AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
I measc na seaniarsmaí sa Bhreatain Bheag
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Thug Liz Curtis cuairt ar roinnt láithreán stairiúil thar a bheith spéisiúil in iardheisceart na Breataine Bige le gairid.

Íomhá
Ardeaglais Naomh Daithí
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Pálás an easpaig
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Tobar Naomh Non
Grianghraf: Liz Curtis

Táim i ndiaidh bheith in iardheisceart na Breataine Bige den chéad uair, agus shíl mé go raibh sé go hálainn. Bhí suim agam go háirithe na láithreáin luath-Chríostaí a fheiceáil agus iarsmaí na mainistreacha ó na meánaoiseanna. Tá siad díreach cosúil le go leor láithreán in Éirinn; is amhlaidh go raibh an cultúr céanna le fáil ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, agus go deimhin tháinig tuatha ó Éirinn go hiarthar na Breataine Bige agus chuir siad fúthu ansin.

Thiomáin mé síos ó Bhéal Feirste go Ros Láir agus turas an-simplí, furasta a bhí ann. Thaisteal mé go measartha mall agus ghlac sé thart fá sé huaire. Ansin chaith mé oíche amháin i lóistín leaba agus bricfeasta deas ciúin darbh ainm Wayside House (guthán: 053 33475) i sráidbhaile darbh ainm Cill Ruáin.

An oíche sin, chuir mé an teilifís ar siúl agus chuala mé an Bhreatnais den chéad uair. Shíl mé gur teanga álainn mhín a bhí inti. Clár a bhí ann faoi Fhrongoch, an campa inar cuireadh címí Éireannacha faoi ghlas i ndiaidh Éirí Amach na Cásca i 1916.

An chéad mhaidin eile, d’éirigh mé go luath mar go raibh orm clárú ag an phort ar a seacht a chlog. Tá an port ag bun leithinse cothroime gaofaire, agus neart tithe scaipthe thart uirthi. Fuair mé an bád gasta, ach bhí rud inteacht mícheart le hinneall amháin agus ansin chuaigh muid isteach i gceo, mar sin bhí muid rud beag mall. Ach ba chuma liom féin mar nach raibh deifir ar bith orm.

Nuair a shroich muid Fishguard, d’imigh an ceo agus tháinig an ghrian amach. Thiontaigh mé ar dheis agus chuaigh mé i dtreo St David’s. Tá an bóthar casta ag dul trasna na má idir carnáin ghéara fhéaracha a chuir an Bhriotáin in gcuimhne dom.

Sroicheann an bóthar baile beag gleoite St David’s. Ansin titeann an bóthar díreach isteach i ngleann álainn coillteach, ina bhfuil Ardeaglais Naomh Daithí agus iarsmaí phálás mór an easpaig. Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.

Deirtear gur bhunaigh Naomh Daithí eaglais anseo thart fá 550 IC. Éarlamh na Breataine Bige is ea Naomh Daithí (nó Dewi Sant sa Bhreatnais), ar ndóigh. Tá iarsmaí scríne s’aige san ardeaglais. Tógadh an scrín i 1275, ach scriosadh í san Athrú Creidimh. Dúirt fear a bhí ag obair san ardeaglais liom nach bhfuil cnámha Naomh Daithí ar an suíomh.

Tá an taobh istigh den ardeaglais an-tarraingteach. Tosaíodh a thógáil an fhoirgnimh sa dara haois déag, ansin cuireadh leis thar na blianta. Tá stallaí ársa snoite an chóir le feiceáil ann, agus díonta maisithe adhmaid.

Is féidir siúl thart ar iarsmaí phálás an easpaig freisin. Thóg an tEaspag Henry de Gower é sa cheathrú haois déag. Pálás ollmhór a bhí ann, ina raibh dhá halla, dhá shéipéal, cistíní, agus seomraí leapa. Bhí neart spáis sna luscaí faoin fhoirgneamh le rudaí a stóráil - tá taispeántais mar gheall ar an phálás iontu anois.

Anois, tá an suíomh seo an-chiúin agus iargúlta, ach sa seanam bhíodh sé an-ghnóthach. Thagadh daoine ansin ar an fharraige ó chian is ó chóngar. Rinneadh an abhainn a dhreideáil le go mbeadh báid ábalta dul díreach go dtí an pálás agus an ardeaglais.

Ba í Naomh Non máthair Naomh Daithí. Tá iarsmaí séipéil bhig tiomnaithe di ar láithreán álainn ar cheann tíre in aice leis an fharraige, nach bhfuil i bhfad ó bhaile Naomh Daithí. Tá radharc aoibhinn ann ar na hoileáin fhada chothroma atá ar an imeall.

