TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Gaeilgeoir ilteangach na Fionlainne
Panu Petteri Höglund Panu Petteri Höglund

cónaí ar Panu Petteri Höglund in iardheisceart na Fionlainne agus ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa chéad chuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann cur síos, i measc rudaí eile, ar a chúlra, an chaoi ar spreagadh a shuim sa Ghaeilge agus an tslí ar fhoghlaim an teanga.

Íomhá
An port, Cathair Turku
Íomhá
I mbun siopadóireachta i gCathair Turku
Íomhá
An Ardeaglais i gCathair Turku
  1. bhfuil cónaí ort agus cén obair a dhéanann ? as ó dhúchas?

cónaí orm i dTurku - Åbo as Sualainnis, is cathair dhátheangach í - in iardheisceart na Fionlainne. ag obair mar aistritheoir Gearmáinise do chomhlacht beag aistriúcháin agus dúchasaithe - is é is brí ledúchasú bogearraí ríomhaireachta a chur in oiriúint do do thír féin. Bhain amach céim sa léann Gearmánach in Ollscoil Sualainnise na Fionlainne, Åbo Akademi, atá lonnaithe sa chathair seo, ach siúd is go bhfuil Sualainnis ó dhúchas ag m’athair, arb as an chósta , níor tharraing mise an teanga sin orm ach ar scoil.

Chaith blianta m’óige in Varkaus, cathair bheag atá ag brath ar thionscal an pháipéir, is é sin, ar thorthaí na foraoise, ar nós na Fionlainne go léir. I lár tíre atá an áit, rud a fháganns gur Fionlainnis amháin atá i mbéal na ndaoine ansin. Díol iontais é gur chuir suim i gcúrsaí dátheangachais, gur timpeallacht iontach aonteangach a bhí in Varkaus.

Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi. an chathair scoilte ina dhá chuid ag an abhainn udaí Aurajoki, agus bíonn iontach deas spaisteoireacht a dhéanamh cois na haibhne sa tsamhradh.

i mbun tráchtais dochtúireachta fosta, go bhfuil an obair laethúil ag cur isteach ar an chaitheamh aimsire sin. Is é an scríbhneoir Gearmánach Horst Bienek atá mar ábhar taighde agam. Rugadh in aice le teorainn na Gearmáine agus na Polainne é roimh an Darna Cogadh Domhanda, agus an theanga á labhairt sa bhaile aige. Mar sin, is cuid an-tábhachtach é an dátheangachas ina chuid scríbhinní, go háithrid sa tsraith úrscéalta atá faoi chaibidil agam i mo thráchtas. suim agam sa dátheangachas, agus líofacht agam sa Ghearmáinis agus sa Pholainnis, rud a chiallaíonns nach rachadh agam choíche ábhar níos fearr taighde a fháil Horst Bienek.

Is , b’fhéidir, béim a chur ar rud amháin: níl gaol ar bith agam le hÉirinn. Fionlannaigh amach is amach atá i mo mhuintir.

  1. huair a chuir suim sa Ghaeilge ar dtús agus cad é a spreag suim sa teanga ionat?

Fuair an chéad spreagadh agus ag léamh altanna le Constantine FitzGibbon fán troid ar son shaoirse na hÉireann in iris a raibh síntiús ag m’athair críonna léi. Iris staire don ghnáthléitheoir a bhí ann. San am sin, cha raibh ach deich mbliana d’aois, a bheag a mhór. Ba iad tuistí mo mháthara a thóg , agus ós rud é go raibh mise i mo ghamhain seanbhó comh maith le mo mháthair, bhí an-eolas ag an tseanlánúin ar stair na Fionlainne - ghlac siad féin páirt inti.

Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin. Nuair a léigh dtaobh d’athbheochan na Gaeilge, mar sin, ba léir domh ó thús gur cúis uasal a bhí ann a mb’fhiú dúthracht do shaoil a chaitheamh léi. i ndiaidh an iomláin, bhí an-chosúil leis an chúis a bhí á cur chun cinn ag mo mhuintir féin agus iad ina múinteoirí óga thiar sna fichidí agus sna tríochaidí.

