« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #16 Harp 25 Samhain 2011, 20:32 GMT
> >>>>>Gobble!Gobble!Gobble!!>>>>>
> Rinne, cinnte....D'ith mé an iomarca! Réitigh m'iníon is sine atá agam
> béile álainn dúinn uilig. Níor ghá dom rud ar bith a chócaráil! Chuir Jen
> an turcaí san oigheann, agus chuile rud!
Go maith!Go maith!
Cogar: Coinnigh misneach leat ina throid reatha leis an tSaoi gan locht!!
tabhair freagratabhair freagra #17 April 26 Samhain 2011, 12:08 GMT
Coinneoidh..beidh mé féin ag caitheamh mo chuid vóta ar son Ron Paul nó ar son Chuck Baldwin den Chonstitutional Party. Níl mé sásta le Rhinos cosúil le Bush ná McCain ná Romney ná á léithead..

Agus go leor leor daoine eile liomsa.

Tá aithne agam ar dhaoine ar chaith á gcuid vótaí ar son Obama é féin i 2008 chun ' taithí phracticúil' faoin eite chlé a chur ar fáil dá gcosmhuintir. Mura mbionn á gceacht foghlamtha acu, deir siadsan go bhfuil siadsan sásta ceacht eile a thabhairt dóibh.

Cibé ceard a tharlós sa toghchán, beidh ar Fearn agus ar na Sóisialaigh eile san Eoraip 'bheith ina ndaoine fásta as seo amach. Ba cheart dóibh éirí as an gcur-i-gcéill.

Cé 'bheas ag teacht i gcabhair orthu?: )
tabhair freagratabhair freagra #18 Harp 26 Samhain 2011, 23:57 GMT
> Coinneoidh..beidh mé féin ag caitheamh mo chuid vóta ar son Ron Paul nó ar
> son Chuck Baldwin den Chonstitutional Party. Níl mé sásta le Rhinos cosúil
> le Bush ná McCain ná Romney ná á léithead..
> Agus go leor leor daoine eile liomsa.
> Tá aithne agam ar dhaoine ar chaith á gcuid vótaí ar son Obama é féin i
> 2008 chun ' taithí phracticúil' faoin eite chlé a chur ar fáil dá
> gcosmhuintir. Mura mbionn á gceacht foghlamtha acu, deir siadsan go
> bhfuil siadsan sásta ceacht eile a thabhairt dóibh.
> Cibé ceard a tharlós sa toghchán, beidh ar Fearn agus ar na Sóisialaigh
> eile san Eoraip 'bheith ina ndaoine fásta as seo amach. Ba cheart dóibh
> éirí as an gcur-i-gcéill.
> Cé 'bheas ag teacht i gcabhair orthu?: )

A thaisce April
Is amhlaidh atá sé nach bhfuil iarrthóir meallacach i measc na hiarrthóirí poblachtánacha a bhfuil seans ar bith aige/​aici sa bhliain 2012…in aghaidh an tsealbhóra Obama.

Cad a tharlóidh faoi cheann deireadh na bliana 2011? Níl a fhios agam. Beidh le feiceáil!
tabhair freagratabhair freagra #19 An Dubhaltach 29 Samhain 2011, 22:44 GMT
"Fear Ghiúdach gránna leisciúl é Marx"

B'fhéidir, mura miste leat, agus ós rud é go mbíonn fonn rachta fada craiceáilte ort ar Bheo, b'fhéidir go bhféadfá míniú beag a thabhairt dúinn ar an méid a dúirt tú thuas i dtaobh an "Giúdach gránna leisciúil" áirithe sin a bhfuil gráin agatsa air?

Ag tnúth go mór le d'fhreagra.
tabhair freagratabhair freagra #20 An Dubhaltach 29 Samhain 2011, 22:45 GMT
Chuig April atá an cheist sin thuas dírithe, ar eagla na míthuisceana.
tabhair freagratabhair freagra #21 April 2 Nollaig 2011, 09:57 GMT
An dteastaíonn míniú uait mar gur thug mé leisciúil ar fhear nach raibh post aige ariamh ina shaol?
Nó mar gur thug mé gránna ar an bhfear olc míshlachtmhar agus á gcuid smaointe féin freagrach as an oiread sin fulaingt agus báis na milliúin daoine?
Nó an bhfuil tú ag rá nach bhfuil sé fior gur Ghiúdach é?
tabhair freagratabhair freagra #22 An Dubhaltach 2 Nollaig 2011, 14:50 GMT
"An dteastaíonn míniú uait mar gur thug mé leisciúil ar fhear nach raibh post aige ariamh ina shaol?"

B'iriseoir é ar feadh a shaol, mar shlí bheatha.

