CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Fuadach
Áine Ní Ghlinn Áine Ní Ghlinn

Seo sliocht as úrscéal nua le hÁine Ní Ghlinn a fhoilseofar go luath. Is scéal bleachtaireachta é faoi fhuadach páiste. Sa sliocht seo, tá gach duine réidh le haghaidh chuairt an Uachtaráin ar an scoil. Tá siad ag súil le lá mór – ach tarlaíonn eachtra a bhaineann preab uafásach as gach duine.

Íomhá

Bhreathnaigh go leor daoine ar a n-uaireadóirí. Ní raibh sé ach sé nóiméad tar éis a naoi. Bhí sí luath. D’fhéach Bean Uí Cheallaigh thart. Bhí gach duine ina líne cheart. Bhreathnaigh Cathal ar an mBleachtaire Ó Broin. Bhí cuma an-neirbhíseach air siúd. É ag breathnú ar a uaireadóir. É ag breathnú ansin ar an Sáirsint Ó Néill. Chuir an Bleachtaire Ó Broin an fón póca óna lámh chlé go dtína lámh dheas agus d’imigh a lámh dheas isteach faoina sheaicéad.

Thug Cathal sonc do Liam. “Caithfidh go bhfuil gunna aige,” ar seisean. Le gleo an héileacaptair ní raibh Liam in ann é a chloisint, áfach.

Lean Cathal air ag breathnú ar an mbleachtaire. Ba léir go raibh sé buartha faoi rud éigin. An-bhuartha. Bhí a lámh fós faoin seaicéad aige agus é anois ag béicíl isteach sa bhfón póca. Ba léir, áfach, nach raibh an té a bhí ar an taobh eile den líne in ann é a chloisint. Chuir sé an fón isteach ina phóca agus thosaigh ar a bhealach a dhéanamh timpeall ar an slua. Threoraigh sé an Sáirsint sa treo eile.

Díreach ag an bpointe sin thuirling an héileacaptar. Bhí an ghaoth is an gleo ó na liáin dochreidte. Osclaíodh an doras agus léim beirt fhear amach. Meaisínghunnaí crochta. Tháinig beirt eile ina ndiaidh. Ceathrar fear cosanta. Bhí an ceart ag an máistir. Bhí níos mó ná beirt ann.

Ní fhaca na páistí a leithéid cheana seachas sna scannáin agus níor rith sé leo go raibh aon rud bunoscionn. Thóg sé cúpla nóiméad orthu na *balaclavas *a thabhairt faoi deara. Bhí an Bleachtaire Ó Broin díreach in aice le Niamh agus Aoife faoin am seo. Chuala Aoife é ag béicíl.

“Coinnigh an príomhoide agus an cailín sin siar.” Bhí sé ródhéanach, áfach. Bhí an príomhoide agus Conchita i ngreim ag na fir chosanta cheana féin, gunnaí dírithe orthu ag beirt. An bheirt eile agus a meaisínghunnaí dírithe acu ar an slua. Ar na páistí go léir. Bhí inneall an héileacaptair níos ciúine. Nó b’fhéidir nach raibh ann ach go raibh meigeafón ina lámh ag an té a thosaigh ag caint.

“Lámha san aer ag gach uile dhuine. Gardaí agus bleachtairí amach anseo chun tosaigh. Ná bíodh aon duine ag smaoineamh ar ghunna a tharraingt. Má dhéanann gheobhaidh an bheirt seo urchair sa chloigeann. Gan trácht ar an sléacht a d’fhéadfamis a dhéanamh anseo sa chlós.”

Diaidh ar ndiaidh rinne na gardaí a mbealach tríd an slua. Bhí an Bleachtaire Ó Broin ar a ghogaide in aice le Niamh agus é fós ag labhairt isteach san fhón póca.

“Gach uile gharda. Gach uile bhleachtaire,” arsa fear an mheigeafóin. “Tá a fhios againn cé mhéad agaibh atá anseo. Tá a fhios againn go bhfuil fón póca ag gach duine agaibh. Anois tá deich soicind agaibh. Mura mbíonn gach uile gharda anseo, a lámha san aer aige agus fón póca i gceann de na lámha sin gheobhaidh an cailín seo sa chloigeann é.”

