CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Imní ag teacht ar na comhlachtaí traidisiúnta teileachumarsáide
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

daoine in ann glaonna saora teileafóin a dhéanamh ar an idirlíon anois, ach róshásta atá na comhlachtaí traidisiúnta teileachumarsáide leis an bhforbairt seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Chonaic radharc ait, truamhéalach an cheana: fear óg, dea-ghléasta ina chnap ar chéimeanna foirgnimh i lár Bhaile Átha Cliath. Faraor, radharc as an ngnách é sin san ardchathair, ach nuair a d’fhéach níos cúramaí baineadh siar asam: bhí ríomhaire glúine breá ar oscailt taobh leis, bhí cluasáin ar a cheann agus micreafón as comhair a bhéil. hamháin sin ach bhí meangadh gáire leathan ar a aghaidh agus é ag stánadh ar an spéir. Cad a bhí ar bun aige in aon chor?

Thóg tamall fada orm oibriú amach cad a bhí feicthe agam. duine gan dídean a bhí san fhear sin ach duine a bhí ag baint úsáide as córas idirlín gan sreangan fhoirgnimhgan chead. Agus cad a bhí ar bun aige leis an gcóras sin? Bhí á úsáid chun glaonna gutháin saor in aisce a dhéanamh thar an idirlíon - aon ionadh go raibh aghaidh chomh sona sin air!

Níl an fear sin ina aonar ach an oiread. cathracha na hÉireann lán comhlachtaí cosúil leis an gceann san fhoirgneamh sin atá tar éis infheistíocht mhór a dhéanamh i gcóras gréasáin *“Wi-Fi” *a chuireann ar chumas a n-oibrithe an t-idirlíon agus gréasán inmheánach a úsáid gan sreang ar bith a cheangal lena ríomhairí glúine. Ach, faraor, níl an infheistíocht chéanna déanta i gcúrsaí slándála acu agus go minic fágtar an doras ar oscailt d’aon duine atá ag iarraidh briseadh isteach ar an ngréasán úd agus úsáid a bhaint as an gceangal idirlín iad féin.

Ach conas mar a bhí ag éirí leis an bhfear úd glao teileafóin a dhéanamh ó ríomhaire? Bhuel, bhí ag baint úsáide as teicneolaíocht a thiontaíonn guth an duine isteach i bpaicéid bheaga dhigiteacha is féidir a sheoladh thar an idirlíon chuig daoine eile. Tugtar Voice over Internet Protocol, VoIP, ar an teicneolaíocht seo, agus daoine ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ag tosú ar é a úsáid toisc go laghdaíonn na costais a bhaineann le glaonna gutháin. Ar ndóigh, baineann formhór na ndaoine a úsáideann VoIP leas as an gcóras thar an tseirbhís leathanbhanda ar íoc siad féin asmurab ionann agus an rógaire a chonaic féin ar an tsráid.

Go bunúsach, cuireann bogearraí VoIP ar chumas daoinea bhfuil an trealamh ceart ceangailte acu lena ríomhairí (is é sin cluasáin agus micreafón), chomh maith le nasc leathanbhandalabhairt lena chéile saor in aisce, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil siad. bogearraí simplí saor in aisce ar fáil a chuireann an chuid is den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt agus a chinntíonn gur féidir le daoine díriú ar an gcomhrá agus ar an teicneolaíocht féin.

Costas an-íseal

Ar ndóigh, fiú mórán córas atá ag brath ar ríomhairí daora cumhachtacha agus nach n-oibríonn le gnáthghutháin, agus comhlachtaí ar nós Blueface in Éirinn (www.blueface.ie) agus Skype (www.skype.com) ag briseadh síos na teorainneacha idir glaonna ar an idirlíon agus gnáthghlaonna gutháin. chláraíonn le ceann de na comhlachtaí seo is féidir glao a dhéanamh ó ríomhaire ar an idirlíon go dtí gnáthuimhir ghutháin aon áit ar domhan ar chostas an-íseal i gcomparáid le rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta.

nach ionadh, na difríocht costas i gcás na nglaonna idirnáisiúnta ag cruthú go leor spéise i measc daoine a bhíonn ag déanamh glaonna thar sáile go minic. glaonna chuig gutháin siúil fós daor, faraor, ach siad níos saoire mar is gnách le VoIP.

Níl teicneolaíocht seo an VoIP forbartha go hiomlán go fóill, agus ciallaíonn sin go bhfuil fadhbanna ann faoi láthair le caighdeán na fuaime agus go dteipeann ar ghlaonna ó am go ham. Ach trealamh nua ag teacht ar an margadh i gcónaí chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo. Ina measc, boscaí beaga cliste a chuireann ar do chumas an gnáthghuthán atá agat cheana féin a cheangal go díreach le do chóras leathanbhanda. Anois is féidir glaonna a dhéanamh ar an ngnáthslíneamhspleách ar do ríomhaire. An t-aon difríocht a thabharfaidh faoi deara an costas níos ísle!

Agus, do chóras leathanbhanda ag feidhmiú thar cábla na teilifíse thar seirbhís gan sreang, is féidir leat fáil réidh le do ghnáthlíne theileafóin go hiomlán. Go deimhin, uimhir nua, 076, á tástáil in Éirinn faoi láthair chun uimhreacha VoIP a aithint ó ghnáthuimhreachaagus is féidir leat do sheanuimhir a choimeád freisin más fearr leat.

Ar ndóigh, na comhlachtaí traidisiúnta cumarsáide scanraithe ag an teicneolaíocht nua seo atá ag laghdú bhillí a gcuid custaiméirí agus siad ag iarraidh stop a chur leo. Ach súil agam nach n-éireoidh leo - an-áthas orm gur féidir liom glaonna saora a chur ar mo chairde thar lear sa deireadh!

Is léiritheoir/stiúrthóir i réimse na hEolaíochta agus an Oideachais é Diarmaid Mac Mathúna sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie). Bíonn ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus pacáistí CD-ROM do réimse leathan eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear. Lena chois sin, foilsíonn GaelSpell, an litreoir Gaeilge do Microsoft Word agus Office ar Windows, ar an suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.