Nuair a bhí cupla bliain le cois deich mbliana d’aois, i dtús na n-ochtóidí, thaispeáin Teilifís na Fionlainne clár faisnéise le Mirja Metsola, craoltóir mná atá, sílim, pósta ar Ghaeilgeoir ó Éirinn. “Kahdesti syntynyt kieliAn Teanga a Saolaíodh Dhá Uairba teideal don scannán. Ba chuimhneach liom gach giobóg eolais a bhain as altanna FitzGibbon, agus fuair peirspictíocht bhreise ar an scéal ansin. Chuaigh cruachás na Gaeilge agus na hiarrachtaí comhaimseartha chun í a athbheochan in Éirinn go mór i bhfeidhm orm. Mhothaigh gur achainí a bhí i gceist agus í dírithe ormsa go pearsanta, agus an traidisiún agus an tógáil a fuair ó mo mhuintir.

Mhair tnúthán seo na Gaeilge ionam go ceann deich mbliana eile, gan mórán a dhéanamh faoi. Cheannaigh cupla téacsleabhar - Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail thar aon cheann eile - agus chaithinn corrshúil orthu ó am go ham, ach dheachaigh leis an Ghaeilgeoireacht dháiríre ach sna nóchaidí.

  1. Cad é an dóigh ar fhoghlaim an Ghaeilge? Ar fhreastail ar ranganna? hiad na daoine a chuidigh leat agus i mbun fhoghlaim na teanga?

raibh de chuidiú agam ar tús ach na leabhartha, na hirisí agus na caiséid. Fuair cupla leide i dtaobh lón léitheoireachta ó Mhícheál Briody, a bhí ina léachtóir Gaeilge i Helsinki thiar sna hochtóidí, ach bhí iontach mall ag teacht i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile. Ba é an ríomhaire agus an t-idirlíon a thóg an fhad sin . Sin é an fáth gurb í an Ghaeilge, seachas an Béarla, an teanga is a shamhlaím leis na ríomhairí. Is maith le Gearóid Denvir an scéal udaí a tharraingt air féin faoin dóigh ar dúradh leis fadónach bhfuil aon Ghaeilge ag an ríomhaire”. Bhuel, gcuirfeá ceist ormsa, déarfainn gurb í an Ghaeilge atá ag an ríomhaire thar aon teanga eile.

Níor fhreastail ar aon rang Gaeilge roimh mo chéad turas go hÉirinn sa bhliain 1998, nuair a rinne cúrsa Gaeilge ar an Cheathrú Rua.

  1. Cad iad na deacrachtaí is a bhí agat agus ag foghlaim na Gaeilge?

Ba iad na claochluithe tosaigh agus an chopail na deacrachtaí is a bhí agam agus ag foghlaim na Gaeilge. Tháinig siad ainchleachta orm ar fad. Bhí rud eile ann a fuair an-fhurasta, áfach: an dóigh a ndeirtear agamsa Ghaeilge le tagairt a dhéanamh don úinéireacht, gan aon bhriathar ar leith a chiallódhto have”. an cleas céanna á úsáid i mo theanga dhúchais féin, an Fhionlainnis. Níl aon bhriathar simplí ansin ach an oiread leto havea aistriú. “ agam- sin é an dóigh a dtagraíonn an Fhionlainnis don úinéireacht comh maith, minulla on": “minulla” = agam, “on” = .

  1. Cén dóigh is fearr, dar leatsa, le teanga a fhoghlaim?

As na leabhartha is a d’fhoghlaim mise mo chuid teangacha, ach sílim nach í an dóigh is fearr, i ndiaidh an iomláin. cuid mhór de na leabhartha Gaeilge scríofa i dteanga atá curtha as a riocht ar fad ag teanga dúchais an scríbhneora, an Béarla. féin den tuairim nach mba chóir don fhoghlaimeoir bacadh leis an chineál sin leabhartha ach i ndiaidh dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta - na clasaicigh, ar nós shaothar mhuintir Ghrianna, Mháirtín Chadhain, Pheig agus an dream sin uilig - agus thairis sin, caithfidh roinnt mhaith díolamaí béaloideasa a léamh. Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga teilgean cainte a thuigeanns , siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a a scríobh as a stuaim féin. is anseo atá teorainn a chuid Gaeilge, teorainn a chumais Ghaeilge, agus ba chóir iarracht a dhéanamh teorainneacha a chuid Gaeilge a shíneadh amach.

*Foilseofear an dara cuid den agallamh seo in eagrán mhí Mheán Fómhair de *Beo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.