CÚRSAÍ SPÓIRT
Draíocht Chorn an Domhain
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain ó bunaíodh an comórtas i 1930.

Íomhá
An Fhrainc i gcoinne na Brasaíle i gCorn an Domhain, 1 Iúil 2006
Íomhá
Pelé le linn Chorn an Domahain 1970
Íomhá
Cuireadh Wayne Rooney, imreoir Shasana, den pháirc sa chluiche i gcoinne na Portaingéile mar gheall ar an bhfeall seo
Íomhá
Salvatore Schillaci

Corn an Domhain faoi lán seoil agus na focail seo á scríobh agam. Corn sacair an Domhain atá i gceist agam, dar ndóigh. mór é sin a shoiléiriú dóibh siúd a cheapann go bhfuil saol eile ann lasmuigh de chúrsaí sacair. Is fíor go bhfuil corn domhanda sa rugbaí, galf, baseball, liathróid

láimhe, marcaíocht chapaill, haca agus araile, ach, dáiríre, níl ann ach Corn Domhanda amháin, mar a déarfá. Sin a shílfeá ar aon nós de bharr an hype ar fad a bhaineann leis roimh agus go mórmhór nuair atá an comórtas ar bun. Sin é an fáth, agus gan fhios agam hiad na seaimpíní (mo bharúil féin go mbeidh an leis an Airgintín), nach bhféadfainn an ócáid a ligean tharam gan tagairt a dhéanamh di.

fhaca gach cluiche baol air ach is cinnte gur thaitin liom blaiseadh a fháil ón gcupán chomh minic agus ab fhéidir agus leathuair uair a chaitheamh ag féachaint ar chluiche. Bíonn cuid de na cluichí chomh leadránach le péint ag triomú, ach é sin ráite bíonn cuid de na cluichí ar fheabhas ar fad agus iad lán imreoirí atá an-chumasach agus an-sciliúil. Bíonn teannas agus drámaíocht ag baint le cuid de na cluichí freisin. Mar sin bíonn an rud ar fad an-taitneamhach tríd is tríd.

Spreagann Corn sacair an Domhain mórán cainte, argóna, olagóin, anailíse, troda, ólacháin, áthais, díomá agus mar sin de. Spreagann smaointe agus tuairimí éagsúla i ndaoine. Seo a leanas cuid de na smaointe a spreag Corn 2006 ionam féin.

  1. An comórtas is fearr is cuimhin liom féin 1970. Chuaigh foireann na Brasaíle i bhfeidhm orm féin, agus ar leath an domhain, déarfainn, lena stíl, a scil, a himreoirí sárchumasacha, a cuid cúl agus a bua iontach. Is cuimhin liom fós cuid d’ainmneacha na n-imreoiríTostao, Rivelino, Carlos Alberto, Jairzinho, Gerson, Pelé. dhá chluiche ón gcomórtas sin a mhaireann i mo

chuimhne, is é sin an Bhrasaíl in aghaidh Shasana, seaimpíní 1966, agus an cluiche ceannais idir an Bhrasaíl agus an Iodáil. Is cuimhin liom go raibh na saineolaithe san am á go raibh cosaint an-leochaileach ag foireann sin na Brasaíle ach go raibh na tosaithe an-mhaith. Sílim féin go raibh meon speisialta ag an bhfoireann sin ina leith féin; an cur chuige a bhí acu dul ar an ionsaí mar bhealach cosanta agus níos cúl a fháil an freasúra. Is dóigh liom gur chreid an fhoireann úd go scórálfaidís níos cúl an freasúra cuma mhéad cúl a scaoilfidís féin isteach (agus raibh mórán díobh sin ann le fírinne).

  1. An t-imreoir ab fhearr ag Corn an Domhain? Pelé, Maradona, Cruyff, Beckenbauer? Bíodh a rogha féin ag chuile dhuine, ach is é mo rogha-sa Diego Maradona. Scóráil Maradona 34 cúl i 91 cluiche idirnáisiúnta ag imirt don Airgintín agus murach é bheadh an Airgintín ina gcuraí ar an domhan i 1986. Deir a lán gurb é Maradona a bhuaigh Corn an Domhan ina aonar, rud nach bhfuil ráite mar gheall ar aon imreoir eile. fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar an chúl a scóráil i gcoinne Shasana toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad ar an teilifís. Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc. cúpla bliain ó shin. Bhí go deas bhrí sin Diego a fheiceáil ar an teilifís agus é sa lucht féachana ag tabhairt tacaíochta thír ag Corn an Domhain sa Ghearmáin.

