CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Foursquare
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tugann Roseanne Smith aird san alt seo ar chleasaíocht úr eile ár linne atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar chomhlachtaí an-ghar duit féin, i ngan fhios duit b’fhéidir.

Íomhá
Meirge Foursquare
Íomhá
Bileog an Marsh Cafe
Íomhá
Comharthaíocht

Chuala mé faoi Foursquare ar dtús ó chara liom ar Twitter. Is Meiriceánach í a dhéanann an-chuid taistil ina cuid oibre le comhlacht mór idirnáisiúnta teicneolaíochtanach méanar di!

Thug mé faoi deara giolc áthais uaithi lá amháin ag rá go raibh Foursquare tagtha go Baile Átha Cliath. Ba leor a háthas chun m’fhiosracht a mhúscailt agus thug mé cuairt ar an suíomh ag glacadh síntiús in aisce is ag cur tús le mo rannpháirtíocht i gcluiche idirnáisiúnta. Bhí taithí ag mo chara ar an tseirbhís seo toisc go mbíonn sí ag taisteal agus i ngeall ar chairde a bheith aici ar fud na cruinne atá ag úsáid na seirbhíse seo ina gcathracha féin.

Is líonra sóisialta atá ann go bunúsach. Scríobhtar teachtaireachtaí gairide mar théacs nó ó fheidhmchlár iPhone, Android, nó is féidir suíomh soghluaiste Foursquare a úsáid ar aon ghuthán le brabhsálaí air (m.sh. BlackberryNokia.) Níl mórán idir na teachtaireachtaí seo agus stádas a thabhairt aníos cothrom le dáta ar Twitter, nó ar Facebook, le difríocht tábhachtach amháin: láithreacht an úsáideora. Tá an líonra seo locbhunaithe agus is é bunús an líonra ná nodanna a fhágáil faoi áit, bíodh an áit sin poiblí nó priobháideach. Is féidir le Foursquare láithreacht an úsáideora a aithint tríd an gcóras suite domhanda ar an bhfón, ball a bhfuil sé nó sí. Tairgíonn sé ionaid sa chóngar, nó is féidir áit nua a chur leis an mbunachar.

Fiúntas?

Cén fáth go mbacfá leis? Tá dhá shiocair mhaithe leis. Faightear pointí gach uair a dhéantar “check-in” agus faightear suaitheantais éagsúla fá choinne éachtanna ar leith (trí ionaid in aon oíche amháin, don chéad “check-in”, srl.) An dara fáth ná faigheann tú eolas faoi áiteanna gar duit ó do líonra féin (daoine a bhfuil aithne agat orthub agus muinín agat astub) agus uaireanta déanann na gnólachtaí sa timpeall in aice leat tairiscintí speisialta d’úsáideoirí Fourquare. Is féidir líonra a chothú ag úsáid líonraí seasta cosúil le TwitterFacebookteagmhálacha Gmail is do chairde ansin atá ar Foursquare a tharraingt isteach i do líonra gan stró. Is féidir le do chuid teachtaireachtaí *Foursquare *a roinnt ar na líonraí sin gan stró.

Mar seo é, bhí mé amuigh fá choinne dinnéir tamall ó shin i mbialann i mBaile Átha Cliath. Bialann ardnósach a bhí ann agus bhí an bia is an tseirbhís den chéad scoth ann. Thug mé cuairt ar an leithreas, áfach, agus bhí deistín orm fáil amach ar an gcead dul síos nach raibh ach doras amháin idir an leithreas agus an chuid eile den bialann, rud atá mídleathach i mbialann phoiblí in Éirinn, mar is eol dom. Ach mar a tharla, ba chuid de club príobháideach a bhí sa bhialann seo (agus sin scéal eile nach bhfuil ach baint bheag aige le teicneolaíocht!) agus b’fhéidir mar sin, nach mbainfeadh na rialacha céanna leis. Ach an rud a chur casadh aigne amach is amach orm ná go raibh an clár cáise fágtha díreach taobh amuigh den leithreas céanna. Múisc! Sin an nod a d’fhág mé ar Foursquare faoin mbialann sin: ná triail an clár cáise! Sin an saghas eolais a bheadh uaimse faoi bhialann. Mar gheall ar Foursquare, tá neart nodanna agam i mo phóca ó mo chairde faoi na háiteanna is fearr fá choinne radhairc, itheadh le páistí, tairiscintí speisialta, pionta, caife agus ar ndóigh na háiteanna nó na seirbhísí gur chóir dom a sheachaint!

