AR NA SAOLTA SEO
Ionad Chultúir na hÉireann Londain faoi Bhagairt
Áine Ní Lanagáin Áine Ní Lanagáin

Míníonn Áine Ní Lanagáin san alt seo an chontúirt atá ag bagairt ar cheann de fhorais na nGael i Sasana, .i. Ionad Chultúr na hÉireann i Hammersmith.

Íomhá
Ionad Chultúir na nGael i Hammersmith
Íomhá
Droichead suntasach Hammersmith
Patche99z ar Vicipéid

Tá na hÉireannaigh i gceantar Hammersmith agus in Iarthar Londain trína chéile i láthair na huaire. Is í ábhar na himní atá orthu go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Hammersmith & Fulham áit lárnach na nGael a dhúnadh síos agus a chur ar an margadh i mí Márta 2012.

Is cúinne iontach beo de chuid na hÉireann í an Irish Cultural Centre Hammersmith (ICCH). Má théann léitheoirí go dtí an suíomh idirlín www.irishculturalcentre.co.uk feicfidh siad na gníomhaíochtaí ar fad a bhíonn ar siúl ann ó ranganna ceoil, teanga, stair agus ealaín na hÉireann go dtí scéalaíocht traidsiúnta, drámaí, staidéar scannánaíochta, agus araile. Tá leabharlann iontach anseo le húdair Éireannacha sa Bhéarla chomh maith leis an nGaeilge. Mothaíonn tú cairdeas san áit a luaithe a leagfas tú cos thar tairseach isteach ann. Bíonn imeachtaí faoi leith do phinsinéirí ar siúl ann gach seachtain, léachtaí maidir le sláinte, tae agus rincí. Tagann gasúir scoile isteach Dé Sathairn chuig ranganna ceoil.

Ni hiad an hÉireannaigh amháin a bhíonn ag freastal ar an ICCH. Is nasc láidir í idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, agus mar sin is áis thábhachtach í do gach cine a thagann go Londain ón domhan uile. D’fhéadfaimis smaoineamh ar an áit mar lárphointe fógraíochta agus teagmhála dár dtír dhúchais a bhfuil ar a chumas daoine a spreagadh le turasóireacht agus cúrsaí staidéir a dhéanamh in Éirinn. Chomh maith le sin, is tearmann í do na hÉireannaigh atá socraithe le fada sa Bhreatain agus do na himircigh nua atá ag teacht anall leis an ngéarchéim geilleagrach.

Fiacha na Comhairle

Sa bhliain 2010 rinneadh comhaontú idir Comhairle Hammersmith & Fulham agus coiste bainistíochta an ICCH go mbeadh síneadh leis an léas ó 2012 go dtí 2017. Tá foirgneamh an ICCH ar léas ón gComhairle. Ach go tobann, níor shínigh na comhairleoirí na páipéirí agus d’fhógair siad go raibh beartaithe acu an áit a dhúnadh síos agus a dhíol toisc go raibh fiacha suas le 150 milliún punt ar an gComhairle. Tá leabharlann agus hallaí sa cheantar dúnta cheana féin acu.

D’eagraigh na hÉireannaigh feachtas chun an ICCH a shábháil. Bhailigh siad sínithe ó bhreis is 6,000 duine a bhfuil baint acu leis an áit agus d’fhreastail slua mór ar chruinniú leis an gComhairle chun an scéal a chíoradh. Ní bhfuair an ICCH sa deireadh ach lamháltas amháin ón gComhairle, ’sé sin go mbeadh an chéad rogha ag na hÉireannaigh mar cheannaitheoirí nuair a chuirfear an áit ar an margadh i mí Márta 2012. Ciallaíonn sé seo go bhfuil brú ar an ICCH thart ar 2 mhilliún punt a bhailiú roimh an lá sprice sin, éacht dodhéanta dar lena lán daoine.

Tá feachtas tarrthála an Ionaid faoi lán seoil anois ag an ICCH i Londain. Is féidir le duine ar bith an t-eolas iomlán a léamh ar an idirlíon ag:

Má tá fonn ar éinne cuidiú leis an bhfeachtas seo le sintiús airgid a thabhairt nó trí imeachtaí a eagrú i gceantracha éagsúla chun airgead a bhailiú is féidir dul i dteagmháil leis an mbainisteoir ag gm@irishculturalcentre.co.uk agus do thuairim a chur in iúl ar ríomhphost. Tá na sonraí ar fáil ar na seolta idirlín thuas chomh maith.

Buíochas mór le gach éinne a thabharfas lámh chúnta dúinn ionad ceannais chultúir na hÉireann a tharrtháil agus a scaipfeas an teachtaireacht seo ar fud an domhain. Má thagann sibh chuig na Cluichí Oilimpeacha an bhliain seo chugainn buailigí isteach chugainn. Beidh céad míle fáilte romhaibh san ICCH agus feicfidh sibh toradh na hiarrachta seo go léir.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Tá blianta caite ag Áine Ní Lanagáin ag múineadh teangacha i mBaile Átha Cliath, san Astráil, agus i Londain agus tá an Ghaeilge go háirithe le deich mbliana anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.