.

Bhí 20 bliain iontach ag muintir Uíbh Fhailí ón uair a bhuadar a gcéad Chraobh Laighean i 1981 agus ceithre Chraobh uile Éireann agus Craobh na gClub ag Biorra. A lán de na cluichí is fearr sa tréimhse sin bhí Uíbh Fhailí páirteach iontu: v Gaillimh i 1981, v Cill Chainnigh i 1995, v an Clár 1995, v Loch Garman 1996, v Corcaigh 2000. Bhí imreoirí iontacha acu freisin nach raibh a sárú le fáil in aon chontae, báireoirí ar nós mhuintir Troy, Whelehan, Pilkington, Dooley, etc. Ach is cosúil go bhfuil an tobar i ndísc anois agus nach mbeidh Uíbh Fhailí láidir go ceann tamaill éigin eile ar aon nós. Féach mar shampla gur bhuaigh Áth Cliath go héasca ar fhoireann Faoi 21 Uíbh Fhailí le déanaí.

Na foirne coláiste

Tá sé le sonrú freisin ar na contaetha sin, go háirithe Loch Garman agus Uíbh Fhailí, nach bhfuil caighdeán a bhfoirne coláiste thar mholadh beirte le tamall de bhlianta anuas. Is fada ó bhuaigh Naomh Peadar, Loch Garman nó Naomh Breandán, Biorra Craobh Choláistí Laighean nó go ndeachaigh siad fiú chomh fada leis an gcraobh. Ar a laghad i gCorcaigh bhuaigh Naomh Colmán dhá chraobh Choláistí Uile Éireann le dhá bhliain anuas agus cé go raibh beirt dá n-imreoirí ab fhearr as Co. Luimnigh, is údar dóchais an dá bhua sin dóibh.

Maidir le hÁth Cliath, bhí cuid den náire ag baint leis an gcaoi inar bhuaigh an Clár orthu i bPáirc Parnell tá dhá mhí ó shin. Cé go bhfuil imreoirí óga sciliúla ag Áth Cliath tá an iomarca díobh róbheag agus éadrom. Bhuaigh an Clár orthu toisc go raibh siad níos láidre agus bhí siad in ann an céile comhraic a bhrú as an mbealach go dlisteanach agus go minic go neamhdhlisteanach (ní fhaca an réiteoir an méid feallanna is a chonaic an lucht féachana). Ach bhí fiche iarracht ar fóirín ag Áth Cliath an oíche sin agus dá bhfaighidís a leath díobh (go minic bhí an t-imreoir os comhair an chúil beagnach) thabharfadh sé misneach dóibh a gcuid iarrachtaí a neartú. Easpa muiníne ar an stáitse mór, b’fhéidir (chomh maith le ehaspa plean ó thaobh an lucht bainistíochta?), ba chúis le cuid mhaith dá ndeachaigh mícheart d’Áth Cliath an tráthnóna sin.

Léas beag dóchais d’Áth Cliath ná gur bhuaigh an fhoireann Faoi 21 bliain ar Uíbh Fhailí. Tá grúpa deas imreoirí ag Áth Cliath san aoisghrúpa sin, imreoirí a d’imir le foireann iomána Choláistí Átha Cliath i gcluichí ceannais Choláistí Laighean agus a bhfuil boinn Choláistí gnóthaithe ag cuid acu. Is é an dúshlán do Choiste Átha Cliath ná bealaí a aimsiú chun na himreoirí óga seo a choinneáil ag imirt ag an leibhéal is airde agus gan ligean dóibh imeacht le sruth faoi mar atá ag tarlú le blianta fada anuas.

Léas beag eile dóchais ó thaobh na hiomána de ná an chaoi inar imir An Mhí in aghaidh Laoise, Átha Cliath agus Uíbh Fhailí i gcluichí craoibhe agus sraithe i mbliana. Tá obair mhaith ar siúl i gCo. na Mí ar son an chluiche ach is deacair an dul chun cinn is gá a dhéanamh i gcontae ina bhfuil an bhéim is mó ar an bpeil Ghaelach, rud atá fíor i mBaile Átha Cliath freisin, dar ndóigh.

Ach an scéal is fearr ar fad go dtí seo i mbliana ná an bua iontach a bhí ag Port Láirge i gCraobhchomórtas na Mumhan. Ba mhór an t-ardú croí a thug a mbuanna i gcoinne Chorcaí agus Thiobraid Árann do lucht leanúna na hiomána agus ba bhreá leis an lucht neodrach go leanfaidís ar aghaidh agus Craobh na hÉireann a bhreith leo. Ach chun é sin a dhéanamh beidh orthu buachaint ar dhá fhoireann láidre eile ar nós an Chláir, na Gaillimhe agus Chill Chainnigh, nó Tiobraid Árann arís.

Léiríonn staid Phort Láirge cé chomh seafóideach is atá an córas atá ann faoi láthair (cé gur fearr é ná an seanchóras) agus is argóint ann féin le deireadh a chur leis an socrú atá ann agus córas níos cothroime agus níos suimiúla (ar nós Chorn an Domhain sa sacar) a chur ina áit. Locht eile atá ar an gcóras atá ann faoi láthair ná go gcuireann sé foirne láidre a chaill sa chéad bhabhta ar nós an Chláir, Thiobraid Árann agus na Gaillimhe in aghaidh foirne laga a chaill a gcéad bhabhta ar nós Laoise, Átha Cliath, An Dúin, na Mí, etc. Rud eile ná go raibh briseadh deas cúpla seachtain chun traenála agus pleanála ag an gClár, ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh tar éis a mbuailte ach b’éigean d’Áth Cliath, do Loch Garman, don Mhí agus d’Uíbh Fhailí dul chun páirce arís sé lá tar éis dóibh cluiche a chailleadh.

Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth. Tá sé fós ag cumadh amhrán.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.