Gradam a Bhaint Amach

Luaigh mé go mbíonn gach úsáideoir in ann suaitheantas ar leith a bhuachaint agus ceann díobh is ea ‘Méaracht’. Má thugann tú cuairt níos mó ná aon duine eile taobh istigh de dhá mhí ar an áit chéanna, déanfar Méara asat. Is Méara mé den chaife is gaire do m’oifig, fágaim. Bíonn iomaíocht idir imreoirí méaracht a fháil ar áiteanna ar leith ar ndóigh. Faoi láthair, níl ann ach iomaíocht ar son stádais ar leith, ach tharla rud domsa le déanaí a d’oscail mo shúile i leith feidhm ghnó Foursquare. Bhí mé in Ukiyo, bialann seapáineach i lár na cathrach agus tharraing mé amach Foursquare chun nod a fhágáil i leith a “Nojito”, leagan de dheoch ghlan de Mojito a bhí an-bhlasta go deo. Nuair a bhí an obair bheag seo ar siúl agam, mhol Foursquare dom cuairt a thabhairt ar theach tabhairne sa chomharsain, áit a bhfaigheadh an méara is cara, leis nó léi, deoch saor in aisce!

bealach le gabháil ag gnólachtaí Éireannacha i leith na féidearachtaí a thairgíonn an t-idirlíon dóibh, na líonraí sóisialta go háirithe, ach mholfainn d’aon chomhlacht súil a choinneáil ar leithéid Foursquare, RateMyArea.com, WhoseView.com, nó ar Loudervoice.com, nó ar aon suíomh eile a ligean d’úsáideoirí ábhar a scríobh faoina seirbhísí nó faoina gcuid tairgí. Glac leis na léirmheasanna mar aiseolas custaiméara agus tabhair faoin aiseolas (.i. faigh áit éigin eile fá choinne an cháis!). Más féidir, tabharfar duaisín ar son moltaí nó dílseacht cosúil leis an teach tábhairne sin i mBaile Átha Cliath.

Ar Son na Duaise

Fáiltíonn Foursquare roimh mholtaí i leith suatheantais fá choinne cathracha ar leith.

Mhol mé dóibh mar sin, suaitheantas go bhfaighfeadh úsáideoirí ‘Fáinne’ nuair a fhreastalaíonn siad ar áiteanna ina bhfuil Gaeilge infheicthe (m.sh. Tesco, Waterstones srl.) deich n-uaire nó níos mó, nó nuair a fhreastalaíonn siad ar áiteanna inar féidir Gaeilge a úsáid níos mó ná trí uaire (m.sh. Club an Chonartha, siopaí nó gnólachtaí inar féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, comhlachtaí stáit cosúil le hOifig na bPasanna srl.). Cuirfidh an suaitheantas seo i gcuimhne do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid nó, ar a laghad, tarraingeoidh sé a n-aird ar an rud go bhfuil Gaeilge le feiceáil sa timpeall. Mar a tharlaíonn sé, sin é misean Foursquare: daoine a ghríosadh chun aithne a chur ar a gceantar agus ar a dtimpeallacht, rud a luíonn go dílis le misean gluaiseacht na Gaeilge. ---------------------Naisc:Faoin bhFáinne http://www.irishtimes.com/newspaper/anteangabheo/2009/0128/1224240095208.htmlhttp://www.intercelt.ie/index.php?page=clippings&id=4684&viewby=datehttp://www.udar.ie/category/AnFinne,b.htmlhttp://www.gaelport.com/fainneFoursquare http://www.foursquare.com/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.