Chroith an Bleachtaire Ó Broin a cheann, sheas sé suas agus lean a chomhghleacaithe.

“Anois rachaidh duine againn thart chun gunnaí agus fóin phóca a bhailiú ó mhúinteoirí agus ó ghardaí. Má fhanann gach duine socair beidh sibh go breá. Nílimid ag iarraidh aon duine a ghortú.”

Faoin am seo bhí cuid de na páistí ag caoineadh le heagla. Bhí an chuid eile chomh reoite is chomh sceimhlithe sin leis an eagla nach bhféadfaidís deoir a shileadh. Thiocfadh sé sin ar ball.

Fad is a bhí na fóin is na gunnaí á mbailiú ag duine de na sceimhlitheoirí bhí comhrá eile ar siúl thuas in aice an héileacaptar. Bhí an Máistir Ó hEadhra - a lámha fós san aer aige - i mbun cainte le duine de na sceimhlitheoirí. Ní raibh na páistí in ann rud ar bith a chloisint ach ba léir go raibh argóint nó idirbheartaíocht éigin ar siúl. An t-aon rud a chonaic siadsan ná an sceimhlitheoir a raibh Conchita i ngreim aige ag tabhairt cic don mháistir agus á leagan go talamh.

Bhí comhrá éigin ansin aige le mo dhuine a raibh a ghunna dírithe aige ar Bhean Uí Cheallaigh. Leis sin rinne seisean Bean Uí Cheallaigh a bhrú siar i dtreo na múinteoirí eile. Thug sé cic garbh eile don mháistir agus dhírigh sé an gunna ar a chloigeann. Shíl gach duine go raibh sé chun é a mharú. Lig páiste éigin béic as. Thosaigh Bean Uí Cheallaigh ag screadaíl.

Leis sin thug an sceimhlitheoir cic eile fós don mháistir. Pé rud a dúirt sé leis ansin, sheas an máistir suas. Rug mo dhuine go garbh air agus bhrúigh sé isteach sa héileacaptar é. Lean sé féin é. Ansin na sceimhlitheoirí eile. Duine ar dhuine. Na gunnaí fós dírithe ar an slua páistí. Conchita i ngreim ag an duine deireanach. Eisean ar dtús. Ise ar deireadh. A haghaidh i dtreo an tslua agus í ina sciath chosanta aige siúd. Sceon agus uafás le feiceáil ina súile dorcha. An gleo uafásach sin arís ansin. Na liáin. Go tobann bhí siad imithe. Agus an gleo ag imeacht trasna na spéire bhí na gardaí gnóthach cheana féin.

“An bhfuil fón póca ag aon duine de na daltaí? An bhfuil fón ina phóca ag aon duine?”

Ní raibh cead ag aon duine fón a bheith ina phóca aige. Bhí siad go léir istigh sa scoil.

“Ní bhfuair siad mo cheannsa,” arsa an Máistir Mac Nioclás. “D’fhág mé i seomra na múinteoirí é ar maidin.”

“Téanam ort!” arsa an Bleachtaire Ó Broin, “agus faigh é. Déan deifir.”

Agus an fón á fháil ag an máistir rinne beirt gharda agus na múinteoirí eile na páistí go léir a thabhairt isteach sa halla. Bhí cuid acu ag béicíl, cuid acu ag caoineadh go ciúin agus cuid acu fós mar a bheadh róbónna. Gan focal ná deoir astu.

“Suígí síos ar an urlár,” arsa Bean Uí Cheallaigh. Bhí creathán ina glór agus í ag caint.

“Tosóimid ag cur fios ar thuismitheoirí anois ach go dtí sin déanaigí iarracht cuidiú lena chéile chomh maith agus is féidir.”

