CÚINNE NA nEALAÍON
Guth an Uaignis ón Uaigh Aníos
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.

Íomhá
Rachel Bluwstein, File
ar Vicipéid

Tamall gearr ón áit inar baisteadh Íosa reilig neamhghnách. banfhile cáiliúil curtha sa reilig sin. Rachel a thugtar uirthi, Rahel. Baineann rud éigin an-suaithinseach lena huaigh. Is féidir coimeádán a oscailt ann agus istigh sa choimeádán sin leabhair de chuid an fhile. Nach deas an smaoineamh é, cuairt a thabhairt ar uaigh an fhile, leabhar léi atá i bhfolach in aice lena corp a ardú is a léamh go hurramach agus ansin, tar éis smaoineamh ar neamhbhuaine an tsaoil, an leabhar a chur ar ais arís go cúramach.

B’fhiú dúinn féin aithris a dhéanamh ar an smaoineamh sin. Bheadh filíocht á léamh ag daoine ansin, b’fhéidir, nár bhac leis an bhfile a léamh in aon chor fad ba bheo di.

Cerbh í féin? Rúiseach ab ea Rachel Bluwstein (1890 -1931) a chuaigh ar imirce go dtí an Phalaistín sa bhliain 1909. Bhí ag scríobh agus ag péinteáil ó bhí ina déagóir. Uaigneas an ghrá leatromaigh an téama is a fhaightear ina cuid filíochta. An duine a raibh grá aici bheadh ina thríú huachtarán ar Iosrael i gceann na haimsire, Zakman Shazar. Cailleadh den eitinn í, galar nár lig di páistí a theagasc, saothrú sna goirt, spórt a dhéanamh nuair a bheadh deireadh le fada sa kibbutz, galar nach raibh leigheas air ag an am. Mar sin is ina haonarán a mhair i Tel Aviv agus in Iarúsailéim, isteach is amach san otharlann, i bhfad ó na crainn olóige, i bhfad ó thonnta Mhuir na Gailíle, go dtí gur tháinig an bás sa deireadh.

Cuireadh ceol le go leor cuid dánta agus b’fhuirist sin a dhéanamh mar is friotal simplí liriceach macánta a chleacht den chuid is , dánta úra a bhaineann leis an ngrá leatromach, leis an mbás agus le haislingí nár fíoradh. Dánta a eascraíonn as an méid a d’fhulaing is ea iad, dánta nochta is gan aon chleasaíocht bhréige liteartha iontu a thruailleodh iad, dánta i dteanga ársa nár chualathas á labhairt ar na sráideanna arís go dtí an fhile féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.