AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Gaibhígí [Áitainm anseo]!
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Dream na calaoise ar Shráid Wall a bheith faoi léigear ag Anonymous agus a chairde a tharraing aird Bhriain Uí Bhroin.

Íomhá
Ag dul ann
le Derek Visser ar Picasaweb
Íomhá
Occupy Denver
le Jill Starr ar Picasaweb
Íomhá
Deutshce Bank, Sr. Wall
le Mike Roberts ar Vicipéid
Íomhá
Occupy WS
le Marc Rossmiller ar Picasaweb
Íomhá
Michael Bloomberg, Méara Nua-Eabhrac
le SAM

Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu. An eagraíocht Cheanadach Adbusters is cúis leo. Le fiche bliain anuas tá an eagraíocht seo, lonnaithe in Vancouver, ag obair go dícheallach in aghaidh na fógraíochta a líonann an saol thart orainn ó mhaidin go faoithin, ag úsáid na modhanna fógraíochta is nua-aoisí atá ar fáil. Ag úsáid an ghunna in aghaidh an ghunnadóra, is dócha. Ar ndóigh, tá go leor leantóirí acu ar fud an idirlín agus an domhain, agus mar sin ba mhór an t-aisfhreagra a fuair siad nuair a mhol siad i samhradh 2011 gur cheart Wall Street, croílár an Chaipitleachais, a ghabháil.

Ní haon rún d’éinne go bhfuil pobal an domhain thiar traochta faoi seo. Is beag tír atá ann nach raibh ciorruithe páighe ar oibrithe (poiblí agus príobháideacha) cheana féin, nó nár briseadh daoine as a bpoist ann. Tá daoine in Éirinn ag íoc morgáistí móra ar thithe agus árasáin nach fiú oiread is leath an airgid a íocadh orthu agus tá fearg ar dhaoine dá bhrí sin. Dar leo (agus an ceart acu) is iad na baincéirí agus a gcairde sna tionscail airgeadais agus sócmhainne is cionsiocair leis an ngéarchéim go léir. Shéid na rachmasóirí seo, a bhfuil sé mar ghnás acu dul i bhfiontar le hairgead daoine eile, bolgán sealúchais a phléasc go tubaisteach i 2008, agus a d’fhág daoine fud fad an domhain gan choigealtais, gan phoist, gan díon os a gcionn, agus gan dóchas.

An rud is measa faoin ghéarchéim go léir ná nach léir dúinn iad siúd b’údar leis. Agus an rachmas i réim, bhí na baincéirí agus lucht an rachmais in ann iad féin a chur i bhfolach taobh thiar d’ainmneacha comhlachta. Níorbh é bainisteoir bainc na Sráide Airde ba chúis leis an sirriam a bheith ag do dhoras ag athghabháil do thí, ach comhlacht anaithnid as áit eile, nó as tír eile fiú.

Sáraithe Glan Amach

Níor léir ach oiread céard a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal na polaitíochta, go háirithe agus polaiteoirí go hiomlán i bpócaí lucht an rachmais. I 2010, ainneoin brú mór agus toil shoiléir ón phobal ina aghaidh, riailigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe gur cheart ligint do chomhlachtaí móra airgead a thabhairt d’fheachtais toghchánaíochta polaitiúla. D’fhág sin, ar ndóigh, gurbh iad na polaiteoirí a ghlac an t-airgead ba mhó dá bhfeachtais a bhuaigh na toghcháin (agus atá á mbuachan go fóill).

Fágann seo go mothaíonn an pobal sáraithe glan amach. Ní fiú a bheith ag léirsiú os comhair tithe pairliminte nuair atá na polaiteoirí istigh ceannaithe go hiomlán ag dream gustail agus gnó. Dá réir sin na léirsithe seo. Ní hiad Washington ná na príomhchathracha stát na háiteanna ina bhfuil cinnidh á ndéanamh faoi thodhchaí an phobail níos mó, ach seomraí boird na gcomhlachtaí móra. Agus más mar sin é, is gá na léirsithe a eagrú in áiteanna atá lárnach do shaol an rachmais. Go cinnte, níl áit níos siombalaí do chóras airgid an domhain thiar na Wall Street, i ndeisceart oileán Manhattan i gCathair Nua-Eabhraic. Agus go deimhin, le 9% dífhostaíocht sna Stáit Aontaithe, bhí raidhse daoine ann nach raibh aon rud eile le déanamh acu ach léirsiú. Ar an 17ú Meán Fomhair, 2011, tháinig na sluaite as gach cearn chun a bhfearg a chur in iúl do cheannairí Wall Street. Ní raibh i gceist ar dtús ach lá agóidíochta i gcroílár an cheantair airgeadais, ach ag deireadh an lae ní raibh aon chosúlacht ar an scéal go raibh daoine ag dul abhaile. Go deimhin, bhí boscaí móra cairtchláir agus málaí codlata ag roinnt acu, agus faoi mheánoíche bhí gach cuma ar an scéal go raibh Woodstock beag ar siúl sna sráideanna. “Muidne an 99%” an mana a bhí acu, ag tagairt don móramh sin de phobal Mheiriceá idir iad siúd gan dídean agus an dream atá bun os cionn sa morgáiste.