"Nó mar gur thug mé gránna ar an bhfear olc míshlachtmhar agus á gcuid smaointe féin freagrach as an oiread sin fulaingt agus báis na milliúin daoine?"

An mbeifeá saonta a dhóthain locht a chuir ar Nietzsche as olc Hitler mar shampla?
Nó ar Smith as olc Goldman Sachs, agus lucht caipitil i gcoitinne, agus gach rialtas agus an córas baincéireachta a lean é go dtí ár linn féin?
An gcuirfeá locht ar Einstein de bharr an bhuama núicléach?
An gcuireann tú locht ar Íosa Chríost de bharr an Ionchoisne Spáinnigh ?

Déarfainn go gcuireann má leanann tú do loighic bhaoth féin.

Agus is ábhar deas fimíneachta Meiriceánach den eite dheis a chlos ag cáineadh is agus caoineadh slad is bás na milliúin!

"Nó an bhfuil tú ag rá nach bhfuil sé fior gur Ghiúdach é?"

De bhunadh Giúdach é ó thaobh creideamh de, ach ba Ghearmánach é ó thaobh náisiúntachta de, más mian leat cur síos a dhéanamh air. N'fheadar mé cén fáth go bhfuil cine nó creideamh chomh tábhachtach sin duitse.
D'iompaigh sé ina Phrotastúnach ag aois óg ar mhian a thúisítí chun freastal ar scoil, ach mar fhear fásta dhiúltaigh gach saghas creideamh.

Ar aon nós seo mé ag tabhairt ceacht duit chun ruaig a chur ar do dhearg--aineolas. Ach, leis an fhírinne a rá b'fhearr liom thú i d'óinseach mar is ábhar grinn is spraoi thú. Coinneáil ort.
tabhair freagratabhair freagra #23 April 3 Nollaig 2011, 14:12 GMT
>>>>>>>B'iriseoir é ar feadh a shaol, mar shlí bheatha.

Is ar éigin ar shaothraigh Karl Marx pingin rua as na hailt a bhí foilsithe aige, agus cuid dóibh scríofa ag Engels. Agus níor bhain sé triail as ar feadh a shaol, ach le tréimhse gearr amháin. Cuid is mó dena shaol caite aige ag maireachtáil ar airgead daoine eile, airgead Engeil ach go hairithe...... mar nach raibh sé sásta post a lorg chun aire a thabhairt do féin nó dá chlann.

>>>>>>>>An mbeifeá saonta a dhóthain locht a chuir ar Nietzsche as olc Hitler mar shampla?

Cén fáth a mbeinn? Níl aon fhiainaise ann gur léigh Hitler Neitsche ar chor ar bith.
Léigh sé scríobhnóireacht Mharx, áfach.

>>>Nó ar Smith as olc Goldman Sachs, agus lucht caipitil i gcoitinne, agus gach rialtas agus an córas >>>baincéireachta a lean é go dtí ár linn féin?
>>>An gcuirfeá locht ar Einstein de bharr an bhuama núicléach?
>>>An gcuireann tú locht ar Íosa Chríost de bharr an Ionchoisne Spáinnigh ?

>>>Déarfainn go gcuireann má leanann tú do loighic bhaoth féin.

Ní dhéarfainn. Ná bí ag cur an lochta ormsa mar nach dtuigeann tusa mo loighic nó in ann téad loighce ar bith a thuiscint.
Spreag Marx daoine chun foréigin agus chun slada agus chun daoine a mharú ina chuid scríobhnóireachta.Duine olc ar fad ab ea é agus is féidir liom a léithéid a dhúirt mé a chur ina leith go héasca. Maidir le hEngels agus Marx, tá mo thuarimí bunaithe ar a gcuid scríobhnóireachta féin.
Cé nach raibh focal scríofa ag Íosa Chríost lena linn, scríobh na haspail gur ghríosaigh Íosa Chríost daoine chun rogha a dhéanamh go pearsanta mar dhuine a bheith grámhar agus cinealta agus fláthúil. Spreag sé daoine chun síochána in aghaidh foréigin agus drochíde. Ní bhfaighidh tú leid den íde-eolaíocht Ionchoisne Spáinnigh ina chuid ráiteas féin, agus ní raibh an t-Ionchoisne bunaithe ráiteas Íosa ar bith.
Gheobhaidh tú bunús an Ionchoisne sna rialacha sa Sean-Tiomnan agus nar dhúirt Íosa Chríost go raibh sé in aghaidh na rialacha céanna? De réir na haspail , dúirt Íosa go raibh sé ann chun rialacha nua a chur ar fáil.

>>>>>>Agus is ábhar deas fimíneachta Meiriceánach den eite dheis a chlos ag cáineadh is agus caoineadh
>>>>>slad is bás na milliúin!

