TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Glórtha lácha an bheoshrutha
Brent Miles Brent Miles

Tá cónaí ar Brent Miles in Ontario Cheanada. Léiríonn sé anseo an chaoi a bhfuil Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon ina áis luachmhar aige féin agus acu sin go léir a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag iarraidh teagmháil leathúil a bheith acu leis an nGaeilge.

Íomhá

D’iarr eagarthóirí *Beo! *orm cuntas gearr a bhreacadh síos ar mo shaol mar Ghaeilgeoir i Meiriceá Thuaidh. Is le fonn a dhéanfaidh mé é sin, cé nach bhfuil mé cinnte an “saol” é i ndáiríre.

Ainm fíor-neamhGhaelach a bhronn mo thuismitheoirí orm nuair a bhí mé i mo leanbh soineanta, rud a bhíonn ina ualach d’aon English Canadian ar suim leis rudaí Gaelacha, go háirithe ó d’éirigh an tír chomh gafa sin le Riverdance. Ach an bua is mó a bhaineann le muintir na hÉireann i gCeanada ná go bhfuil siad lách cairdiúil, agus d’fhoghlaim mise an Ghaeilge mar aoi de chuid an phobail seo a choinníonn an tine beo abhus anseo. Nuair a fhágann an foghlaimeoir an pobal sin, áfach, le cur faoi in áit nach bhfuil daoine a thuilleadh, caithfidh sé brath ansin ar an draoi glórtha daonna ar an idirlíon.

Ar an aistear thar sáile go hÉirinn, gabhadh mé i líon domhanda. Cónaím cuid bheag de mo shaol fós ar bhruacha Loch Ontario, agus go minic na laethanta seo bím gafa i mbeoshruth leochaileach a ritheann os cionn an Aigéin Atlantaigh ó Chasla, Conamara go dtí mo cheantar féin. Nuair a thosaigh mé leis an nGaeilge, ní raibh ach raiméis le fáil fós ar an idirlíon. Ní raibh Raidió na Gaeltachta ar fáil do dhaoine sa bhaile. Anois, is beag rud eile a n-éistímse leis. D’fhoghlaim na ríomhairí an chaoi le labhairt le gairid, agus de ghlór ard a labhraíonn siad.

Tá mo sheomra seascair Angla-Shacsanach ann fós. Ní hann domsa, áfach - tá mé tar éis aistriú. Go Ráth Cairn. Go Tír an Fhia. Ní i gcónaí a thuigim céard atá á rá acu ansin. Ní bhíonn pobal mo cheantair féin ag caint leath chomh tapa agus a dhéantar i gcríoch seo an aeir Ghaelaigh. Ach glórtha lácha cairdiúla atá ag na dúchasaigh ansin mar sin féin, agus sárchumas cainte acu. Glór binn duine darb ainm Máirtín Tom Sheáinín an treoraí a fuair mé i dtosach, gach maidin ag an naoi (uair a dtugann seisean “Ardtráthnóna” uirthi - fadhb difríochta ama atá i gceist anseo). Rudaí breá réidh i dtús an chláir, ach ansin píosaí cainte ó sheanchairde agus mise ar an bhfóidín mearaí arís.

Fuaimniú binn

Ní chuirim aon spéis i gcúrsaí spóirt sa mbaile, ach is breá liom sa tír úr seo a bheith i lár na páirce gach “Spórt an tSathairn” le glór darb ainm Seán Bán. Tá mé ag tnúth go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh fuaimniú chomh binn céanna leisean agam féin. Ach, chun an fhírinne a rá, is beag mo spéis i gcúrsaí spóirt. Is suimiúla i bhfad “Nuacht a hAon” (ag an hocht an chlog, aisteach go leor, caithfidh mé dúiseacht níos luaithe ar maidin fós). Tá an tírdhreach níos leithne thall ansiúd ná mar atá páirceanna imeartha Sheáin Bháin, agus tugann na glórtha sin a gcuid cogarnaíola chomh fada leis an Afganastáin agus go dtí gach cearn den domhan. Is maith an comhluadar iad.

Níor stop mo spéis sa raidió idirlín ansin in aon chor. Lá amháin, thuirling mé sa mBreatain Bheag, áit a bhfuair mé beoshruth eile, ceann de chuid Radio Cymru. Deacrachtaí tuisceana? Cén dochar. Is álainn na guthanna atá acu. Is fada an lá ó d’éirigh mé as mo chuid iarrachtaí cairdeas mná a chuartú ar an idirlíon, ach thit mé i ngrá faoi dheireadh le glór binn Breatnach. Nia a hainm, ceapaim. Is cuma i ndáiríre, tá fuaim dheas ag a guth ar aon nós. Ach bíonn a seó sise ag a deich a chlog ar maidin, a cúig a chlog damanta domsa, agus is luaithe fós i mo dhúiseacht mé anois!

Tuigeadh dom sa deireadh gur comhluadar Laidine is fearr le scéalta an domhain mhóir a phlé, de bharr a chríonna is a bhíonn na glórtha sin. Tabhair cuairt idirlín ar an bhFionnlainn (is ea, an Fhionnlainn), faigh Radio *Finlandica agus cliceáil ar *Narratio, mar a bhfuil Laidineoirí na Fionnlainne ag tabhairt amach faoi chúrsaí reatha an domhain, agus tuairiscí ón bhFionnlainn féin ann chomh maith i Laidin. Comhad, ní beoshruth atá i gceist sa gcás seo, ach cén dochar i gcás teanga atá marbh?

Ghlac mé scannal gan Raidió na Vatacáine a bheith ag craoladh i Súlú, ach faoiseamh ab ea *Deutsche Welle *sa nGearmáin a bheith ag craoladh sa tSanscrait (diabhal bréige é sin). Uair an chloig eile éisteachta dom sa lá.

Is iontach an turas é, chuile lá agus chuile oíche, ar cheithre chearn na cruinne, don duine nach bhfuil falsa. Ar ais liom féin i gcónaí chuig tobar naofa RnaG. Tá foinse sóláis eile ann anois: tá an craoladh ag tosú ag 1.00 a.m. am Cheanada.

Uaireanta, níl mé cinnte a thuilleadh faoin turas seo ar an idirlíon, an bhfuil sé ina fhortacht nó ina aithrí, an ríomhaire ina fhásach dochuimsithe agam faoin am seo. Ar ith mé le tamall anuas? Níor ith. Tá mo bholg líonta ag an aer, agus tá mé ar tí titim i laige ag an troscadh. Seans gur mithid dom filleadh go Toronto agus go dtí mo sheomra dílis féin. Tá an chruinne cloiste agam.

Saolaíodh agus tógadh Brent Miles i dToronto, Ceanada, mar a bhfuil sé ag déanamh céime i Léann na Meánaoise. Tá sé singil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.