CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Dramhaíl dhainséarach
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Déanann seantrealamh leictreonach go leor dochair don chomhshaol, ach anois tá an tAontas Eorpach ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá

Is beag lá nach bhfógraítear sladmhargadh i saol na ríomhairí - agus go minic bíonn na praghsanna chomh híseal sin go mbíonn sé deacair gan aird a thabhairt ar na tairiscintí mealltacha. Ach má cheannaíonn tú ríomhaire nua snasta, tá fadhb á cruthú agat duit féin: Cad a dhéanfaidh tú leis an ríomhaire atá agat cheana féin ar do dheasc? Tá cuid mhaith ríomhairí as dáta ag bailiú dusta i dtithe in Éirinn, agus tá an teicneolaíocht ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin gur beag eagraíocht charthanachta atá sásta glacadh le ríomhairí atá níos mó ná cúpla bliain d’aois. Ní fhágann sé sin de rogha ag daoine ach na ríomhairí úd a chaitheamh amach.

Faraor, tá ríomhairí lán d’ábhar nimhiúil agus tá an tAontas Eorpach anois ag iarraidh srian a chur leis na fadhbanna comhshaoil a chruthaíonn seantrealamh leictreonach. Faoi láthair, tá an tAontas ag iarraidh polasaí a chruthú chun déileáil le “Waste Electrical and Electronic Equipment” (WEEE), mar a thugtar air go hoifigiúil - catagóir a chlúdaíonn trealamh ríomhaireachta agus gléasanna baile eile ar nós cuisneoirí. Tá sé an-deacair dramhaíl leictreonach a athchúrsáil toisc go bhfuil a lán ábhair agus comhpháirteanna i gceist.

Tuairiscítear gur cruthaíodh thart ar 6 mhilliún tonna de WEEE san Aontas Eorpach i 1998 - agus cuirtear os cionn 90% den dramhaíl sin i láithreáin dramhaíola áit gur féidir dearmad a dhéanamh fúithi ar feadh tamaill. Is miotal é 60% den dramhaíl sin, agus plaisteach atá sa 20% eile. Tá ábhair dhainséaracha ar nós luaidhe agus mearcair in a lán ríomhairí agus má fhágtar an saghas sin trealaimh i láithreáin dramhaíola cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil.

Comhairle

D’eisigh Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath comhairle le déanaí ag moladh do dhaoine sa choláiste gan ríomhairí a chaitheamh amach leis an ngnáthdhramhaíl. Ní ar chúiseanna comhshaoil amháin a bhí sé sin á mholadh, ach chun a chinntiú go bhfaightear réidh i gceart le gach eolas a bhíonn ar na ríomhairí. Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.

Deirtear gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís chun an t-eolas a ghlanadh uathu agus moltar scian a úsáid chun dlúthdhioscaí a scríobadh agus “úsáid gan údarás” a sheachaint.

Chun a chinntiú go dtugann déantúsóirí todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh san áireamh, tá sé á mholadh ag an Aontas Eorpach go mbeadh orthu féin íoc as athchúrsáil an trealaimh nuair atá deireadh tagtha lena shaolré. Ach tá freagracht ar an tomhaltóir freisin - níor chóir dúinn a bheith meallta ag gach fógra a fheiceann muid agus trealamh saor nach maireann ach seal gairid a cheannach. D’fhéadfadh costais eile a bheith faoi cheilt a bhuailfidh níos mó ná ár bpócaí amach anseo.

Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna agus tá sé ag obair le hAgtel mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach. Tá litreoir Gaeilge, “GaelSpell”, foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.