CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Gradaim Ghréasáin na hÉireann
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.

Luaigh mé im’ alt deiridh go raibh mo phodchraoladh féin is an suíomh seo i measc na n-iomaitheoirí i nGradaim Ghréasáin na hÉireann. Sa dá chatagóir a luaigh mé, bhuaigh podcraoladh do dhílseoirí Arsenal agus Gaelport.com faoi seach. Is mór agam gur bhuaigh Gaelport.com ó d’oibrigh mé féin go dian ar an suíomh sin le blianta agus tuigim an obair chrua a chuireann foireann Chomhdáil Náisiúnta na Gaeilge ann chuile lá: treaslaím leo! Is mór agam gur bhuaigh Arseblog mar ní raibh a fhios conas a bhféadfadh mé féin is mo chomhláithreoir an t-ardán a aimsiú agus an péire againn sáite isteach i lár an tslua agus gan mórán spáis idir na cathaoireacha. Mar a deirtear, “It’s tough at the top – ... is measa mullach!”

Dúirt duine éigin ar éirigh leo an t-ardán a bhaint amach gurbh é ceann de na rudaí is mó a thaitin leo faoina ghradam ná an líon buaiteoirí nach raibh aithne aige orthu roimh na gradaim. Bhraith mé an rud céanna freisin: gur tharraing na gradaim m’aird ar shuíomhanna, ar fheidhmcláracha is ar líonraí sóisialta nach raibh aon chur amach agam orthu riamh roimhe.

Léim trí cinn amach romham as an 30, nó mar sin, a bhuaigh ar an oíche. Chabhródh ceann díobh go mór le héinne a bhfuil gnó acu, chabhródh ceann díobh go mór i saol pearsanta ban agus cabhródh an tríú ceann go mór le saol teaghlach áirithe.

OnePageCRM

Tá sé deacair rudaí a dhíol na laethanta seo. Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca. An té a bhfuil a ghnó féin aige, nó freagracht an díolacháin air, is cinnte go mbeadh spéis aige i OnePageCRM mar sin. Bhuaigh OnePageCRM an gradam don Fheidhmchlár, nó don tSeirbhís Gréasáin Nua is Fearr i mbliana. Séard atá ann ná feidhmchlár gréasáin a eagraíonn do chuid teagmhálacha. Cuireann an feidhmchlár na teagmálacha seo i láthair de réir gnímh, in ionad a dhéanamh ar bonn aibitre, nó ar aon luach eile. Ba chóir, cuirim i gcás, scairt a chur ar mo dhuine mar a gheall tú. Sin an t-eolas a bheidh le feiceáil chun tosaigh ag an am cuí. Táim féin chun triall a bhaint as: is fiú sin a dhéanamh faoi láthair mar tá sé go hiomlán saor in aisce le linn na tréimhse beta. De réir an staidrimh ar a suíomh álainn faoi láthair, ní bheidh sé róchostasach ina dhiaidh sin. Bhuel ní bheidh sé níos costasaí ná na deiseanna atá caillte i do chloigeann agat, nó i leabhar nóta, nó i bhféilire, go dtí seo! (Rud eile a tharraing m’aird, go bhfuil siad ar tí feidhmchláirín iPhone a seoladh freisin...)

Safetext

An dara ceann a chuaigh i bhfeidhm ormSafeText. Bhuaigh an suíomh seo thar chúig cheann eile sa chatagóir céanna agus déarfainn go raibh an iomaíocht dian sa chatagóir seo. Séard atá le fáil ó Safetext.ie, seirbhís a chuireann téacs laethúil chuig a sintiúsóirí chun cur i gcuimhne dóibh a bpiollaire frithghiniúnach a ghlacadh. Cé nach bhfuil an teicneolaíocht féin rónuálach, tá an fheidhm an-nuálach. Is léir go bhfuil tuiscint acu siúd a chruthaigh é ar lucht a úsáidte: tá an méid seo soiléir ón mbunsmaoineamh go dtí an cur i láthair agus an mhargaíocht. Cé go gcuireann an-chuid mná meabhrúcháin ina gcuid guthán tríd an bhféilire, nó tríd an gclog, ní oibreoidh an guthán múchta ina dhiaidh sin, agus is minic an guthán múchta againn. Ní bhfaighfear an meabhrúchán seo nuair a atosófar an guthán arís, ach tiocfaidh téacs tríd fós. Chomh maith leis an tseirbhís téacs féin, tá an-eolas ar an suíomh faoi shláinte na mná.

Grace App for Autism

Is dócha d’aon duine a bhí i láthair ag na gradaim, ní dhéanfaidh siad dearmad róluath ar bhuaiteoir an ghradaim don fheidhmchláirín sogluaiste is fearr. Duais roinnte a bhí ann, ambaiste, ach níor ghlac Vincent Coyne, cruthaitheoir Eirtext, a dhuais leis an líon céanna mothúcháin is a ghlac Lisa Domican a duais sise. Cruthaigh Domican an Grace App for Autism in éineacht le Steve Troughton-Smith. Séard atá i gceist leis an bhfeidhmchláirín iPhone/ iPad/ iTouch seo ná córas cumarsáide dóibh siud atá neamhbhriathartha agus páistí le huathachas, ach go háirithe. Shocraigh Domican ar an bhfeidhmchláirín seo a chruthú dá hiníon féin, Grace, agus sin an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an gcláirín. Rinne sí féin agus Troughton-Smith an obair ar fad in aisce. Luaigh sí freisin nuair a ghlac sí a duais go raibh siad ag cuartú sean-iPhones dóibh siúd nach bhfuil in ann iad a cheannach dá bpáistí féin. Tá tuilleadh eolais sna naisc thíos.

Gheofar neart ábhair ar gach ceann de na suíomhanna thuasluaite faoin tseirbhís atá ar fáil uathu, idir fhíseanna, naisc chuig áiseanna eile, mholtaí úsáideoirí agus a líonraí sóisialta féin.

Le beagnach 170 moltóirí, is fiú go mór na gradaim seo agus is léargas ar shuíomh an ghréasáin in Éirinn le linn tréimhse ar leith. Is fiú súil a chaitheamh ar na suíomhanna a ainmníodh gan trácht orthu siúd a bhuaigh duaiseanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.