CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Éist le Giolcadh na nÉan
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

an ghiolcaireacht á moladh go láidir anseo ag Roseanne Smith. Gheofar gach eolas, beag agus mór, leis an ngiolcaireacht. Is féidir idir uachtar reoite agus i-fón a fháil de bharr do chuid giolcaireachta.

Íomhá
tea_robot
Íomhá
Giolchairithe
Íomhá
Enormous

Bhí sionnach cathrach taobh amuigh d’fhuinneog oifig Shane. Bhí Abigail idir dhá chomhairle faoi chupán tae eile a bheith aici. D’inis Frank dom faoi fhís ina ndearna Set & Tom plé ar an mblagadóireacht. Chuala go raibh comórtas ar siúl ar leathanach Facebook Puddleducks ar son mála scoile nua.

Sin agaibh ceithre phíosa eolais a bhailigh ó Twitter inné, cuid de gur cuma ann as é, ach cuid eile de gur cuidiú mór agam é. Éireannaigh iad ar fad a bhí ag roinnt eolais de gach sort in 140 carachtar níos . roinnt den eolas go hiomlán indiúscartha, ach roinnt an-úsáideach. Bhain mise eolas as an bhfís faoi bhlagadóireacht chun blagmhír a scríobh. Gach seans go mbeadh spiairí ag Irish Wildlife Trust in ann teacht ar eolas Shane faoin sionnach. Agus creid é chreid, bot’ cruthaithe ar Twitter, Tea_robot, a bhailíonn gach giolc faoin deoch tae agus cinnte de go mbíonn lucht spiaireachta ag na comhlachtaí tae ag faire is ag saibhseáil a leithéide.

Munargiolchairí thú (an focal a chum ocht mhí dhéag ó shin doTweeter’, duine a bhíonn ag úsáid Twitter, giolcadh’, agus aggiolcaireacht’) gach seans go mbeidh ag leat féin gur chur amú ama scannalach atá anseo. Ach fíuntas ann, fiú leis nabots’. Is sampla craiceáilte an Tea_robot. Ach breathnaigh suas www.twitter.com/giolchairithe. Seo bot a chruthaigh mise a bhailíonn giolc ar bith a luann gael, gaeilge, gaeil, irish language, agus mar sin. Is bealach é chun Giolchairithe, lucht giolctha más maith leat, Tweeters le Gaeilge, le speis sa Ghaeilge, a tharraingt le chéile i bpobal mór domhanda. forbróir greasáin . Bhain úsáid as oscailteacht Twitter chun an uirlis seo a chruthú.

Tionchar ar an bPobal

Is dócha gur chuala faoi Twitter faoin am seo. B’fhéidir gur léigh faoina thábhacht i bhfeachtas Obama i dtoghchán Iran, i bplean margaíochta Oprah.

B’fhéidir gur chuala faoi ghiolc Lance Armstrong a tharraing míle go leith go Páirc an Fhionnuisce chun turas rothair a dhéanamh leis. a cheapfadh go bhfuil a oiread sin den lucht rothair ag éisteacht le giolcadh sa tír, gan chaint ar Bhaile Átha Cliath! (http://www.rte.ie/sport/cycling/2009/0825/armstrongl.html)

De réir Irishblogs.ie, a bhailíonn eolas faoi nósanna blagadóireachta agus faoi mhicreabhlagadóireachta mhuintir na hÉireann, 7,939 Éireannach imithe le Twitter. Admhaíonn Irishblogs nach bhfuil a modh taighde foirfe, rud a bhaineann leis an mbealach a bhailíonn, nach mbailíonn, Twitter féin an t-eolas. Ach úsáideann said an modh céanna i gcónaí agus, mar sin, is féidir brath ar na treochtaí a léiríonn siad. na treochtaí sin ag gabháil in airde go suntasach faoi láthair.

An Líonra

an-chuid comhlachtaí, fir agus mná gnó ag baint úsáid as Twitter. comhlachtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí earraí tomhaltais, comhlachtaí earcaíochta, siopaí speisialtóireachta arlíne, lucht eolas fíona, eolaithe teicneolaíochta, ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí Gaeilge (!!!) ag plé is ag roinnt is ag líonrú ar Twitter chuile .

seirbhísí nuachta ann, roinntear táirgí speisialta, nodanna oibre, teicneolaíochta, garraíodóireachta, cócaireachta agus taistil ann. Is féidir rudaí spéisiúla a roinnt le do leantóirí ann le brú cnaipe ar na mílte suíomh greasáin. Sea, tugtar leantóirí orthu siúd a ghlacann síntiús le do shruth giolcanna. Mar sin, ar mullach na mbuntáistí eile ar fad, braitheann cosúil le dia beag a bhfuil creideamh domhanda aige!

Go pearsanta is go proifisiúnta, fiúntas sóisialta agus gnó bainte agam as Twitter. cairde déanta agam agus baill earcaithe don IIA, agus uaireanta is ionann an rud! (http://www.iia.ie/) eolas scaipthe agus bailithe agam. cabhair agus tacaíocht faighte agus, súil agam, tugtha agam. nasc láidir cruthaithe agam le pobal, náisiúnta is idirnáisiúnta araon. Fuair iPhone ar iompú na boise, gan mhoill laghad, agus uachtar reoite faighte in aisce agam bharr. an-taitneamh bainte agam as Twitter. Abair’dé mar?” le @enormous an chéad uair eile a bheas ann féin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.