Tá tobar le fáil cóngarach go maith don séipéal. Deirtear go raibh spéirling ann nuair a tháinig Naomh Daithí ar an saol, agus gur oscail an tobar seo idir cosa Naomh Non. Creidtear go bhfuil leigheas le fáil ó uisce an tobair.

Baile beag ciúin

Lean mé ar aghaidh ansin go Cardigan, nó Aberteifi sa Bhreatnais. Is baile beag ciúin é Aberteifi atá suite ar abhainn an Teifi, a bhíodh an-tábhachtach sa seanam.

Thóg na Normanaigh caisleán ansin i 1093, ansin d’fhás an baile thart air. Ba phort mór trádála é Aberteifi faoi na meánaoiseanna. Sa naoú haois déag, d’éirigh sé iontach tábhachtach ó thaobh thógáil bád de, chomh maith le trádáil, agus ba phointe imeachta é d’eisimircigh a bhí ar a mbealach go Meiriceá Thuaidh. Ag deireadh an 19ú haois, áfach, tháinig glár san abhainn.

Sa 20ú haois, bhí rath ar Aberteifi mar go raibh ag éirí go maith leis an talmhaíocht sa cheantar máguaird. Ansin tháinig mórán fostaíochta le monarcha teicstílí Dewhurst, ina ndearnadh éadaí do Marks agus Spencer, ach tá an comhlacht sin imithe thar sáile anois.

Gné an-tábhachtach de shaol Aberteifi is ea an Bhreatnais, atá iontach láidir ansin. Choinnigh na séipéil beo í thar na blianta. Labhraítear an teanga go forleathan i measc ghnáthdhaoine na háite go fóill. Dá bharr sin, tá rud beag teannais idir muintir na háite agus na Béarlóirí atá ag bogadh isteach sa cheantar le fada anois. Déanann roinnt Béarlóirí iarracht an Bhreatnais a fhoghlaim, ach – dála na Gaeilge - ní teanga fhurasta í. Thuig mé focal amháin - “araf”. Ciallaíonn sé sin “mall”, agus bíonn sé scríofa go minic ar na bóithre cúnga casta.

Tá sé suimiúil siúl síos príomhshráid Aberteifi agus amharc ar na daoine. Deirtear go bhfuil trí shaghas daoine ansin: pobal an bhaile, na feirmeoirí agus na strainséirí. Is maighnéad é Aberteifi do dhaoine a bhfuil dearcadh ailtéarnach acu. Mar sin, bheadh sé furasta suathaireacht a fháil ansin, agus béile orgánach agus seisiún midheamhaine. Is féidir teacht ar dhaoine mar sin sa mhargadh clúdaithe atá taobh thiar den Guildhall i lár an bhaile, ina bhfuil caife an-mhaith agus roinnt mhaith stainníní.

In aice leis an abhainn, tá ionad oidhreachta le fáil, atá lonnaithe i seanstór. Is féidir neart eolais a fháil ansin, agus amharc ar fhíseán faoi stair na háite.

Seanmhainistir

Míle amháin síos an bóthar, tá sráidbhaile gleoite eile darb ainm St Dogmael’s. Tá linn muilinn ansin agus lacha uirthi, agus iarsmaí móra de sheanmhainistir. Ba naomh Breatnach é Naomh Dogmael, agus creidtear gur bhunaigh sé mainistir luath-Chríostaí ansin sa séú haois. Ansin, sa dara haois déag thug an Normanach Robert fitz Martin manaigh Bheinidicteacha trasna ón Fhrainc agus bhunaigh sé mainistir nua ar an suíomh. Tharla an próiseas céanna in Éirinn, ar ndóigh.

In aice leis na hiarsmaí, tá eaglais le fáil nach bhfuil chomh sean céanna. Nuair a chuaigh mé isteach, bhí fear cuidiúil ann a tharraing m’aird ar dhá rud iontach suimiúil. Ar chúl na heaglaise, tá cloch ina seasamh agus teachtaireacht scríofa uirthi in dhá aibítir - Ogham agus Laidin. “Cloch Sagranus, mac Cunotamus,” a deirtear uirthi. Creidtear gur leac uaighe atá inti, agus b’fhéidir gur rí áitiúil de bhunadh Éireannach ab ea Sagramus.

Má théann tú go dtí an altóir agus má thógann tú an t-éadach, feicfidh tú tábla cloiche snoite agus cúig chos air. Tógadh an altóir seo sa bhliain 1110, as cloch ghorm a tháinig ón chairéal céanna as ar tháinig clocha Stonehenge. Deirtear gurb í seo an chloch altóra is sine sa Bhreatain Bheag.

Ní fhaca mé ach cuid bheag bhídeach de shaibreas iarthar na Breataine Bige, agus is cinnte go gcaithfidh mé dul ar ais ansin chomh luath agus is féidir.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.