Shuigh deartháireacha is deirfiúracha móra síos leis na páistí beaga, a lámha thart timpeall orthu. Thosaigh na múinteoirí ag dul thart ag iarraidh sólás a thabhairt dóibh siúd ba mheasa. Ach bhí cuid de na múinteoirí chomh trína chéile is chomh scanraithe is a bhí na páistí. Shuigh an cúigear cara síos lena chéile. Bhí Niamh agus Cathal ag caoineadh. Bhí Liam agus Conall ciúin. Ba í Aoife ba mheasa. Creathán uirthi. Ó bhaithis go bonn. Chuir Liam a lámh timpeall uirthi. D’imigh Conall síos chuig seomra na gcótaí agus fuair sé cóta di. Leag sé ar a guaillí é ach fós ní fhéadfadh sí stopadh.

“Céard a dhéanfaidh siad léi?” a dúirt sí arís is arís eile. “Cad a tharlóidh? B’fhéidir go maróidh siad í.” Shuigh Iníon Ní Riain síos in aice léi.

“Ní haon mhaith do dhuine ar bith a bheith ag smaoineamh mar sin. Airgead a bheidh uathu, airgead fuascailte, agus seans maith go scaoilfear saor ansin í.”

“Ach mura n-íocann a tuismitheoirí an t-airgead fuascailte? Mura ligeann na gardaí dóibh é a íoc? Nó má iarrann na fuadaitheoirí níos mó ná mar atá acu?”

Bhí na páistí ag smaoineamh ar scéalta a bhí cloiste acu cheana. Méar sa phost. Corp caite ar thaobh an bhóthair. Ba léir go raibh na smaointe céanna ag rith trí intinn Iníon Uí Riain.

“Caithfimid a bheith láidir,” ar sise. “Táim cinnte dearfa go scaoilfear saor í agus go mbeidh sí ar ais inár measc taobh istigh de chúpla lá.” Scéal eile a bhí le léamh ina súile, áfach.

Diaidh ar ndiaidh bhí an halla ag éirí ciúin. Tuismitheoirí ag teacht is a gcuid páistí á mbailiú acu. Na gardaí taobh amuigh ag lorg aon bhlúirí fianaise a bhí fágtha ina ndiaidh ag na fuadaitheoirí. Bhí ceamaraí teilifíse, iriseoirí agus grianghrafadóirí ag an ngeata, iad ag iarraidh labhairt le duine ar bith a bhí sásta labhairt leo.

Ní ligfeadh na gardaí dóibh agallamh a chur ar aon pháiste, áfach. Bhí beirt ag an ngeata arbh é an príomhdhualgas a bhí orthu ná a chinntiú nár cuireadh isteach ar thuismitheoirí ná ar pháistí. Tháinig máthair Aoife thart ar a deich. Fós bhí Aoife ar crith. Tae le cúpla spúnóg siúcra, a mhol duine de na gardaí. “Agus mura dtagann feabhas uirthi cuir fios ar an dochtúir.” Faoina leathuair tar éis a deich ní raibh ach tuairim is tríocha dalta fágtha sa halla – daoine a raibh a dtuismitheoirí amuigh ag obair.

“Tá eochair agam féin,” arsa Liam. “Ligim mé féin isteach sa teach gach lá tar éis na scoile.” Tar éis imeachtaí na maidine, áfach, ní ligfeadh Bean Uí Cheallaigh aon duine abhaile go dtí gur tháinig tuismitheoir nó feighlí faoina gcoinne. Ar deireadh ní raibh fágtha ach Liam agus Cathal. Iad féin, Bean Uí Cheallaigh agus a beirt pháistí siúd.

Beirt chailíní a bhí aici, duine acu – cailín beag cúig bliana d’aois – fós ag caoineadh go ciúin agus í ina suí ar ghlúin a máthar. An cailín eile, í dhá bhliain ní ba shine ná a deirfiúr agus í ag iarraidh a bheith chomh cróga agus a bhí ar a cumas. D’fhan sí ina seasamh ina aice le Bean Uí Cheallaigh, gan gíog ná míog aisti, lámh a máthar thart timpeall uirthi.