Ó níl mé cinnte faoi sin. Sí an eite dheis an taobh a bhfaightear corais/​rialtas dílárnaithe uirthi le cumhacht áitiúla scaipthe i measc na ndaoine go fórmhór. Saoirse iomlán ag deireadh an líne.
Sí an eite chlé an taobh den líne le corais/​rialtas lárnach cumhachtacht. An Lámh Láidir ag deireadh an líne.
Collectivism ar an eite chlé.. Cummulative Action i measc daoine ar an eite dheis.
Coras measctha i lar an líne.
Le do thoil, faigh fianaise dom go raibh uair amháin sa stair go raibh na milliúin curtha chun báis gan rialtas nó údar lárnach ciontach as.

>>>N'fheadar mé cén fáth go bhfuil cine nó creideamh chomh tábhachtach sin duitse.

Is thusa atá ar racht faoin bpíosa beag eolais seo. : )
Agus níl suim dá laghad agat i mo ráiteas faoi Wealth Distribution ...nó suim ar bith agat in aon rud eile a dúirt mé. Cén fáth?

>>>>>>Ar aon nós seo mé ag tabhairt ceacht duit chun ruaig a chur ar do dhearg--aineolas. Ach, leis an >>>>>>fhírinne a rá b'fhearr liom thú i d'óinseach mar is ábhar grinn is spraoi thú. Coinneáil ort.

Ráiteas deas fimímeachta asat thuas.

DAS Ní mar an gcéanna iad an Ghiúdachas agus an Chriostaíocht. Tá níos mó i gceist leis an bhfocal 'Giúdach" ná creideamh. Cosúil leis an bhfocal Hindúch.
tabhair freagratabhair freagra #24 Liam McGonagle 3 Nollaig 2011, 16:38 GMT
April: “Is ar éigin ar shaothraigh Karl Marx pingin rua as na hailt a bhí foilsithe aige, agus cuid dóibh scríofa ag Engels. Agus níor bhain sé triail as ar feadh a shaol, ach le tréimhse gearr amháin. Cuid is mó dena shaol caite aige ag maireachtáil ar airgead daoine eile, airgead Engeil ach go hairithe...... mar nach raibh sé sásta post a lorg chun aire a thabhairt do féin nó dá chlann.”

D’fhéadfaí a lán na rudaí sin a rá faoi Íosa féin. Is go maith gur eol dúinn gur beag an tioncar ag an bhoc sin!

Óinseachas. Brúscar. Cacamas nach fiú éisteacht leis . . . . in short, “Yawn” and “Click!”
tabhair freagratabhair freagra #25 April 4 Nollaig 2011, 10:44 GMT
Ní féidir na rudaí ar dhúirt mé faoi Mharx a rá faoin Íosa. Neamhchosúil lena chéile iad.

De réir na naspail, fear ionraic ab ea é Íosa Chríost gur dóigh liom a bhíodh sásta lá oibre cirt a chur isteach mar Siúinéir. Bheathaíodh sé daoine agus é ag caint leo. Leigheasadh sé daoine a bhíodh tinn. Bhíodh Íosa ag síor-obair, nach mbíodh!

Fear oilc leisciúil mí-ionraice ab ea é Marx nach mbíodh sásta lá oibre chirt a chur isteach agus a bhean agus a chlann féin cáite amach ar an tsráid gan dídean gan bhia.

Neamhchosúil lena chéile iad.

Ceard is féidir leat a rá faoin Íosa Chríost a bheadh fíor agus thú ag caint faoi Mharx?
Ó tuigim anois sibh! Níl sibh ag déanamh tráchta orthu mar dhaoine!
Fir iad.
Giúdaigh iad beirt.
Ní raibh siad ball den aicme atá saibhir ach an aicme chéanna eile!

Sin é an fáth go bhfuil sibh ag simpliú rudaí!! Ní aithníonn sibh an duine mar duine ar leith ach mar fear nó Giúdaigh gan indibhichas gan fhéiniúilacht.
Agus mar sin, bíonn gach [ fear, bean, Giúdach, Méiriceánach, Éirinneach, oibraí, is araile] cosúil le gach [ fear, bean, Giúdach, Méiriceánach, Éirinneach, oibraí, is araile] eile.

Brón orm. Libertarian den eite dheis mé le meas agam ar dhaoine mar dhaoine. Bhí mé féin ag déanamh tracht ar Mharx mar dhuine aonarach lena a shonraí féin aige atá mé in ann caint faoi.

An rud atá sibhse a dhéanamh an-olc.
Ach tuigim cén fáth go bhfuil sibh ag tabhairt tacaíocht den OWS. Tá daoine ag bagairt ar [cuir an grúpa anseo..Giúdaigh, aicme éigin cosúil leis 1%, daoine geala, daoine gorma. ].
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!