Socrú Isteach

Ní fheadar an de thaisme nó d’aonghnó a rinneadar é, ach ní fhéadfadh na léirseoirí páirc níb’ fhearr a roghnú chun lonnú ann. Os rud é nár le Cathair Nua-Eabhraic Páirc Zuccotti, ach le comhlacht príobháideach, ní raibh aon cheart ag na póilíní na léirsitheoirí a bhogadh ar aghaidh. Ar ndóigh, ní raibh John Zuccotti (cathaoirleach an chomhlachta) ag iarraidh baint ná páirt a bheith aige leis an rud in aon chor, agus a fhios go maith aige go mbeadh sé nasctha leis in intinn na léirsithe dá ndéanfadh sé aon rud ina n-aghaidh.

Ar ndóigh, tá náire ar lucht an airgid agus ar cheannairí na cathrach. Is léir gur tugadh orduithe ar an leibhéal ba shinsearaí go luath i ndiaidh na léirsithe, gan cead a gcinn a ligint leo. D’éirigh gleo agóide go hidirnáisiúnta nuair a taifeadadh oifigeach sinsearach de chuid póilíní Nua-Eabhrac ag dalladh beirt bhan le canna deorgháis.

B’é an eachtra sin a chuir tús leis an bhfeachtas go hidirnáisiúnta. Arís, ba léir ón tús go raibh cinnidh déanta ag leibhéil arda gan an agóid a thuairisciú sna meáin, ach níorbh fhéidir neamhaird a dhéanamh d’eachtraí brúidiúla mar seo, go háirithe agus na milliúin ag breathnú orthu cheana féin ar Youtube. Agus na léirsithe den chéad uair ag tarraingt airde sna meáin, thosaigh daoine timpeall na Stát Aontaithe agus an domhain ag breathnú ar a raibh ar siúl i gcroílár chóras an airgeadais i Meiriceá.

Taobh istigh de chúpla seachtain, bhí léirsithe ar siúl i gcathracha eile mar Londain, Frankfurt, agus Zurich. Agus a fhios go maith ag na léirsitheoirí go bhfuil siad ag snámh in aghaidh eas cumhachta, tá siad tar éis a leathanaigh idirlín féin a chur le chéile chun a scéal a scaipeadh agus úsáid chliste a bhaint as na meáin shóisialta mar Facebook agus Twitter.

An Fuacht

Is deacair a thomhais céard a thiocfaidh as an ngluaiseacht, ámh. Ní léir go bhfuil aidhmeanna cruinne acu, ná ceannaireacht shoiléir. Gan cheannairí ainmnithe, ámh, níl éinne le gabháil ag na póilíní, agus tá an ghluaiseacht ag borradh gan chloigeann.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá sneachta ag titim ar Nua-Eabhrac agus tá póilíní na cathrach tar éis gineadóirí an champa i bPáirc Zuccotti a ghabháil, rud a chiallaíonn nach bhfuil teas ar bith acu. Neosfaidh an saol an féidir leis an ngluaiseacht maireachtaíl tríd an Geimhreadh. Idir an dá linn, tá daoine ag déanamh aithrise ar na Nua-Eabhracacha timpeall an domhain. Tugtar faoi deara go bhfuil "Occupy Galway" faoi lánseol i láthair na huaire. Cá bhfios nach mbreathnófar ar an mbliain seo, ní mar bhliain an “Earraigh Arabaigh” ach mar bhliain ghabhála na gceantar airgeadais ar fud an domhain?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.