“Céard faoin Mháistir Ó hEadhra?” arsa Liam. “Cén chaoi ar tharla sé gur thug na fuadaitheoirí eisean leo ag an deireadh?”

“Bhí sé chomh cróga sin,” arsa Bean Uí Cheallaigh. “Ar dtús thosaigh sé ag impí orthu Conchita agus mé féin a scaoileadh saor. Ansin thairg sé é féin in áit Chonchita. Agus nuair nach nglacfaidís leis sin thairg sé é féin dóibh i m’ionadsa.”

“I d’ionadsa? Cén fáth?” Bhí Bean Uí Cheallaigh ag caoineadh faoin am seo. Na deora ag rith síos a leicne. “Beidh mé buíoch de go deo.” D’fhéach sí ar a beirt iníonacha agus d’fháisc chuici iad.

“Dúirt sé leo go raibh páistí agamsa agus nach raibh aige siúd. Bhí sé chomh cróga sin. Fíorchróga.”

“Cén fáth nár thóg siad an triúr agaibh?”

“Níl a fhios agam,” arsa Bean Uí Cheallaigh. “Is dócha nach raibh aon spéis acu ann siúd ná ionamsa. Sílim gurb í Conchita bhocht a bhí uathu.”

Fuadach le hÁine Ní Ghlinn Cois Life, 2005 Praghas: €8 Le ceannach ó: www.coislife.ie

*Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá sí ag caitheamh go leor ama faoi láthair ag obair ar leabhair do pháistí agus ar chnuasach nua filíochta. Oibríonn sí freisin mar scríbhneoir cónaithe le roinnt gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar scéim a bhunaigh sí féin agus atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge. Anois is arís déanann sí scripteanna a scríobh don sobal “Ros na Rún” ar TG4. *

Gluais • Glossary

sliochtexcerpt

úrscéalnovel

scéal bleachtaireachtadetective story

fuadach páistethe kidnapping of a child

eachtraincident

a bhaineann preab uafásach as gach duinewhich deeply shocks everyone

bleachtairedetective

ag breathnúlooking

soncnudge

gleonoise

buarthaworried

ag béicíl isteachyelling into

timpeall ar an sluaaround the crowd

Threoraigh sé an Sáirsint sa treo eile.He directed the Sergeant in the other direction.

thuirling an héileacaptarthe helicopter landed

liáinblades of propeller

crochtahanging

níor rith sé leoit didn’t occur to them

bunoscionnwrong

ródhéanachtoo late

dírithe orthupointed at them

inneallengine

urchairbullets

gan trácht ar an sléachtnot to mention the slaughter

sa chlósin the yard

ar a ghogaideon his hunkers

lean a chomhghleacaithehe followed his colleagues

socairstill

reoitefrozen

sceimhlitheterrified

nach bhféadfaidís deoir a shileadhthat they couldn’t shed a tear

ar balllater

á mbailiúbeing gathered

sceimhlitheoiríterrorists

idirbheartaíochtnegotiations

á leagan go talamhknocking him to the ground

ag screadaílscreaming

sciath chosantaprotective shield

sceonterror

uafáshorror

Téanam ort!Come along!

róbónnarobots

creathántremble

sólássolace

Ó bhaithis go bonn.From head to foot.

airgead fuascailteransom

go scaoilfear saor ansin íthat she will be freed then

fuadaitheoiríkidnappers

cinnte dearfaabsolutely sure

á mbailiú acubeing collected by them

aon bhlúirí fianaiseany pieces of evidence

grianghrafadóiríphotographers

príomhdhualgasmain duty

cuir fios ar an dochtúircall the doctor

tuairim isaround

imeachtaíevents

feighlícarer

chomh cróga agus a bhí ar a cumasas brave as she could

gan gíog ná míog aistiwithout a peep out of her

ag impí orthubegging them

thairg sé é féinhe offered himself

i m’ionadsain my place

a leicneher cheeks

d’fháisc chuici iadshe pulled them closely to herself

crógabrave

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.