  2. Sasana: Ár gcomharsana béal dorais, nach dtugaimid tacaíocht dóibhcéard is féidir a fúthu? bhímid macánta faoi, mór dúinn a admháil go mbíonn gliondar orainn nuair a chailleann na Sasanaigh cluiche peile. thuigim daoine a deir nach dtuigeann siad meon an ghnáth-Éireannaigh i leith fhoireann Shasana is cuma sacar, rugbaí, cruicéad agus araile a bheith i gceist. Is í an sean-namhaid agus sin a bhfuil ann. chomh simplí sin. Mar dhaoine aonair,

na Sasanaigh go breá, cuid mhaith díobh ar aon nós. Is breá linn a gcláracha teilifíse, a gclubanna sacair, a ngrúpaí ceoil, a dteanga, ach teastaíonn uainn go gcaillfidís na cluichí idirnáisiúnta! Ach muide amháin a bhfuil an dearcadh sin acu. ach labhairt le muintir na hAlban agus na Breataine Bige. an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí. Nádúr daonna atá ann agus níl dochar ar bith ann fad is nach bhfuil ach cúrsaí spóirt i gceist. B’fhéidir faoi dheireadh an chomórtais go mbeidh Sasana ina seaimpíní arís agus bhíonn beidh arshaineolaitheáirithe darb ainm Johnny, Eamon agus Liam a gcuid tuairimí a shlogadh.

  1. Maidir le stair Chorn an Domhain, bunaíodh an comórtas de dheasca iarrachtaí grúpa Francach faoi cheannaireacht Jules Rimet agus tionóladh an chéad fhéile i 1930 nuair a bhuaigh Uragua an corn. Ó 1930 i leith fás agus forbairt tagtha ar an bhféile, a tionóladh huaire déag go dtí seo, le briseadh amháin le linn an Dara Cogadh Domhanda. Suntasach go leor, níor bhuaigh ach seacht dtír Corn an Domhain go dtí seo agus, lasmuigh den ghrúpa sin, is beag tír a tháinig gar don tríú háit a ghnóthú fiú amháin. Seo a leanas mórshonraí an chomórtais roimh 2006:

An Bhrasaíl: buaiteoirí i 1958, 1962, 1970, 1994, 2002; neasóirí i 1950 agus 1998; an tríú háit i 1938 agus 1978

An Iodáil: buaiteoirí i 1934, 1938 agus 1982; neasóirí i 1970 agus 1994; an 3ú háit i 1990

An Ghearmáin: buaiteoirí i 1954, 1974 agus 1990; neasóirí i 1966, 1982, 1986, 2002; an 3ú háit i 1934 agus 1970

Uragua: buaiteoirí i 1930 agus 1950

An Airgintín: buaiteoirí i 1978 agus 1986; neasóirí i 1930 agus 1990

Sasana: buaiteoirí i 1966

An Fhrainc: buaiteoirí i 1998

le tabhairt faoi deara go bhfuil grúpa beag tíortha (an Bhrasaíl, an Iodáil, an Ghearmáin agus an Airgintín) go mór chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan. Níl an scaipeadh ó thaobh buaiteoirí, neasóirí agus an 3ú háit chomh forleathan is a cheapfá i gcás comórtais leithéid. Baineann na tíortha is fearr le dhá mhór-roinn, is é sin Meiriceá Theas agus an Eoraip, in ainneoin go n-imrítear an sacar ar fud an domhain go léir.

Cén fáth go bhfuil amhlaidh? Is deacair a . cosúlacht láidir ar an scéal gur cluiche na mbochtán é an sacar i mórán tíortha ar nós na Brasaíle agus na hAirgintíne agus gur dóigh gur de bharr daonra chomh mór a bheith ag na tíortha sin agus nach bhfuil ach aon spórt amháin mar rogha ag formhór an daonra go n-éiríonn chomh maith sin leo. Chomh maith leis sin, gach seans go bhfuil ocras de thoradh na bochtaineachta ina spreagadh mór. bheadh sin chomh fíor céanna san Eoraip ach go traidisiúnta baineann an sacar níos leis an aicme oibre le haicme na ngairmeacha den chuid is mór. Is gar le reiligiún ann féin an sacar sna tíortha is láidre, Óipiam na ndaoinemar a thug Marx ar an reiligiún fadó.

  1. Poblacht na hÉireann: go raibh Poblacht na hÉireann i Meiriceá i 1994 agus sa tSeapáin in 2002, is an chuimhne a bheadh ag daoine ar Italia 90 ar an ábhar gurbh é an chéad uair

d’fhoireann na Poblachta bheith ag Corn an Domhain. na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is acu greannmhar agus áiféiseach.

dhéanfar dearmad go ceann i bhfad ar shábháil Packie Bonner, ar chúil David O’Leary agus Niall Quinn, ar chúl Salvatore Schillaci na hIodáile.

Is cuimhin féin go maith ar an áit a rabhas ag féachaint ar an gcluiche sin nuair a scóráil Schillaci an cúl úd ar son na hIodáile a chuir an Phoblacht s’againne amach as Corn an Domhain. I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís. Bhí fear áitiúil amháin a bhlais an iomarca den phórtar agus a thit ina chodladh roimh dheireadh na hoíche, a chloigeann leagtha ar an gcuntar aige. Nuair a dúisíodh é agus an comhluadar ag fágáil an le dul abhaile, d’oscail a shúile, d’ardaigh a chloigeann agus lig béic ard, thruamhéalach as: “Go dtachta an diabhal Schillaci!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.