AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Iriseoireacht an tseicleabhair’ i réim
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

caighdeán an-íseal ag baint leis an nuacht ar stáisiúin teilifíse na hAstráile, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Yuri Gagarin - fuair bás i 1968, i 1991
Íomhá
Douglas Wood, a bhí ina ghiall san Iaráic ar feadh 47

Bíonn deacair scaití mórán brí a bhaint as an stuif a dtugann na meáin san Astráil nuacht agus cúrsaí reatha orthu. Baineann sin go háithrid leis na stáisiúin teilifíse. Ar ndóigh, bíonn béim acu ar rudaí a bhaineann leis an Astráil le hAstrálaigh thar lear.

hábhar iontais é sin. Ach bealaí lena dhéanamh. Is minic tuairisc cloiste agam ar rás comórtas luthchleasaíochta san Eoraip, cuir i gcás, áit a ndeirtear linn go raibh Astrálach sa seachtú háit. Luaitear an t-ainm ach deirtear a ghnóthaigh, gan trácht ar an dara an tríú háit. Bheadh amhras ort ar éirigh le duine ar bith an comórtas a ghnóthú.

Go minic fágtar rudaí ar lár. Bhí clárnuachtauair an chloig ar stáisiún teilifíse amháin (Channel 10) an tar éis an reifrinn sa bhFrainc faoi bhunreacht an Aontais Eorpaigh. raibh tagairt ar bith don reifreann don toradh a bhí air. Ar an stáisiún céanna i 1991 bhí an botún nuachta ba mhíchruinne a chuala riamh. Ag deireadh na bliana thug siad liosta de dhaoine cáiliúla a cailleadh i rith na bliana. Ina measc siúd bhí Yuri Gagarin. Ach cailleadh Gagarin i dtimpiste eitleáin i 1968. Bhí de dhásacht ag an stáisiún céanna a tamall ina dhiaidh sin nach mbíonn aon bhotúin acu ina gcuid scéalta nuachta.

Bhí cúpla deis acu le tamall anuas dul thar fóir agus thapaigh siad an deis. Bhí Schapelle Corby, bean as Queensland, ar a triail i mBali de bharr marijuana *a thabhairt léi as an Astráil (féach *Beo!, Bealtaine 2005). Chaith péire de na stáisiúin teilifíse trí uair an chloig ag cur an bhreithiúnais i láthair. Is éard a bhí ann go bunúsach triúr breithiúna ag léamh an bhreithiúnais i mBahasa, teanga nach bhfuil ach ag corrdhuine san Astráil.

Nuair a gearradh téarma 20 bliain uirthi, raibh i bhfad go raibh na meáin ag gríosú na ndaoine agus ba léir gur dearcadh ciníoch ba bhunús le cuid mhaith de na tuairimí a bhí le cloisteáil. Mhol daoine baghcat a dhéanamh ar thaisteal go Bali agus d’iarr daoine eile airgead ar ais a tugadh tar éis an tsúnámaí i na Nollag. Níl soiléir cén fáth ar tugadh an oiread sin airde ar an gcás sin nuair a dhéantar neamhshuim d’fhormhór na 150 cás eile a bhaineann le triail Astrálach thar lear.

I gcás eile an mhí seo caite ligeadh saor Douglas Wood a gabhadh san Iaráic 47 roimhe sin. Nuair a tháinig ar ais go dtí an Astráil bhí preasócáid aige féin agus ag a mhuintir i Melbourne ach raibh mórán le aige faoin méid a tharla . Bhí cúis leis. Bhí an scéal díolta aige go heisiach le stáisiún teilifíse amháin. Ceaptar gur íocadh idir $250,000 (€150,000) agus $400,000 ar an scéal. Bhí na meáin eile ar buile, ag clamhsán faoiiriseoireacht an tseicleabhair”, rud a bhíonn ar siúl acu féin nuair a fheileann .

bheidh i bhfad go mbeidh deis acu filleadh ar scéal Corby - beidh achomharc ar siúl faoi cheann cúpla . Is cinnte go súfaidh na meáin chuile dheoir as an scéal sin.

Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.