AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Gan trua, gan taise, gan náire
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá dallamullog á chur fós ag rialtas na hAstráile ar mhuintir na tíre maidir leis an gcogadh san Iaráic, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
An tAire Cosanta, Robert Hill
Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile, John Howard
Íomhá
Saighdiúir Astrálach san Iaráic

Tugadh léargas suimiúil ar mheon an sceimhlitheora le gairid i gCanberra. Bhí oifigigh ó sheirbhísí an rialtais á gceistiú ag coiste Seanaid. Ceistíodh go grinn iad faoin líon sibhialtach a maraíodh san Iaráic de bharr an ionraidh a rinneadh ar an tír sin beagnach dhá bhliain ó shin. Dúirt siad nach raibh aon eolas acu faoi sin agus nach raibh aon eolas acu faoi fhoinse ar bith a chuirfeadh eolas muiníneach le fáil faoi. D’admhaigh siad nár iarr an rialtas ar aon cheann de na seirbhísí eolas a bhailiú nó a lorg faoin gceist.

Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce “trédhearcach” agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.

Bhí an t-ard-sceimhlitheoir, Robert Hill, an tAire Cosanta, ar an duine deireanach a ceistíodh. Dúirt seisean an méid céanna agus nach raibh a fhios aige cén chaoi a bhféadfaí eolas muiníneach faoin ábhar a bhailiú. Cheapfá ón méid a bhí le rá aige gur fadhb dhoréitithe a bhí ann agus nach mbeadh ar chumas aon rialtais a leithéid a dhéanamh, cuma cé na hacmhainní a chaithfí léi.

Dúirt duine de na ceistneoirí ar deireadh nach raibh iarracht ar bith déanta ag an rialtas mar nár fheil sé dóibh aon eolas a bhailiú go bhféadfadh daoine a bheith míshuaimhneach leis. Agus tá an chuma ar an scéal gur aige a bhí an ceart.

Seachtain ó shin, d’fhógair an rialtas go mbeadh 450 sceimhlitheoir breise de chuid na hAstráile ag dul go dtí an Iaráic go gairid. Is méadú 50% a bheadh ansin ar na fórsaí Astrálacha atá ag freastal sa gcuid sin den domhan cheana féin. Le linn an toghcháin anuraidh agus ar ócáidí eile dúirt an Príomh-Aire, John Howard, nach mbeadh fórsaí breise á gcur anonn. Ach níl anseo ach ceann eile de bhréaga Howard, nochta os comhair an tsaoil. Bhí roinnt mhaith cainte aige féin agus sceimhlitheoirí eile an rialtais faoi na “hairm ollscriosta” a bhí san Iaráic, iad ag déanamh aithrise ar bhréaga Bush agus Blair. Níl aon cheo le cloisteáil anois faoi na hairm úd agus is léir gur bréaga ó thús deireadh a bhí sa gcaint sin.

Tá sé suntasach freisin go bhfuil chuile iarracht á déanamh le tamall anuas sa mBreatain comhairle an Ard-Aighne don rialtas ansin faoi an raibh an t-ionradh dleathach a choinneáil faoi cheilt. Meas tú cén fáth?

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.