TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Gaelchultúr Teoranta
Darren Ó Rodaigh Darren Ó Rodaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Darren Ó Rodaigh, Gaelchultúr Teoranta, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath.

  1. Cén ról atá agat féin i nGaelchultúr agus cén fhad atá tú ina bhun?

Is mise duine de stiúrthóirí agus de bhunaitheoirí an chomhlachta. Tá baint agam leis an tionscadal anois le suas le ceithre bliana.

  1. Cathain a bunaíodh Gaelchultúr agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh an comhlacht i samhradh na bliana 2004 ach thosaigh an obair ar an tionscadal roinnt blianta roimhe sin. Casadh mé féin, Julian de Spáinn agus Éamonn Ó Dónaill, eagarthóir na hirise seo, ar a chéile ag an *Kick-Ass Céilí *in Amharclann an Tivoli ar Shráid San Proinsias i mBaile Átha Cliath oíche agus thosaíomar ag labhairt faoin n a bhí le hionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Chuamar i mbun oibre go luath ina dhiaidh sin.

  1. Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht?

Bunaíodh an comhlacht chun ionad a fhorbairt do lucht na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid. I samhradh na bliana 2004, bhaineamar úsáid as íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge d’ár gcuid imeachtaí (ceardlanna faoin nGaeilge agus faoin gcultúr Gaelach is mó a bhí á reáchtáil againn ag an am) ach fuaireamar spás níos mó i bhFoirgneamh Filmbase ar an gCuarshráid i mBarra an Teampaill ag tús na bliana seo agus ansin a bhíonn formhór ár n-imeachtaí ar siúl anois.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe i nGaelchultúr faoi láthair? Cé mhéad duine a bheas ag obair ann amach anseo?

Tá triúr ag obair go lánaimseartha don chomhlacht i láthair na huaire: riarthóir, Máire Ní Chugáin; múinteoir, Aoife Ní Chonchúir; agus stiúrthóir na gcúrsaí Gaeilge, Éamonn Ó Dónaill. Tá cúigear múinteoirí eile ag obair linn ar bhonn páirtaimseartha. Táimid dóchasach go bhfásfaidh an comhlacht de réir a chéile agus go mbeidh sé ar ár gcumas daoine breise a fhostú go lánaimseartha.

  1. Cén obair atá á déanamh ag Gaelchultúr faoi láthair, ó lá go lá?

Déanaimid ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, ag sé leibhéal éagsúla, a reáchtáil i rith na bliana ar fad. Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin. Tá ranganna á reáchtáil againn ag am lóin freisin agus cúrsaí do dhaltaí Ardteiste agus do mhic léinn tríú leibhéal.

Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh. Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn. Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.

Chomh maith le ranganna teanga, tá réimse imeachtaí á eagrú againn ar bhonn leanúnach, ina measc: club leabhar, grúpa léitheoireachta ag am lóin, ciorcal comhrá ag am lóin, ceardlanna rince ar an sean-nós, ceardlanna amhránaíochta, cúrsaí lae ar an teicneolaíocht agus an Ghaeilge agus club scannán.

Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an gcomhlacht? An leor iad?

deontas á fháil againn ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair ach táimid dóchasach go dtiocfaidh an t-am nuair a bheidh an comhlacht in ann ioncam maith a ghiniúint. Bíonn an chéad chúpla bliain an-deacair i gcás gach comhlachta, gan amhras, agus ní haon eisceacht é Gaelchultúr. Táimid sásta go leor leis an méid airgid atá faighte againn ón bhForas go dtí seo.

Táimid go mór faoi chomaoin ag Deirdre Davitt i bhForas na Gaeilge. Thug sí éisteacht mhaith dúinn ón gcéad lá, bhí sí i gcónaí an-tógtha leis na smaointe a bhí againn agus thug sin an-mhisneach dúinn. Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.

  1. Cén fhad a thógfaidh sé na spriocanna atá leagtha síos agaibh a bhaint amach?

Tá roinnt mhaith spriocanna bainte amach againn cheana féin ach tá go leor le déanamh san am atá romhainn. Measaimid go mbeidh sé suas le trí bliana sula mbeidh bonn ceart curtha faoin obair atá tosaithe againn, ach táimid thar a bheith sásta leis an méid atá bainte amach againn go dtí seo.

  1. Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le Gaelchultúr faoi láthair?

Láidreachtaí:

taithí fhairsing ag na stiúrthóirí. Tá foireann dhíograiseach againn a chreideann sa choincheap. Táimid lonnaithe i lár na cathrach, i lár an aonaigh. Tá táirge á thairiscint againn a bhfuil ráchairt air.

Laigí:

Tá spás réasúnta beag againn – is cinnte go mbeidh tuilleadh spáis ag teastáil sa todhchaí de réir mar a fhásfaidh an comhlacht. Tá a fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuilimid ann ach níl a fhios ach ag céatadán áirithe den phobal i gcoitinne fúinn.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Gaelchultúr faoi cheann cúig bliana.

Ba mhaith linn:

Go mbeadh a fhios ag pobal Bhaile Átha Cliath, idir Bhéarlóirí agus chainteoirí Gaeilge, go bhfuilimid ann agus go mbeidís sásta freastal ar ár gcuid ranganna agus imeachtaí ar bhonn rialta. Go mbeimis tar éis dul i bhfeidhm ar fhostaithe na gcomhlachtaí Stáit agus go mbeadh cultúr an dátheangachais i réim sna comhlachtaí ar chuireamar oiliúint ar fáil dóibh. Go mbeadh ranganna á dtairiscint againn ar an idirlíon agus foghlaimeoirí as gach cearn den domhan ag freastal orthu. Ba mhaith linn go mbeadh deis ag ár gcuid foghlaimeoirí cáilíocht (ar nós Theastas Eorpach na Gaeilge Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad) a bhaint amach.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Ba mhaith liom go mbeadh rogha ag daoine in Éirinn an Ghaeilge a úsáid i ngach gné dá saol - san obair, ag imirt spóirt, ag siopadóireacht, ag ceannach deochanna sa teach tábhairne, ag ceannach tí, ag plé leis an Stát. Ba mhaith liom go mbeadh daoine muiníneach go leor leis an nGaeilge a labhairt in aon suíomh ina bhfuil siad.

Gaelchultúr Teoranta,Leibhéal 2, Foirgneamh Filmbase,An Chuarshráid, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2.

Fón: (01) 6753658Ríomhphost: eolas@gaelchultur.comSuíomh gréasáin: www.gaelchultur.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.